Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mac-Gníomhartha Bhriain.

Title
Mac-Gníomhartha Bhriain.
Author(s)
Ua Concheanainn, Tomás,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Mac-Gníomhartha Bhriain.



Tá sé beag nach míle bliadhain anois ó thuit amach an
sgéal a bhfuil mé dul a' trácht air.



Insan am sain bhí [ar]{ár} gcuid righte féin & [ar]{ár} ndlighe
féin againn ins gach áit & cúinne d'Éirinn & an tÁrd-
Righ os [ar]{ár} gcionn go léir; acht bhí Éire faoi sgrios &
léan mar gheall ar námhaid allmhúrach a tháinig a' goid
& a fuadach i n-ár measg.



B'iad seo na Lochlannaigh tháinig thar fairrge i
loingis mhóra. Ar dtús ba é a gcleachta teacht le
goid & fuadach dhéanamh, &, nuair thóigidís a ndóithin
coirneacha óir, d'imthighidís ar ais dá dtír féin. Acht
chonnaiceadar go mba tír bhreagh áluinn í Éire, & ba
mhian le cuid aca fuireacht innti.



Throideadar cathana móra le taoiseacha & righthe na
hÉireann, & is minic a fríoth an ceann is fearr orra.
Amanna eile bhíodh an bhuaidh ag na Lochlannaigh, agus
thoigidís seilbh ar thaltaíbh & chuiridís dúin agus bailte
móra dá ndéanamh. Chuiridís fútha annsain go díreach
mar rinne na Sasanaigh ó shoin, acht amháin nach bhfuair-
eadar seilbh ar Éirinn ar fad mar fuair Seaghán
Buidhe — mar gheall Dia dhúinn aon Óglaoch amháin bhí
cumhachtach, misneamhail, & shábháil sé Éire ó dhiabhal-
uigheacht na Lochlannach.



Bhíodar 'san am so ag éirighe an-chumhachtach, & bhí an
iomad bailte móra aca ann. Is úndúil go gcuiridís
fútha i n-aice na fairrge 'sa' gcaoi go dtiocfadh a
gcuid soithigh isteach.



Bhí Árd-Rí na Lochlannach 'n-a chomhnuidhe i mBaile
Átha Cliath, agus ceannfoirtí i bPort Láirge, i gCille
Mantáin & i mórán áiteacha eile.



Chuireadar cíos & cáin ar na Gaedhil. Dhóigheadar
a gcuid tighthe agus séipéil muna n-íocaidís an cháin
seo. Mhilleadar na leabhra áluinne, na sgríbhinn
dhiadha, agus na sgéalta oirdhearca agus seanchas na
hÉireann a sgríobh ollamhain agu daoine naomhtha.



Fear bhí 'n-a chomhnuidhe isan am sin, sgríobh sé mar
so ar thíorántacht & ar mhailís na Lochlannach.



“Ní raibh sé do chumhachta ag aon duine i nÉirinn
bainne a chuid ba, ná an oiread is uibheacha aon chirc
amháin, thabhairt mar bhronntanas nó mar mhuinntireas
do shean-fhear ná do dhuine bocht breóidhte; acht b'éigin
dó iad a chongbháil do'n stiobhard allmhúrach. Siúd is
nach mbeadh insan teach acht aon bhó bhainne amháin, ní
fhéadfaidhe í chrúdh do'n naoidheanán nach mbeadh acht
aon oidhche amháin d'aois, ná do dhuine tinn, acht chaith-
fidhe iad a chongbháil le haghaidh fear bailiughadh na
cána & na saighdiúirí allmhúracha. Agus na fir óga
ba oireamhnaighe chaithidís dul ar bhord a gcuid loingis
gan an oiread as feoirling páidhe, agus iad féin a
bheathughadh 'san am céadna chomh maith is dá mbeidís
'san mbaile, agus bhí cáin airgid le n-íoc chomh maith
céadna.”



Seo í an fhírinne 'dtaoibh tiorántacht na Lochlannach.
Feicthear dhom-sa gur cosamhail leis an bpionús
céadna bhíodh na daoine bochta fhagháil ó na tighearnaibh
talmhan tá sgathamh gearr aimsire ó shoin ann agus an
tiorántacht chéadna tá siad oileamhaint ó na Sasan-
aigh anois féin 'san am atá i láthair.



