Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comórtas Nua i gConndae Mhuigheó
Title
Comórtas Nua i gConndae Mhuigheó
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Baile Átha Cliath, Eanair 10, 1903 Comórtas Nua i gConndae Mhuigheó Chuir Chumann Choilm Cille i gColáiste Mhuighe Nuadhad comórtas ar Chlár Feise Mhuigheó, agus tá sé ar cheann do na comortais is fearr d'ar cuireadh ar chlár feise fós. Seo é é: Duais a thabhairt do mhuinntir an tighe is fearr atá i n-ann comhrádh a dhéanamh ar ghnóthaibh coitcheannta an lae, an t-athair agus an mháthair agus, ar a laighead, a dtriúr cloinne bheith i láthair. Is fada atá Connradh na Gaedhilge ag iarraidh an gnás bradach atá ag Gaedhilgeóiríbh, ag labhairt Béarla i n-ionad Gaedhilge le n-a gcloinn, a bhriseadh, acht taréis chomh daingean agus bhí sé ní fhéadfadh sé seasamh má gabhtar dó mar so agus é chartha tré na chéile, é iompódh druim ar ais, i gcruth is nach bhfásfaidh sé níos fuide agus annsin gnás eile a thabhairt ar ais i n' áit. Suas go dtí seo féin, is iondamhail go mbíodh craobhacha imeasg na nGaedhilgeóirí agus thagadh daoine i bhfad is i ngearr ag foghluim na teangadh. Is minic go mbíodh fuireann daoine san teach ba goire dhóibh & nGaedhilg a ndóthain ag an athair & ag an máthair & tar éise sin gach uile dhuine beó aca ag labhairt Bhéarla. Ní raibh blas annsin acht gnás, b'onóraighe agus b'fhiunntaighe leó an teanga a labhairt a bhí ag gach uile dhuine, dar leó, ná áird a thabhairt ar an sgór nó dhó a bhí ag teacht i gceann a chéile gan rúinne náire ortha ag iarraidh an tsean-Ghaedhilge sin d'aithbheodhchan. Cheap daoine go mb'adbhar náire é an Ghaedhilg a labhairt, agus ceapann cuid aca fós é, agus indiu féin ní chreidfidh siad a mhalthruid uait. Ní mór anois fios a thabhairt dóibh go rabhadar a dul amudha go mór le fada. Badh mhaith an rud é dhá mbeadh cruinniughadh mór ag gach eile chraoibh i gConndae Mhuigheó le clár na feise a mhíniughadh do na daoinibh & trácht áirithe a dhéanamh ar an gcomórtas so. Má cheapann na craobhacha féin sin ná leigidís do'n fhéar fás fa n-a gcosaibh nó go ndéanaidh siad é. Tá na páipéir nuaidheachta ag cuideachan go maith leis an teangaidh anois, & níor mhisde dhóibh-sean freisin an comórtas so a mhíniughadh freisin & iarraidh ar dhaoinibh eile é mhíniughadh. Ní dóigh go leigfidh an Timthire cruinniughadh thairis gan trácht air, & gan a chur i n-iúl céard is ceart a dhéanamh. Siad na maca léighinn i Muigh Nuadhad do thug an duais, & ní thioc- faidh sagart as an gcoláiste sin feasta acht sagart a mbeidh a theanga féin aige. Beidh daoine ann nach dtiubhraidh áird ar an sgéal so, acht is ar deireadh a bheas siad ar ball & annsin beidh aithmhéal ortha go rabhadar chomh dall danartha nuair a bhíomar ag iarraidh iad a chur ar bhealach a leasa.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services