Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gaedhilgeóiridhe ar tí dul thar lear

Title
Gaedhilgeóiridhe ar tí dul thar lear
Author(s)
Ua Duinnín, Pádraig,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


GAEDHILGEÓIRIDHE AR TÍ DUL TAR LEAR.



I gcathrachaibh & i mór-shráidibh na hÉireann, agus go
mór-mhór i mBaile Átha Cliath, tá mórán daoine go
bhfuil árd-fhonn ortha Ghaedhilg d'fhoghluim dá mbéadh
caoi aca air. Tá fonn ar a lán daoine 'sna háiteach-
aibh seo Gaedhealg bhríoghmhar bheo-abaidh d'fhoghluim —
Gaedhealg fé mar ghluaiseann sí 'n-a caoin-shrothaibh
ar bhéalaibh na ndaoine lér dual & dúthchas í a labhairt.
Ní bhéadh na daoine seo ar a labhram sásta leis an
Ghaedhilg atá le fagháil as na leabhraibh; ba mhaith leó
gan amhras í léigheadh is í scríobhadh; acht is é atá uatha
'ná í labhairt mar is cóir. Fairíor géar! ní'l sé sin
i n-a gcumas. Ní'l aon dul aca ar í fhoghluim. Ní'l
aon Ghaedhilgeóir — duine labhrann Gaedhealg do réir
dúthchais — ní'l aon Ghaedhilgeóir le fagháil a bheadh ag
comhrádh leó i nGaedhilg. Ní bhuaileann duine de'n
tsaghas sain iompa ó cheann ceann na bliadhna. Is
beag an iongnadh go dtuitfeadh a leithéididhe seo de
dhaoinibh i mío-dhóchais, & go séanfaidís Gaedhealg ar
fad. “Cad é an mhaitheas dúinn-ne,” a deirid,
“leabhar nó dhó de leabhraibh an Athar Uí Ghramhna nó
des' na Ceachtaibh Beaga Gaedhilge d'fhoghluim? — nó
leabhar filidheachta éigin do léigheadh, nuair ná fuil sé
i n-ár gcumas Gaedhilg a labhairt, ná an fhuaim cheart
a chur leis na foclaibh, ná í mhúineadh i gceart d'ár
bpáistidhibh. Dar ndóigh ní linn féin i n-aon-chor
teanga ná fuil againn acht as na leabhraibh. Is fearr
dúinn & is fusa dhúinn an Fhranncais d'fhoghluim, & is
mó bheidh againn mar luach saothair. Is fearr d'ár
bpáistidhibh, leis, an Fhranncais a bheith aca, mar is
uirthi atá glaodhach i mBaile Átha Cliath is i gCorcaigh
is i Lúndain is i n-áiteachaibh nach iad.” Sin mar a
labhraid, & ní hiongnadh liom go leigid an Ghaedhealg
i bhfallaighe. Cad tá ag Connradh na Gaedhilge 'gá
dhéanamh do dhaoinibh do'n tsaghas sain. Tá craobhacha
de'n Chonnradh annso & annsúd i mBaile Átha Cliath &
i gcathrachaibh eile & tá scoileanna 'ga múineadh aca
gach oidhche 'san tseachtmhain, & cibé thiocfaidh chum na
scoileanna seo beidh fáilte roimhe, agus cuirfear
leabhairín éigin simplidhe 'n-a dhorn & múinfear ceacht
dó, & tuilleadh fós, má tá lúth 'n-a chosaibh, seinnfear
port dó, agus — bíodh sé ag rinnceadh. Chomh luath is
d'fhágann sé an seomra sain, ní'l glór ar aon taobh
de acht Béarla. Má leigeann sé an Ghaedhealg i
bhfaillighe, ní mór an iongnadh liom é. Is fíor go
bhfuil áit annso is annsúd, ar nós Staid na nGaedh-
ilgeóiridhe, i n-a labhartar Gaedhealg go flúirseach
gach oidhche, acht is fánach a bhuaileann áit do'n tsaghas
sain umainn i mBaile Átha Cliath, & ní'l caoi ar bith
ag urmhór ár nGaedhilgeóiridhe ar “cheart”-fhuaim na
teangan do chloisint. Bheadh treó i bhfad níos fearr
ar an Ghaedhealg i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, is i
n-áiteachaibh dá leithéid dá mbeadh fíor-Ghaedhilgeóir
éigin i gcomh-thigheas le gach duine atá ag iarraidh
Gaedhilge d'fhoghluim, nó i n-aon-obair leis, nó 'n-a
ghoire ar chuma éigin i dtreó go bhféadfadh sé labhairt
leis anois is arís. Bheadh a mhalairt de scéal le
innsint againn dá mbeadh seirbhíseach labharfadh
Gaedhealg i n-a dtigh ag lucht foghlumtha na Gaedhilge
is dá mbeadh buime ó's n-a tíorthaibh fíor-Ghaedhealacha
i bhfeidhil a leanbh, nó dá mbeadh Gaedhilgeóir nó dó
i measg gach buidhne oibre nó ins gach mór-shiopa 'san
gcathair, nó dá mbeadh fiú aon-pháiste amháin as an
gcéad ins na scoileannaibh dár dhúthchas Gaedhealg do
labhairt.



