Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mac-Gníomhartha Bhriain.
Title
Mac-Gníomhartha Bhriain.
Author(s)
Ua Concheanainn, Tomás,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Mac-Gníomhartha Bhriain. Tá sé beag nach míle bliadhain anois ó thuit amach an sgéal a bhfuil mé dul a' trácht air. Insan am sain bhí [ar]{ár} gcuid righte féin & [ar]{ár} ndlighe féin againn ins gach áit & cúinne d'Éirinn & an tÁrd- Righ os [ar]{ár} gcionn go léir; acht bhí Éire faoi sgrios & léan mar gheall ar námhaid allmhúrach a tháinig a' goid & a fuadach i n-ár measg. B'iad seo na Lochlannaigh tháinig thar fairrge i loingis mhóra. Ar dtús ba é a gcleachta teacht le goid & fuadach dhéanamh, &, nuair thóigidís a ndóithin coirneacha óir, d'imthighidís ar ais dá dtír féin. Acht chonnaiceadar go mba tír bhreagh áluinn í Éire, & ba mhian le cuid aca fuireacht innti. Throideadar cathana móra le taoiseacha & righthe na hÉireann, & is minic a fríoth an ceann is fearr orra. Amanna eile bhíodh an bhuaidh ag na Lochlannaigh, agus thoigidís seilbh ar thaltaíbh & chuiridís dúin agus bailte móra dá ndéanamh. Chuiridís fútha annsain go díreach mar rinne na Sasanaigh ó shoin, acht amháin nach bhfuair- eadar seilbh ar Éirinn ar fad mar fuair Seaghán Buidhe — mar gheall Dia dhúinn aon Óglaoch amháin bhí cumhachtach, misneamhail, & shábháil sé Éire ó dhiabhal- uigheacht na Lochlannach. Bhíodar 'san am so ag éirighe an-chumhachtach, & bhí an iomad bailte móra aca ann. Is úndúil go gcuiridís fútha i n-aice na fairrge 'sa' gcaoi go dtiocfadh a gcuid soithigh isteach. Bhí Árd-Rí na Lochlannach 'n-a chomhnuidhe i mBaile Átha Cliath, agus ceannfoirtí i bPort Láirge, i gCille Mantáin & i mórán áiteacha eile. Chuireadar cíos & cáin ar na Gaedhil. Dhóigheadar a gcuid tighthe agus séipéil muna n-íocaidís an cháin seo. Mhilleadar na leabhra áluinne, na sgríbhinn dhiadha, agus na sgéalta oirdhearca agus seanchas na hÉireann a sgríobh ollamhain agu daoine naomhtha. Fear bhí 'n-a chomhnuidhe isan am sin, sgríobh sé mar so ar thíorántacht & ar mhailís na Lochlannach. “Ní raibh sé do chumhachta ag aon duine i nÉirinn bainne a chuid ba, ná an oiread is uibheacha aon chirc amháin, thabhairt mar bhronntanas nó mar mhuinntireas do shean-fhear ná do dhuine bocht breóidhte; acht b'éigin dó iad a chongbháil do'n stiobhard allmhúrach. Siúd is nach mbeadh insan teach acht aon bhó bhainne amháin, ní fhéadfaidhe í chrúdh do'n naoidheanán nach mbeadh acht aon oidhche amháin d'aois, ná do dhuine tinn, acht chaith- fidhe iad a chongbháil le haghaidh fear bailiughadh na cána & na saighdiúirí allmhúracha. Agus na fir óga ba oireamhnaighe chaithidís dul ar bhord a gcuid loingis gan an oiread as feoirling páidhe, agus iad féin a bheathughadh 'san am céadna chomh maith is dá mbeidís 'san mbaile, agus bhí cáin airgid le n-íoc chomh maith céadna.” Seo í an fhírinne 'dtaoibh tiorántacht na Lochlannach. Feicthear dhom-sa gur cosamhail leis an bpionús céadna bhíodh na daoine bochta