Ní fheicmíd an t-allmhúrach ag teacht a' bailiughadh
na cána, acht tá sé dhá ghoid uainn ins gach punnt tae
& ónsa tobac a cheannóchas sinn.



Acht caithfimíd cosg agus stopainn chur leis faoi
dheireadh. Ná leigimís dóibh bheith a' goid [ar]{ár} gcuid
maoin & a bhfuil againn níos faide.



Tráchtfad anois ar aimsir na Lochlannach.



Bhí treibh mhór do na Gaedhil an t-am sin 'san áit a
dtugtar Conndae an Chláir anois air. Ó Cinnéide bhí
mar rí orra. Bhí mórán clann mhac aige, &, tar éis é
fagháil bháis, ba é an mac dar bh'ainm Mathghamhna
fuair bheith 'n-a rígh.



Throid Ó Cinnéide agus gach duine dá mhuinntir a
tháinig roimhe go dian & go dána i n-aghaidh na Loch-
lannach. Bhí Mathghamhna tuirseach a' troid. Dubhairt
sé leis féin:
“Tá na daoine seo socruighthe síos anois i n-[ar]{ár}
measg. Ní aon mhaith dhúinn bheith a' troid leo. Is
amhlaidh dhéanas siad muid a mharbhadh gach uile dhuine
againn, & b'éidir go marbhóchaidís mé féin. Beidh mé
síothchánta & muinntireach leó, agus leigfidh mé dhóibh
a gcuid cáin & cíos a thógaint, agus nuair bheidhmid
muinntireach le n-a chéile iarrfaidh mé orra bheith níos
macánta & síbhialta leis na hÉireannaigh bochta.”



Bhí sógh breagh ag Mathghamhna 'n-a phálas i gCeann
Córadh tar éis an méid seo cainte leigean as. Bhí sé
ag éirghe 'un saidbhris ó lá go lá, mar bhí na Lochlann-
aigh ag cur neart airgid & bronntanais chuige le n-a
chongbháil socair — a bhéal a dhúnadh.



Níor mhisde leis na daoine bochta bheith dá gcnagadh
& dá sgriosadh níos mó 'ná mar bhíodar ariamh roimhe.



Bhí go leór dearbhráthaireacha ag Mathghamhna. Ní
chainteó' mé anois acht ar aon duine amháin aca dar
bh'ainm Brian.



'San am so bhí sé an-óg. Bhí éadach breagh failbhe
órdha air mar mhac gach uile ríogh. Ní raibh cúram dó
bacadh le aon rud a dhéanamh acht beidh ag ithe & ag
ól & ag déanamh grinn do féin. Nuair tháinig sé 'un
aois fir, tugadh céad laoch óga dhó mar chomrádaí le
bheith a' freastal air & 'n-a chuideachta. Nuair fuair
sé na fir óga so 'n-a thimcheall aon lá amháin, b'éigin
dóibh geallamhaint a bheith dílis dó i gcomhnuidhe.
Ghlaodh sé annsain orra i n-éinfheacht, & d'imthigheadar
leó amach as an bpálas i bhfochair a chéile. Chonnaic
Mathghamhna iad ag imtheacht. Bhí sleaghacha & claidh-
eamhaí aca.



“An ag fiadhach atá tú 'dul, a Bhriain, a dhearbhráth-
air mo chroidhe?”



“Is ag fiadhach atámuid ag dul go deimhin,” arsa
Brian.



D'imthigheadar leó treasna na gcnoc agus na
ngleannta, na móinfhéir & na machairí míne réidhe, &
níor fríoth sgéal ná tuairisg uatha go ceann
tamaill mhaith.



Aon oidhche amháin bhí féasda mór i gCeann Córadh.
Bhí Mathghamhna 'n-a shuidhe ag ceann an bhoird ar
shuidheachán árd, agus an bhainríoghan ríoghamhail le n-a
thaobh. Bhí cláirseóirí & píobairí ag imirt ceóil dóibh,
& filí ag innseacht & ag béal-aithris abhráin & sgéalta.


L. 800


Sgéalta deasa greannmhara sultmhara bhí aca, i
gcruthamhnas go raibh an seomra mór millteach lán
suas le fuaim an gháire. Rinne solus láidir an
teineadh & na trillseáin an áit go han-soillseach, &
bhíodar ag lonnradh & ag soillsiughadh ar na coirneacha
óir & práis & ar na héadaigh breagha galánta bhí ar an
gcuideachta.