Ar an dtaobh eile, cad tá le feicsint againn gach
lá a thagann? Tá gach traen d'fhágainn Tráighlí nó
Eochaill nó Pórtláirge nó Gaillimh nó Doire ag
breith léi cailínidhe óga agus buachaillidhe óga calma
córacha go bhfuil a dteanga dúthchais go blasda milis
maordha ag scéithe 'n-a srothaibh as a mbéalaibh. Siúd
chum siubhail iad, ag glanadh leó féin amach as a ndúth-
aigh, planndaidhe óga do threibh Néill, do threibh
Dhomhnaill, do threibh Shúilleabháin, do threibh Laogh-
aire, gasraidhe óig-fhear dtréan gcumasach, agus
scataidhe óg-bhan ndathamhla gcailce, ó Bhaile an
Fheirt-théirigh, ó'n tSráid-bhaile, ó Bhaile Bhoirne, ó
Fhanad, ó Ghormna, o Árainn, tuile de Ghaedhilg bríogh-
mhair i n-a mbéal, & dólás i n-a gcroidhe ag fágaint a
dtalamh dúthchais dóibh. Is deimhin go gcuirfeadh sé
scrupul ort féachaint ortha & iad múchta i ndeóraibh
ag fághaint slán ag a n-athraibh & ag a máthraibh, is ag
gol go héigneach le haghaidh gluaiseachta 'na traenach.
Mo thruagh iad! an t-aos-óg mío-ádhmharach so ag
tabhairt a n-aighthe ar dhúthchaidhibh iasachta, gan mórán
eólais ar chúrsaidhibh an tsaoghail seo aca, & go minic
leis gan éinne a bhaineann leó 'n-a bhfochair, 'ná 'n-a
gcúram. Ó'n lá fhágaid baile chum dul go hAmeiricá
nó go Sasana nó go hAfrica, is beag an úsáid a
dhéanaidh do'n teangain Gaedhilge atá go blasta
bríoghmhar aca. Scaipid ó chéile. Téidheann cuid aca
go Chicago, cuid aca go Lúndain, cuid aca go
Natal. Ní beidh feasta 'n-a dtimcheall acht Béar-
leóiridhe, ní labharfaid feasta acht saghas éigin
Béarla. Uair nó dó 'san mbliadhain, b'fhéidir, chífid
páipéar nuadhachta i n-a mbeidh trácht thar aith-bheódhadh
na Gaedhilge, nó aireóchaid óráideóir dian dúthracht-
ach éigin ag labhairt i mBéarla ar áilneacht is ar
mhaise na Gaedhilge. Acht, mo chráidhteacht is mo
chúmha ná tráchtfainn! ní Gaedhilgeóiridhe anois iad.
An lá fhágadar talamh na hÉireann ba Ghaedhealach
bhí gach duine aca, ó'n gcroidhe amach — & an croidhe
féin! croidhe Gaedhealach do b'eadh é. Acht ó'n lá úd
chiúinigh an Ghaedhealg 'n-a dteangain, do líonadh suas
a gcroidhe is a n-aigneadh le smuaintidhibh Gallda fagh-


L. 802


áilte as an mBéarla, tá siad múchta i mBéarla is gan
leigheas a gceasna aca, tá siad deighilte idir chorp is
anam ó'n dtír i n-ar tógadh iad, agus sinn-ne, mo
bhrón guirt, go leath-lámhach 'ná n-eaghmais!



