Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seachtmhain na Gaedhilge
Title
Seachtmhain na Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Baile Átha Cliath, Eanair 24, 1903 Seachtmhain na Gaedhilge Chuir an Rúnaire fuagra amach go dtí gach craobh dhá mheabhrughadh dhóibh go raibh sé i n-am a bheith ag stócáil feasta fá chomhair Seachtmhain na Gaedhilge. Is ar an tseachtmhain idir an 15adh lá & an 22adh lá do'n Mhárta a bhéas sí i mbliadhna, & sin seacht seacht- mhainí eile i mbéal a chéile atá againn le hullmhughadh. Dá fheabhas dar hoibriughadh an tseachtmhain seo i n-uraidh — agus hoibriughadh níos fearr i mbliadhna, má's féidir é, mar, ar mhódh, tá sí chomh mór le rádh leis an Oireactas féin. Níor baineadh a leithéid de gheite as staigínibh ná as daoinibh nach hiad ó Oidhche na Gaoithe Móire agus baineadh asta nuair a chonncadar an spreac, an neart, an láidreacht, agus an díochas a bhí ar an mór- bhuidhean a shiubhail na sráideanna i n-uraidh fá n-a mbratacha péacacha il-dathacha. Ní raibh aon fhios go dtí sin ná aon tuairim cé mhéad duine a chuir suim 'sa nGaedhilg; níor bh'iongantaighe le lucht na bpái- péar nuaidheacht sneachta dearg 'ná gach a bhfacadar ann, & bhí áthas & gliondar ar lucht na Gaedhilge féin, agus ní gan ádhbhar. Ba feic é le misneach a chur i gcroidhe Gaedhilgeóra, & le taisbeáint dó go bhfuil an croidhe 'san áit cheart ag an nGaedheal dá mbeadh a fhios aige é. Acht tá taobh eile ar an sgéal .i. an t-airgead. Níor tógadh i n-uraidh i ngar do'n méid airgid bhí le fagháil ag an dream a raibh na bratóga ar bharr na gcleath aca dhá bhfeicidís é. Bhí an oiread soin uathbháis ortha nach bhfacadar acht cuid de. Ní mór sin innsint dóibh i mbliadhna. Leis an airgead do bhailiughadh bliadhain go taca so cuireadh cúigear timthirí d'fhear as barr ar an mbóthar, agus neartuigheadh an chúis i n-a lán áiteacha eile ina raibh sí lag. Bíonn an t-airgead úsáideach go minic, cruinnigheatar é beagán ar bheag- án, seachtmhain do'n tsórt úd & “líontar an sac le póiríníbh.” Thug an Rúnaire sgéala 'san bhfuagra do chuir sé amach céard do b'fhearr a dhéanamh le dul i n-éadan an ghnó i gceart. Ní mórán teagasg ar an gceist sin a theastóghas i n-áiteachaibh ar cruinnigheadh air- gead i n-uraidh. Badh cheart go mbeadh fios ag gach éinne do bhí amuigh goidé mar chuaidh an sgéal leis féin & go stiúradh sé a imtheacht i mbliadhna dá réir sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services