Badh é an righ féin an duine ba garrach bhí ann, faoi
n-a chochall uaithne, agus a chlóca dearg anuas ar a
ghuailnibh & é breacaighthe mar bheadh ballach muire le
greanntaigh óir. Bhí búnna timcheall a mhuinéil
cumtha i gcosamhlacht na gealaigh bioraigh & chomh
soillseach léi, & biorán brollaigh cruinn déanta de'n
ór bhuidhe mar chnaipe ar a chlóca. Ba é baramhail na
cuideachtan nach raibh aon rí os cionn Clann Chais fós
ariamh chomh maith le Mathghamhna.



Bhí doras an tseomra dúnta, mar bhí an oidhche
fuar. Buaileadh buille láidir trom ar an ndoras.
D'orduigh Mathghamhna do na giollaibh an doras fhos-
gailt.



Rinneadar sin, agus tháinig chuca isteach fear árd-
leighthe sgolabánta, faoi éadach giobach. Ní raibh
giobal do na seacht n-éadaigh air. Tháinig a ghruaig
'n-a dréimríbh móra fad anuas ar a leicnibh, agus
sneachta & flith-bháisteach a' sile asta. Chuaidh sé síos
i n-aice na teineadh an áit a raibh na giollaí 'na
suidhe, & níor cuireadh aon mhúisiam air ná níor thug
aon duine siúntas dó — mar insan am sin bhí sé do
chleachtadh ag lucht siubhail a' theacht isteach mar sin
i dtigh na n-uaisle & na righthe am ar bith badh mhian leó
& d'fhágaidís a ndóithin le n-ithe & le n-ól. Ní raibh aon
doicheall roimhe an áistreanach an t-am sin, mar bhí
croidhe mór fairrsing leathan ag na Gaedhil. Ní hion-
ann sin & indiu, fairíor! — le n-a gcuid Béarla mór.
Tarraingeadh anall forumna i n-aice an bhoird, agus
rinneadh slighe dhó. Níor labhair sé focal, acht an
méid bídh & dighe a tugadh dhó d'ith & d'ól sé é. Bhí cú
mór i n-aice an ríogh — an ceann a b'fhearr leis ar
fad — &, nuair tháinig an fear siubhail isteach, d'éirigh
sí 'n-a seasamh & níor stad go ndeachaidh chomh fada
leis an aistreánach & gur leag sí a dhá chois tosaigh ar
a ghlúinibh.



“Tá i bhfad níos mó críonnacht 'san choin,” arsa an
strainséara, “'ná mar tá i gcuide do na daoinibh,
mar ní chuireann na giobalacha éadaigh mo fhuil ríogh-
amhail i bhfolach uirri.”



D'éirigh an rí 'n-a sheasamh go tobann, & bhreathnuigh
sé cé has a dtáinig an glór. D'aithin sé an ghuth. Bhí
fhios aige go maith gurab é Brian Mac Cinnéide, a
dhearbhráthair féin, bhí ann. Sheas Briain suas os a
chomhair i n-a chuid sean-bhalcasaibh, le go bhfeicfidis
go léir é. Bhí na fir agus na mná uaisle ar fad ag
dearcadh air, & iad a' gáiridh & ag cogarnaighil le n-a
chéile & iongnadh a bhfaca tú riamh orra. Tháinig fearg
ar Mhathghamhna. D'éirigh a chuid leicne chomh dearg le
fuil & a mháilí gruama & dubhairt sé:



“Mo náire shaoghalta thú, a Bhriain Mhic Cinnéide!
Tá tú a' tabhairt sgannal & easonóir do'n chuideachta
mar gheall ar do shean-chiolcaisí. Ní'l tú gléasta
faoi chomhair na fleadha.”



I n-aghaidh gach seóid bhí ar chlócha an ríogh, bhí braon
báistighe ar chlóca Bhriain. Bhí sé chomh salach is dá
mbeadh sé 'n-a luighe ar an talamh, & a chuid balcuisí
chomh tréigthí is dá mbéidís faoi an ghréin le lá agus
bliadhain.



“Raibh tú 'a sealgaireacht ar feadh na haimsire?”
adeir an rí.