Cad é mar shaghas daoine sin! Ní thuigimíd an
cheist atá againn le réidhteach! Táimíd ag gabháil
do'n Ghaedhilg ar ár gcroidhe-dhichill i mBaile Átha
Cliath is i n-áiteachaibh nach é 'ghá foghluim as leabhraibh,
'ghá léigheadh, 'ghá sgríobhadh, 'ghá clódh-bhualadh, agus
anois agus arís ag leigean ár scís dínn le pas rinnce.
Bíonn píobaidhe is ceól go leór againn, agus bíonn
sé 'san pháipéar go ndubhairt Máire Ní Cheallaigh nó
Tomás Ua Néill amhrán in their best style. Adeirim-
se libh anocht gan sgáth má leanam do'n tslighe seo,
ná raghaidh an Ghaedhealg mórán ar aghaidh i mBaile
Átha Cliath ná i n-áiteachaibh mar é, dá mbeidhmís ag
obair go Lá an Luain. Is maith an rud ceól, is maith
an rud Gaedhilg do scríobhadh agus do léigheadh, is
álainn an rud rinnce, cuireann sé brothall ar dhuine
lá fuair Geimhridh; acht caithfear cleas éigin eile a
cheapadh má's mian linn greim a thabhairt ar an
Ghaedhilg do mhuinntir Bhaile Átha Cliath is do mhuinn-
tir Chorcaighe, is dá leithéididhe. Caithfear iad a
chur i dtreó a labhartha, caithfear daoine a thabhairt
isteach go Baile Átha Cliath is go Corcaigh is go Béal-
Feirsde, go bhfuil Gaedhealg i gceart aca, agus slighe
mhaireachtant' d'fhagháil dóibh 'sna cathrachaibh seo d'fhonn
go bhfanfaidís ionnta i gcomhnuidhe. Caithfear fíor-
Ghaedhilgeóiridhe do sholáthar chum bheith i measg
scoláiridhe na scoile. Caithfear a leithéididhe d'fhagháil
dos na siopaidhibh. Caithfear iad do bhualadh i measc
lucht oibre. Caithfear seirbhisigh do sholáthar do'n
dream aga bhfuil meas ar an Ghaedhilg. Caithfear
buimeacha do soláthar do pháisdibh óga. Is maith an rud
cóib dos na “Ceachta Beaga,” nó do leabhraibh Uí
Ghramhna do chur i láimh leinbh, acht is míle fearr lámh
bhuime Fhíor-Ghaedhealaighe do bhreith ar a láimhín agus
fíor-fhuaim na Gaedhilge do bheith 'na srothánaibh
timcheall a chluas.



Acht, ar sibh-se, tá cainnt agat, tá an cainnt go
bog saoráideach agat; acht innis dúinn cá bhfuil na
Gaedhilgeóiridhe seo go léir le fagháil nó cionnos is
féidir an oiread sain díobh do sholáthar? Ná dubhairt
cheana libh go rabhadar gach lá ag fágaint na tíre, &
ag imteacht ar fán uainn? Cad atá ag Connradh na
Gaedhilge 'gá dhéanamh agus ag na craobhachaibh go léir?
Cad é an chúis ná tugaid iarracht ar chuid éigin dos
na deoraidhthibh do thabhairt go Baile Átha Cliath nó go
Corcaighe nó go Béal-Feirsde? Tá a fhios agam go maith
go mb'fhearr dóibh fanamhaint 'sa bhaile 'ná teacht go Baile
Átha Cliath; acht b'fhearr dóibh, agus b'fhearr dúinn-ne,
seacht n-uaire iad a theacht go Baile Átha Cliath, ná iad
a dhul go Chicágo nó go Boston. Tá coistidhe againn
'san gConnradh chum aire do thabhairt do gach nídh eile.
Tá Coiste Gnótha agus Coiste Foghluma, agus Coisde
Airgid agus Coisde Timthiridheachta, agus Coistidhe
nach iad, acht ní airighim aon trácht ar Choiste chum
slighe bheathadh d'fhagháil do Ghaedhilgeóiribh ós na
críochaibh fíor-Ghaedhealacha d'fhonn iad do tharraing
chum na gcathrach.



