Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comórtas Nua i gConndae Mhuigheó

Title
Comórtas Nua i gConndae Mhuigheó
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Baile Átha Cliath, Eanair 10, 1903



Comórtas Nua i gConndae Mhuigheó



Chuir Chumann Choilm Cille i gColáiste Mhuighe
Nuadhad comórtas ar Chlár Feise Mhuigheó, agus
tá sé ar cheann do na comortais is fearr d'ar
cuireadh ar chlár feise fós. Seo é é: Duais a
thabhairt do mhuinntir an tighe is fearr atá i n-ann
comhrádh a dhéanamh ar ghnóthaibh coitcheannta an lae,
an t-athair agus an mháthair agus, ar a laighead, a
dtriúr cloinne bheith i láthair.



Is fada atá Connradh na Gaedhilge ag iarraidh an
gnás bradach atá ag Gaedhilgeóiríbh, ag labhairt
Béarla i n-ionad Gaedhilge le n-a gcloinn, a bhriseadh,
acht taréis chomh daingean agus bhí sé ní fhéadfadh sé
seasamh má gabhtar dó mar so agus é chartha tré na
chéile, é iompódh druim ar ais, i gcruth is nach bhfásfaidh
sé níos fuide agus annsin gnás eile a thabhairt ar ais
i n' áit.



Suas go dtí seo féin, is iondamhail go mbíodh
craobhacha imeasg na nGaedhilgeóirí agus thagadh
daoine i bhfad is i ngearr ag foghluim na teangadh.
Is minic go mbíodh fuireann daoine san teach ba goire
dhóibh & nGaedhilg a ndóthain ag an athair & ag an máthair
& tar éise sin gach uile dhuine beó aca ag labhairt
Bhéarla. Ní raibh blas annsin acht gnás, b'onóraighe
agus b'fhiunntaighe leó an teanga a labhairt a bhí ag
gach uile dhuine, dar leó, ná áird a thabhairt ar an
sgór nó dhó a bhí ag teacht i gceann a chéile gan
rúinne náire ortha ag iarraidh an tsean-Ghaedhilge sin
d'aithbheodhchan. Cheap daoine go mb'adbhar náire é an
Ghaedhilg a labhairt, agus ceapann cuid aca fós é,
agus indiu féin ní chreidfidh siad a mhalthruid uait.



Ní mór anois fios a thabhairt dóibh go rabhadar a
dul amudha go mór le fada. Badh mhaith an rud é
dhá mbeadh cruinniughadh mór ag gach eile chraoibh i
gConndae Mhuigheó le clár na feise a mhíniughadh do na
daoinibh & trácht áirithe a dhéanamh ar an gcomórtas
so. Má cheapann na craobhacha féin sin ná leigidís
do'n fhéar fás fa n-a gcosaibh nó go ndéanaidh siad
é. Tá na páipéir nuaidheachta ag cuideachan go maith
leis an teangaidh anois, & níor mhisde dhóibh-sean
freisin an comórtas so a mhíniughadh freisin & iarraidh
ar dhaoinibh eile é mhíniughadh. Ní dóigh go leigfidh an
Timthire cruinniughadh thairis gan trácht air, & gan a
chur i n-iúl céard is ceart a dhéanamh. Siad na maca
léighinn i Muigh Nuadhad do thug an duais, & ní thioc-
faidh sagart as an gcoláiste sin feasta acht sagart
a mbeidh a theanga féin aige. Beidh daoine ann nach
dtiubhraidh áird ar an sgéal so, acht is ar deireadh a
bheas siad ar ball & annsin beidh aithmhéal ortha go
rabhadar chomh dall danartha nuair a bhíomar ag
iarraidh iad a chur ar bhealach a leasa.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services