fhagháil ó na tighearnaibh talmhan tá sgathamh gearr aimsire ó shoin ann agus an tiorántacht chéadna tá siad oileamhaint ó na Sasan- aigh anois féin 'san am atá i láthair. Ní fheicmíd an t-allmhúrach ag teacht a' bailiughadh na cána, acht tá sé dhá ghoid uainn ins gach punnt tae & ónsa tobac a cheannóchas sinn. Acht caithfimíd cosg agus stopainn chur leis faoi dheireadh. Ná leigimís dóibh bheith a' goid [ar]{ár} gcuid maoin & a bhfuil againn níos faide. Tráchtfad anois ar aimsir na Lochlannach. Bhí treibh mhór do na Gaedhil an t-am sin 'san áit a dtugtar Conndae an Chláir anois air. Ó Cinnéide bhí mar rí orra. Bhí mórán clann mhac aige, &, tar éis é fagháil bháis, ba é an mac dar bh'ainm Mathghamhna fuair bheith 'n-a rígh. Throid Ó Cinnéide agus gach duine dá mhuinntir a tháinig roimhe go dian & go dána i n-aghaidh na Loch- lannach. Bhí Mathghamhna tuirseach a' troid. Dubhairt sé leis féin: “Tá na daoine seo socruighthe síos anois i n-[ar]{ár} measg. Ní aon mhaith dhúinn bheith a' troid leo. Is amhlaidh dhéanas siad muid a mharbhadh gach uile dhuine againn, & b'éidir go marbhóchaidís mé féin. Beidh mé síothchánta & muinntireach leó, agus leigfidh mé dhóibh a gcuid cáin & cíos a thógaint, agus nuair bheidhmid muinntireach le n-a chéile iarrfaidh mé orra bheith níos macánta & síbhialta leis na hÉireannaigh bochta.” Bhí sógh breagh ag Mathghamhna 'n-a phálas i gCeann Córadh tar éis an méid seo cainte leigean as. Bhí sé ag éirghe 'un saidbhris ó lá go lá, mar bhí na Lochlann- aigh ag cur neart airgid & bronntanais chuige le n-a chongbháil socair — a bhéal a dhúnadh. Níor mhisde leis na daoine bochta bheith dá gcnagadh & dá sgriosadh níos mó 'ná mar bhíodar ariamh roimhe. Bhí go leór dearbhráthaireacha ag Mathghamhna. Ní chainteó' mé anois acht ar aon duine amháin aca dar bh'ainm Brian. 'San am so bhí sé an-óg. Bhí éadach breagh failbhe órdha air mar mhac gach uile ríogh. Ní raibh cúram dó bacadh le aon rud a dhéanamh acht beidh ag ithe & ag ól & ag déanamh grinn do féin. Nuair tháinig sé 'un aois fir, tugadh céad laoch óga dhó mar chomrádaí le bheith a' freastal air & 'n-a chuideachta. Nuair fuair sé na fir óga so 'n-a thimcheall aon lá amháin, b'éigin dóibh geallamhaint a bheith dílis dó i gcomhnuidhe. Ghlaodh sé annsain orra i n-éinfheacht, & d'imthigheadar leó amach as an bpálas i bhfochair a chéile. Chonnaic Mathghamhna iad ag imtheacht. Bhí sleaghacha & claidh- eamhaí aca. “An ag fiadhach atá tú 'dul, a Bhriain, a dhearbhráth- air mo chroidhe?” “Is ag fiadhach atámuid ag dul go deimhin,” arsa Brian. D'imthigheadar leó treasna na gcnoc agus na ngleannta, na móinfhéir & na machairí míne réidhe, & níor fríoth sgéal ná tuairisg uatha go ceann tamaill mhaith. Aon oidhche amháin bhí féasda mór i gCeann Córadh. Bhí Mathghamhna 'n-a shuidhe ag ceann an bhoird ar shuidheachán árd, agus an bhainríoghan ríoghamhail le n-a thaobh. Bhí cláirseóirí & píobairí ag imirt ceóil dóibh, & filí ag innseacht & ag béal-aithris abhráin & sgéalta.