Tá a lán do chraobhachaibh de Chonnradh na Gaedhilge
i mBaile-Átha-Cliath, agus ní miste a rádh go bhfuil
gach craobh aca ag obair go dícheallach ar son na
teangan. Bíonn siad ag múineadh agus ag síor-
mhúineadh na Gaedhilge ó'n tseachtmhain go chéile. Ní
hannamh a bhíonn cuirmeacha ceóil agus cruinnighthe aca,
agus is mór an obair atá déanta aca cheana féin 'n-
ár measc. 'Na dhiaidh sin is uile is dóigh liom go
mbeadh toradh a gcuid saothair i bhfad níos mó dá
mbeadh níos mó Gaedhilgeóiridh i mBaile-Átha-Cliath ná
mar tá anois, agus dá réir sin is dóigh liom gur
mhaith an rud é dá tógfadh craobhacha na cathrach so
agus craobhacha eile dá leithéididhe, dá dtógfaidís
comhairle le chéile agus Coiste do chur ar bun a
thabharfadh iarracht ar bhreis Gaedhilgeóiridhe do tharraing
chum na cathrach seo agus chum cathrach eile na
hÉireann. Tá a lán do sheirbhíseachaibh ó'n
dtuaith i mBaile-Átha-Cliath, agus níor dheacair
a lán dá leithéididhe d'fhagháil ó'n dtuaith fhíor-
Ghaedhealaigh — ná fuil siad ag teitheadh leó féin thar
lear gach lá bheireann ortha? Níor dheacair máighis-
tridhe scoile do sholáthar ó'n dtuaith gcéadna mar do
sholáthair an tAthair Anderson dá scoileannaibh i
Sráid St. Seagháin; níor dheacair páistidhe bheadh 'na
nGaedhilgeóiridhibh do sholáthar agus beirt nó triúr nó
ceathrar aca do bheith ag dul ar gach scoil 'san gcathair
d'fhonn go mbeadh dul ar fhíor-fhuaim na Gaedhilge ag
páistidhibh na scoile. Níor dheacair lucht gnótha
d'fhagháil dos na siopaidhibh go mbeadh blas na teangan
'na cheart aca, agus do dhéanfadh gnó na siopaidhe chomh
maith nó níos fearr 'ná na Béarlóiridhe. Dá mbeadh
Coiste láidir dúthrachtach curtha le chéile i mBaile-
Átha-Cliath agus i gCorcaigh, agus i mBéalfeirste,
agus i n-áiteachaibh eile dá saghas, i n-a mbeadh daoine
ó gach craobh mór-dtimcheall — glaodhaidh Coiste
Ceanntair air nó cibé ainm is maith libh — dá mbeadh a
leithéid sin do Choiste ar bun againn i mBaile-Átha-
Cliath chum féachaint i ndiaidh na nGaedhilgeóiridhe atá
anois ar tí dul thar lear, níl amhras go bhféadfadh
sé a lán díobh a choiméad 'sa bhaile againn, agus chuir-
feadh an nídh sin féin meas ar an Ghaedhilg 'sna tuathaibh
fíor-Ghaedhealacha. Dá bhfeicfeadh lucht na Gaedhilge
go dtógfaidhe a gclann chum gnótha is oibre 'sna cath-
rachaibh agus go mbeadh dul aca fanamhaint i nÉirinn
mar gheall ar a gcuid Gaedhilge níor ghábhadh d'aon
timthiridhibh bheith ar an mbóthar, mar bhéadh Gaedhealg
dá labhairt agus dá síor-labhairt mar a bhfuil sí 'na
beathadh fós. Táim cinnte nach féidir cosc a chur le
meath na Gaedhilge, agus go mbéidh sí ag dul i laighead
i gcomhnuidhe go gcuirfear suim éigin i slighe bheathadh
na ndaoine labhrann í do réir dúthchais, go gcuirfear
cosc éigin le deoraidheacht a n-aos n-óg, agus go
dtaisbeánfar dóibh go soiléir nach aon toirmeasc dóibh
Gaedhealg do bheith aca féin agus ag a gclann; agus
i n-ionad í bheith mar thoirmeasc, gur b'amhlaidh a
raghaidh sí chum deise agus chum maitheasa dhóibh, agus
gur fusa do Ghaedhilgeóir slighe bheathadh d'fhagháil 'ná
do Bhéarlóir. Caithfidh a lán d'aos óg Chiarraidhe is Chor-
caighe agus Dún-na-nGall agus Árann a mbaile féin


