Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lá Fhéile Pádraig
Title
Lá Fhéile Pádraig
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Baile Átha Cliath, Eanair 31, 1903 LÁ FHÉILE PÁDRAIG Tá Coisde Ceanntair Bhaile Átha Cliath ag brath ar Lá Fhéile Pádraig a dhéanamh ina lá saoire i mbliadhna san gcathair. Tá siad tinn ag na laetheanta saoire eile atá aca, laethe nar cheart saoire ar bith a bheith ortha, ó Dhia ná ó Nádúr, &, dar leis an gCoisde seo, go dtiocfaidh leó cur fá ndeara do na daoinibh lá saoire a dhéanamh do Lá Fhéile Pádraig i mbliadhna. Tiocfaidh leó a dhéanamh freisin má oibhrigheatar i gceart an gnó. Níor mór dóibh, dar linn, a n-inntinn a dhéanamh suas ar dtús, rúin a cheapadh, & teachtairí a chur go dtí Comhairle na Cathrach, ag iarraidh ortha-san cuidiughadh leó, teachtairí a chur go dtí na hÁrd-Easboig ag iarraidh ortha-san rádh leis an gcléir atá fútha cuidiughadh leó, teachtairí a chur go dtí Cumanacha na gCeard, go dtí na tighthe móra gnótha san gcathair, agus go dtí gach uile chumainn agus cuideachta eile dá bhfuil ann le n-a gcongnamh d'fhagháil. Ní miste dhóibh lucht na bpáipéar nuaidheacht do bhrosdughadh, agus gach freagra fabharach dá bhfuigheadh siad mórán a dhéanamh dhe. Is mór atá ina gcoinnibh, acht d'éirigh le muinntir Luimnighe a dhéanamh i n-uraidh, agus d'éirigh Seachtmhain na Geadhilge le gach éinne, agus is maith an fáth é sin le go n-éireóchaidh an gnó so leó fosda, má oibrigheann siad go dío- grasach é. Ní féidir nó beidh lucht Comhairle na Cathrach i bhfabhar lá saoire a dhéanamh dhe. Is Éireannaigh maithe cearta cuid aca. Is misneamhail an fear a chaithfeadh aon dhroch-mheas ar Naomh Pádraig os a gcomhair, agus is tréan an fear a cháinfeadh Éire os a gcomhair, agus dá bhithin sin ní féidir go mbeidh aon cheó aca i n-aghaidh lá saoire mar an Domhnach a dhéanamh do Lá Fhéile Pádraig. Ní hé sin amháin, acht badh cheart go ndéan- fadh gach uile mhac máthar aca a dhicheall lá saoire a dhéanamh dhe, mar sé gnó chách é, gidh go bhfuil an Coisde Ceanntair 'ghá dhéanamh. Cuireadh an Coisde Ceanntair a chuid féin do'n obair ar chách, nó ar chuma ar bith, an méid atá cách toilteanach ar a dhéanamh, agus ní bheidh a gcuid féin di chomh trom agus beadh sí. Déanaidís an cleas céadna leis na Cumannachaibh eile, do luadhamar a dhéanamh le Comahairle na Cathrach, agus cuiridís i n-iúl do gach uile dhuine a thiotfas ina linn gur ceart Lá Fhéile Pádraig a bheith ina shaoire mar an Domhnach, & go mbeidh sé amhlaidh. Ná fágaidís éinne fa aimhreas fá'n scéal & tá an báire leó.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services