“Bhíos a' fiadhach go cinnte,” arsa Brian.



“Cá bhfuil na fir thréana calma Clann Cais a thug
mé dhuit le bheith mar chuideachta agat mar badh chóir &
badh cheart do mhac Ríogh?”



“D'fhág mé,” adeir Brian, “cuid aca ag an gCreig
Liath, & cuid aca ar imioll borda na Feargaise, cuid
eile aca i n-aice Coille Loch Dearg, agus mórán eile
imeasg carraigreacha na mBúrnán.”



“A Bhriain mo chroidhe, cia'n t-am a dtiocfaidh siad
thar n-ais chugainn?”



“Tá mé chomh cinnte is tá an ghrian ins an spéir
nach bhfuil aon bhaoghal orra teacht ar n-ais go bráth,
mar tá siad caillte go léir acht chúig fhear déag &
mé féin.”



D'éirigh na daoine 'n-a seasamh & thosuigheadar ag
caoineadh & ag caoidh agus ag géar-ghol mar gheall ar
bhás a gcuid cloinne, agus d'iarfuigheadar dhe cé an
tímpisne d'éirigh dhóibh.



“Ná bígidh a' gol ná ag buaidhreadh,” adeir Brian.



“Ní raibh aon mhac máthair aca nár mharbh cúigear nó
níos mó do na Lochlannaigh sul chuadar féin go slighe
na fírinne. Badh cheart go sásóchaidh-se sin sibh. Ní
girrfhiadhcha ná coinín í ná madraí allta a bhíomar a'
fiadhach ó shoin acht sluagh na n-allmhúrach. Níor thug-
amar sgíth na sguan dóibh d'oidhche ná do ló, 'san
mbaile ná ins na coillte, acht i gcomhnuidhe dá
dtreasgairt, & dá marbhadh. Sílim,” arsa Brian, “le
congnamh Dé, gur féidir linn iad a dhíbirt amach as
dúthchaigh Chlann Chais, & b'éidir í n-a dhiaidh sin amach
as Éirinn ar fad.”



Suas leis na gaisgidhigh bhí i láthair i n-a seasamh ag
blaidhriumhach & ag béiciumhach chomh hárd is bhí sé 'n-a
gceann, & a' tabhairt árd-mholadh do Bhrian mar gheall
ar a thréineacht, a chrodhacht, & a chalmacht. Chonnaic
Mathghamhna (an rí) go raibh níos mó meas & moladh dhá
tabhairt do Bhrian 'ná dhó féin. Chuir sé a chuid feirge
& a chuid éad i dtaisge, pé sgéal é, & thosuigh sé féin
ag moladh Bhriain mar an gcéadna.



“Seo obair mhór atá déanta agat, a Bhriain ó
Bhanba,” adeir an rí. “Luach-saothar ar bith atá uait,
beithidhigh nó talamh, cuacha airgid & óir, gheobhaidh tú
iad & fáilte, acht ainm a chur orra. Tóg do roghain.”



“Ní theasduigheann dada aca uaim. Fir troda atá
uaim,” arsa Brian calma. “Teasduigheann an chuid
is tréine de na gaisgidhigh uaim teacht liom go gcuir-
imid deireadh & críoch leis an gcath a thosuigheas.”



Chaith na feara go léir uatha na meadair, agus, i n-a
n-áit, fuaireadar a gcuid claidhimhtí & a gcuid sgiath,
agu d'iarruigheadar ar Bhrian bheith mar thaoiseach orra, &
iad a stiúradh ar bhuaile an chatha.


L. 801


'Sé seo an chaoi ar thosuigh an cath mór i n-aghaidh na
Lochlannach, & b'éigin do Mhathghamhna féin dul le n-a
threibh & le n-a mhuinntir isteach i bpáirc an bhualadh.
Acht bhí Brian i gcomhnuidhe i dtosach nó i n-éadan an
chatha ag stiúradh & ag tabhairt misneach dóibh, agus fá
dheireadh, nuair cailleadh Mathghamhna, 'sé Brian & ní
duine ar bith eile do Chlann Chinnéide a toghadh le iad
a riaghlughadh.



Agus sin é an chaoi a bhfuair Brian bheith 'n-a Rígh
ar Éirinn.



Tomás Ua Concheanainn

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services