An Claidheamh Soluis
Baile Átha Cliath, Eanair 24, 1903
Seachtmhain na Gaedhilge
Chuir an Rúnaire fuagra amach go dtí gach craobh dhá
mheabhrughadh dhóibh go raibh sé i n-am a bheith ag
stócáil feasta fá chomhair Seachtmhain na Gaedhilge.
Is ar an tseachtmhain idir an 15adh lá & an 22adh lá
do'n Mhárta a bhéas sí i mbliadhna, & sin seacht seacht-
mhainí eile i mbéal a chéile atá againn le hullmhughadh.
Dá fheabhas dar hoibriughadh an tseachtmhain seo i
n-uraidh — agus hoibriughadh níos fearr i mbliadhna,
má's féidir é, mar, ar mhódh, tá sí chomh mór le rádh
leis an Oireactas féin.
Níor baineadh a leithéid de gheite as staigínibh ná
as daoinibh nach hiad ó Oidhche na Gaoithe Móire agus
baineadh asta nuair a chonncadar an spreac, an
neart, an láidreacht, agus an díochas a bhí ar an mór-
bhuidhean a shiubhail na sráideanna i n-uraidh fá n-a
mbratacha péacacha il-dathacha. Ní raibh aon fhios go
dtí sin ná aon tuairim cé mhéad duine a chuir suim
'sa nGaedhilg; níor bh'iongantaighe le lucht na bpái-
péar nuaidheacht sneachta dearg 'ná gach a bhfacadar
ann, & bhí áthas & gliondar ar lucht na Gaedhilge féin,
agus ní gan ádhbhar. Ba feic é le misneach a chur i
gcroidhe Gaedhilgeóra, & le taisbeáint dó go bhfuil
an croidhe 'san áit cheart ag an nGaedheal dá mbeadh
a fhios aige é.
Acht tá taobh eile ar an sgéal .i. an t-airgead. Níor
tógadh i n-uraidh i ngar do'n méid airgid bhí le fagháil
ag an dream a raibh na bratóga ar bharr na gcleath
aca dhá bhfeicidís é. Bhí an oiread soin uathbháis ortha
nach bhfacadar acht cuid de. Ní mór sin innsint dóibh
i mbliadhna. Leis an airgead do bhailiughadh bliadhain
go taca so cuireadh cúigear timthirí d'fhear as barr
ar an mbóthar, agus neartuigheadh an chúis i n-a lán
áiteacha eile ina raibh sí lag. Bíonn an t-airgead
úsáideach go minic, cruinnigheatar é beagán ar bheag-
án, seachtmhain do'n tsórt úd & “líontar an sac le
póiríníbh.”
Thug an Rúnaire sgéala 'san bhfuagra do chuir sé
amach céard do b'fhearr a dhéanamh le dul i n-éadan
an ghnó i gceart. Ní mórán teagasg ar an gceist
sin a theastóghas i n-áiteachaibh ar cruinnigheadh air-
gead i n-uraidh. Badh cheart go mbeadh fios ag gach
éinne do bhí amuigh goidé mar chuaidh an sgéal leis
féin & go stiúradh sé a imtheacht i mbliadhna dá réir
sin.