Sgéalta deasa greannmhara sultmhara bhí aca, i gcruthamhnas go raibh an seomra mór millteach lán suas le fuaim an gháire. Rinne solus láidir an teineadh & na trillseáin an áit go han-soillseach, & bhíodar ag lonnradh & ag soillsiughadh ar na coirneacha óir & práis & ar na héadaigh breagha galánta bhí ar an gcuideachta. Badh é an righ féin an duine ba garrach bhí ann, faoi n-a chochall uaithne, agus a chlóca dearg anuas ar a ghuailnibh & é breacaighthe mar bheadh ballach muire le greanntaigh óir. Bhí búnna timcheall a mhuinéil cumtha i gcosamhlacht na gealaigh bioraigh & chomh soillseach léi, & biorán brollaigh cruinn déanta de'n ór bhuidhe mar chnaipe ar a chlóca. Ba é baramhail na cuideachtan nach raibh aon rí os cionn Clann Chais fós ariamh chomh maith le Mathghamhna. Bhí doras an tseomra dúnta, mar bhí an oidhche fuar. Buaileadh buille láidir trom ar an ndoras. D'orduigh Mathghamhna do na giollaibh an doras fhos- gailt. Rinneadar sin, agus tháinig chuca isteach fear árd- leighthe sgolabánta, faoi éadach giobach. Ní raibh giobal do na seacht n-éadaigh air. Tháinig a ghruaig 'n-a dréimríbh móra fad anuas ar a leicnibh, agus sneachta & flith-bháisteach a' sile asta. Chuaidh sé síos i n-aice na teineadh an áit a raibh na giollaí 'na suidhe, & níor cuireadh aon mhúisiam air ná níor thug aon duine siúntas dó — mar insan am sin bhí sé do chleachtadh ag lucht siubhail a' theacht isteach mar sin i dtigh na n-uaisle & na righthe am ar bith badh mhian leó & d'fhágaidís a ndóithin le n-ithe & le n-ól. Ní raibh aon doicheall roimhe an áistreanach an t-am sin, mar bhí croidhe mór fairrsing leathan ag na Gaedhil. Ní hion- ann sin & indiu, fairíor! — le n-a gcuid Béarla mór. Tarraingeadh anall forumna i n-aice an bhoird, agus rinneadh slighe dhó. Níor labhair sé focal, acht an méid bídh & dighe a tugadh dhó d'ith & d'ól sé é. Bhí cú mór i n-aice an ríogh — an ceann a b'fhearr leis ar fad — &, nuair tháinig an fear siubhail isteach, d'éirigh sí 'n-a seasamh & níor stad go ndeachaidh chomh fada leis an aistreánach & gur leag sí a dhá chois tosaigh ar a ghlúinibh. “Tá i bhfad níos mó críonnacht 'san choin,” arsa an strainséara, “'ná mar tá i gcuide do na daoinibh, mar ní chuireann na giobalacha éadaigh mo fhuil ríogh- amhail i bhfolach uirri.” D'éirigh an rí 'n-a sheasamh go tobann, & bhreathnuigh sé cé has a dtáinig an glór. D'aithin sé an ghuth. Bhí fhios aige go maith gurab é Brian Mac Cinnéide, a dhearbhráthair féin, bhí ann. Sheas Briain suas os a chomhair i n-a chuid sean-bhalcasaibh, le go bhfeicfidis go léir é. Bhí na fir agus na mná uaisle ar fad ag dearcadh air, & iad a' gáiridh & ag cogarnaighil le n-a chéile & iongnadh a bhfaca tú riamh orra. Tháinig fearg ar Mhathghamhna. D'éirigh a chuid leicne chomh dearg le fuil & a mháilí gruama & dubhairt sé: “Mo náire shaoghalta thú, a Bhriain Mhic Cinnéide! Tá tú a' tabhairt sgannal & easonóir do'n chuideachta mar gheall ar do shean-chiolcaisí. Ní'l tú gléasta faoi chomhair na fleadha.” I n-aghaidh gach seóid bhí ar chlócha an ríogh, bhí braon báistighe ar chlóca Bhriain. Bhí sé chomh salach is dá mbeadh sé 'n-a luighe ar an talamh, & a chuid