Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Airgead na Gaedhilge
Title
Airgead na Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Baile Átha Cliath, Eanair 3, 1903 Airgead na Gaedhilge. Chífear, do réir an chunntais a tháinig ó Bhórd an Oideachais fa na sgoileanna, & an t-airgead do shaoth- ruigh na máighistrí ar mhúnadh na Gaedhilge, go bhfuair 235 sgoil os cionn £2,000 ar an obair i n-imtheacht na bliadhna i nuraidh. Níor frioth an t-am soin sgéala ar bith fá'na sgoileanna a bhí ag múnadh Gaedhilge mar chuid d'oideachas choitcheann na bpáisdí, acht fa Bhealtaine seo chuaidh thorainn tá a fhios go raibh 1,300 sgoil san tír inar mhúineadh an teanga. Cuir i gcás annsin gur bhain 1,000 sgoil airgead as an obair seo i mbliadhna, d'fhágfadh sin suas & anuas le £10,000 do theacht isteach ag máighistribh sgoile i dteannta a dtuarastal eile. Anois fa láthair [no]{nó} fa cheann míosa eile is dóigh go mbeidh chomh maith le 2,000 sgoil ann ina múinfear an Ghaedhilg, acht is deacair a rádh cé mhéad ceann aca-sa a ghnóthghas airgead as na páisdíbh. Is féidir an rud atá againn, ar chuma ar bith, a chóimhreamh. Siad máighistrí na Gaillimhe is mó a bhain airgead as an ngnó. £500 acht punnt a fuaireadar as, cé nach raibh aca ann acht 65 sgoil. 47 sgoil a bhí i gCorcaigh ag saothrughadh aisti & bhaineadar-san £450 amach & bhain 40 sgoil i gCiarraidhe go láidir os cionn cheithre chéad punnt amach. Ní fiú cainnt, as gach a bhfuair máighistrí Chonndae Dhúin na nGall, ná máighis- trí Chonndae Mhuigheó, acht nuair a déanfar amach clár na bliadhna so ní bheidh siad ar deireadh. Tá an sgéal céadna le n-aithris fa Chonndae an Chláir, mar 'sna trí áit seo tá togha na haire dhá thabhairt do'n teangaidh san sgoil le ráithe nó dhó. Féach anois ar na sgoileannaibh féin go bhfeicidh tú goidé mar tá an sgéal. Do réir an chláir seo ní raibh páisde ina sgoil ag Dáithí Ua Ceallacháin i nÁrainn nach bhfuair sé airgead as acht 7; & sin é Tomás Mac Cormaic i Rosmuc nach bhfuair íocaidheacht acht ar cheathar as 109 páisde ina sgoil féin. Tá an oiread Gaedhilge i Rosmuc, gach uile phioc, agus tá i bhFearann an Choirce i nÁrainn, & d'fhéadfadh Mac Uí Chormaic cheithre fichid punnt ar chuma ar bith a shaothrughadh ar an teanagaidh dhá ndéanaidh sé mar rinne Dáithí Ua Ceallacháin. Níl a fhios againn an Gaedhilgeóir é fear Rosmuc, acht ní raibh focal ag an bhfear eile nuair a tháinig sé go hÁrainn ar dtús agus is mór an chreideamhaint a thuilleas sé. Is fearr an aghaidh creideamhaint máighistir sgoile a mhúinfeas Gaedhilg do cheathar is cheithre fichid páisde as an gcéad 'ná an té a mhúinfeas í do cheathar is cheithre fichid as trí chéad nó as cheithre chéad. Tá aon bhealach amháin eile ann do mheabhruigh fear dhúinn an lá cheana leis an gcúis a dhéanamh níos comthroime arís. Deir sé go bhfuil an oiread go leith maitheasa do'n teangaidh i leanbh a bheith ag foghluim Gaedhilge na dara bliadhna ar sgoil leis an leanbh a bhéas ag foghluim an chéad bhliadhain. Deir sé fós gur fiú a thrí oiread measa a thabhairt do'n pháisde bheas ag foghluim an tríomhadh bliadhain seachas an páisde a bheas ag foghluim ar feadh na céad bliadhna. Roinnfeadh an fear so na marcanna mar so: — Do na páisdibh atá ag foghluim an chéad bhliadhain thiubhradh sé marc, do pháisdíbh na dara bliadhna marc go leith, agus do pháisdibh na treas bliadhna thiubhradh sé trí marcanna. Sin é an roinnt ceart le tabhairt ar na marcannaibh, & dá roinnfidhe mar sin iad badh goire do chomhthroimeacht é ná mar tá an sgéal anois. Go raibh a dheich oiread airgid le fagháil ag na máighistribh sgoile i mbliadhna, & a dheich oiread sin arís an bhliadhain dá chionn sin. Cuir i gcás gur beag a dhéanfadh cuid mhaith aca, marach an t-airgead ní mór linn dóibh gach a ndéanfaidh siad as. Rud eile fós, níor dhochar dhá ndéanfadh na múinteóirí a ndícheall báis & beathadh ar son na teangadh, & annsin bheidís 'ghá dhéanamh ar a son féin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services