An Claidheamh Soluis
Baile Átha Cliath, Eanair 31, 1903
LÁ FHÉILE PÁDRAIG
Tá Coisde Ceanntair Bhaile Átha Cliath ag brath ar
Lá Fhéile Pádraig a dhéanamh ina lá saoire i
mbliadhna san gcathair. Tá siad tinn ag na laetheanta
saoire eile atá aca, laethe nar cheart saoire ar bith
a bheith ortha, ó Dhia ná ó Nádúr, &, dar leis an gCoisde
seo, go dtiocfaidh leó cur fá ndeara do na daoinibh
lá saoire a dhéanamh do Lá Fhéile Pádraig i mbliadhna.
Tiocfaidh leó a dhéanamh freisin má oibhrigheatar
i gceart an gnó. Níor mór dóibh, dar linn, a
n-inntinn a dhéanamh suas ar dtús, rúin a cheapadh, &
teachtairí a chur go dtí Comhairle na Cathrach, ag iarraidh
ortha-san cuidiughadh leó, teachtairí a chur go dtí na
hÁrd-Easboig ag iarraidh ortha-san rádh leis an gcléir
atá fútha cuidiughadh leó, teachtairí a chur go dtí
Cumanacha na gCeard, go dtí na tighthe móra gnótha
san gcathair, agus go dtí gach uile chumainn agus
cuideachta eile dá bhfuil ann le n-a gcongnamh
d'fhagháil. Ní miste dhóibh lucht na bpáipéar nuaidheacht
do bhrosdughadh, agus gach freagra fabharach dá
bhfuigheadh siad mórán a dhéanamh dhe. Is mór atá ina
gcoinnibh, acht d'éirigh le muinntir Luimnighe a dhéanamh
i n-uraidh, agus d'éirigh Seachtmhain na Geadhilge le gach
éinne, agus is maith an fáth é sin le go n-éireóchaidh
an gnó so leó fosda, má oibrigheann siad go dío-
grasach é.
Ní féidir nó beidh lucht Comhairle na Cathrach i
bhfabhar lá saoire a dhéanamh dhe. Is Éireannaigh maithe
cearta cuid aca. Is misneamhail an fear a chaithfeadh
aon dhroch-mheas ar Naomh Pádraig os a gcomhair, agus
is tréan an fear a cháinfeadh Éire os a gcomhair, agus
dá bhithin sin ní féidir go mbeidh aon cheó aca i n-aghaidh
lá saoire mar an Domhnach a dhéanamh do Lá Fhéile
Pádraig. Ní hé sin amháin, acht badh cheart go ndéan-
fadh gach uile mhac máthar aca a dhicheall lá saoire a
dhéanamh dhe, mar sé gnó chách é, gidh go bhfuil an Coisde
Ceanntair 'ghá dhéanamh.
Cuireadh an Coisde Ceanntair a chuid féin do'n
obair ar chách, nó ar chuma ar bith, an méid atá cách
toilteanach ar a dhéanamh, agus ní bheidh a gcuid féin
di chomh trom agus beadh sí. Déanaidís an cleas
céadna leis na Cumannachaibh eile, do luadhamar a
dhéanamh le Comahairle na Cathrach, agus cuiridís i
n-iúl do gach uile dhuine a thiotfas ina linn gur ceart
Lá Fhéile Pádraig a bheith ina shaoire mar an Domhnach,
& go mbeidh sé amhlaidh. Ná fágaidís éinne fa aimhreas
fá'n scéal & tá an báire leó.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11