balcuisí chomh tréigthí is dá mbéidís faoi an ghréin le lá agus bliadhain. “Raibh tú 'a sealgaireacht ar feadh na haimsire?” adeir an rí. “Bhíos a' fiadhach go cinnte,” arsa Brian. “Cá bhfuil na fir thréana calma Clann Cais a thug mé dhuit le bheith mar chuideachta agat mar badh chóir & badh cheart do mhac Ríogh?” “D'fhág mé,” adeir Brian, “cuid aca ag an gCreig Liath, & cuid aca ar imioll borda na Feargaise, cuid eile aca i n-aice Coille Loch Dearg, agus mórán eile imeasg carraigreacha na mBúrnán.” “A Bhriain mo chroidhe, cia'n t-am a dtiocfaidh siad thar n-ais chugainn?” “Tá mé chomh cinnte is tá an ghrian ins an spéir nach bhfuil aon bhaoghal orra teacht ar n-ais go bráth, mar tá siad caillte go léir acht chúig fhear déag & mé féin.” D'éirigh na daoine 'n-a seasamh & thosuigheadar ag caoineadh & ag caoidh agus ag géar-ghol mar gheall ar bhás a gcuid cloinne, agus d'iarfuigheadar dhe cé an tímpisne d'éirigh dhóibh. “Ná bígidh a' gol ná ag buaidhreadh,” adeir Brian. “Ní raibh aon mhac máthair aca nár mharbh cúigear nó níos mó do na Lochlannaigh sul chuadar féin go slighe na fírinne. Badh cheart go sásóchaidh-se sin sibh. Ní girrfhiadhcha ná coinín í ná madraí allta a bhíomar a' fiadhach ó shoin acht sluagh na n-allmhúrach. Níor thug- amar sgíth na sguan dóibh d'oidhche ná do ló, 'san mbaile ná ins na coillte, acht i gcomhnuidhe dá dtreasgairt, & dá marbhadh. Sílim,” arsa Brian, “le congnamh Dé, gur féidir linn iad a dhíbirt amach as dúthchaigh Chlann Chais, & b'éidir í n-a dhiaidh sin amach as Éirinn ar fad.” Suas leis na gaisgidhigh bhí i láthair i n-a seasamh ag blaidhriumhach & ag béiciumhach chomh hárd is bhí sé 'n-a gceann, & a' tabhairt árd-mholadh do Bhrian mar gheall ar a thréineacht, a chrodhacht, & a chalmacht. Chonnaic Mathghamhna (an rí) go raibh níos mó meas & moladh dhá tabhairt do Bhrian 'ná dhó féin. Chuir sé a chuid feirge & a chuid éad i dtaisge, pé sgéal é, & thosuigh sé féin ag moladh Bhriain mar an gcéadna. “Seo obair mhór atá déanta agat, a Bhriain ó Bhanba,” adeir an rí. “Luach-saothar ar bith atá uait, beithidhigh nó talamh, cuacha airgid & óir, gheobhaidh tú iad & fáilte, acht ainm a chur orra. Tóg do roghain.” “Ní theasduigheann dada aca uaim. Fir troda atá uaim,” arsa Brian calma. “Teasduigheann an chuid is tréine de na gaisgidhigh uaim teacht liom go gcuir- imid deireadh & críoch leis an gcath a thosuigheas.” Chaith na feara go léir uatha na meadair, agus, i n-a n-áit, fuaireadar a gcuid claidhimhtí & a gcuid sgiath, agu d'iarruigheadar ar Bhrian bheith mar thaoiseach orra, & iad a stiúradh ar bhuaile an chatha.
'Sé seo an chaoi ar thosuigh an cath mór i n-aghaidh na Lochlannach, & b'éigin do Mhathghamhna féin dul le n-a threibh & le n-a mhuinntir isteach i bpáirc an bhualadh. Acht bhí Brian i gcomhnuidhe i dtosach nó i n-éadan an chatha ag stiúradh & ag tabhairt misneach dóibh, agus fá dheireadh, nuair cailleadh Mathghamhna, 'sé Brian & ní duine ar bith eile do Chlann Chinnéide a toghadh le iad a riaghlughadh. Agus sin é an chaoi a bhfuair Brian bheith 'n-a Rígh ar Éirinn. Tomás Ua Concheanainn
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services