L. 803


d'fhágaint agus dul go hAmericá nó go háit éigin eile.
Ní'l leigheas aca air. Ní chothóchadh an baile iad go
léir. Fiafraidh dá n-aithreachaibh is dá máithreachaibh
cad é an chúis ná labhraid Gaedhealg le n-a bpáis-
tidhibh, & is é an freagra thabharaid ort 'ná “Mhaise,
go bhfóiridh Dia ort, a dhuine gan chéill! nach gearr
anois go mbeidh na páistidhe seo ag bailiughadh leo
féin anonn go hAmericá, & ní thógfadh éinne isteach
'n-a seirbhísigh aid muna mbeadh Béarla aca. Is
amhlaidh atá an Ghaedhealg sain dá lot ar fad.
Is amhlaidh a dhéanfaidh sí díoghbháil dóibh thall i
nAmericá.” Agus, dá ndéarfá leó “Nár mhaith an rud
í mhúineadh dhóibh ar scoil ar aon tslighe?” is amhlaidh
d'fhéachfadh siad ort le hiongnadh, & d'fhreagraidís:
“Mhaise, mo dhoic, is ná bac do scoil. Is beag an
maitheas atá le fagháil as an scoil do'm pháistidhibh-se.
Seo chughainn iad gach tráthnóná ó'n scoil sin, agus is
beag í a gcuid foghluma i ndiaidh an lae: ‘Dó, ré, mí,
fá’ aca ag léimeadh isteach ar an úrlár chughat,
maididhe nó cipínidhe fá n-a n-ascallaibh aca, agus
gur b'éigin dóibh dul fá láimh na ndaoine eile i gcionn
bliadhna nó dhó, gan tabhairt suas an mhadraidh ortha,
gan focal Béarla 'n-a bpluic. A Dhé, leig dúinn
féin led' chuid ceóil agu duainreachta. ‘Is truagh
gan peata an mhaoir agam,’ ‘Is maluighthe an dram
tuinncéiridhe,’ agus rudaidhe gan bhrígh dá saghas — is
maith 's is tairbheach iad chum dul go h-Americá leó,” Is
mar seo labhraid, agus is deacair d'áiteamh ortha go
bhfuil aon mhaitheas i nGaedhilg chum slighe bheathadh
d'fhagháil. Agus dar ndóigh, do réir mar atá an
sceal anois againn ní mór ná go bhfuil an ceart aca.
Réitigheadh Connradh na Gaedhilge an cheist sin,
tabharamaois iarracht fé rud éigin a chur 'n-a dtreo a
chongbheochaidh 'san mbaile againn iad. Má tá siad
chum a mbaile féin d'fhágaint, tabharaimís iarracht ar
iad do tharraing go Baile Átha Cliath, is go Corcaigh
is go háiteachaibh dá saghas & béidh níos mo measa
ar an Ghaedhilg mar a bhfuil sí 'na beathaidh fós, & beidh
sé i gcumas muinntire na gcathrach greim d'fhagháil
uirthi chomh daingean sain ná scarfaidh siad léi go
bráth arís.



Pádraig Ua Duinnín

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services