Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Airgead na Gaedhilge

Teideal
Airgead na Gaedhilge
Údar
Ní fios,
Dáta cumtha
1903
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Baile Átha Cliath, Eanair 3, 1903



Airgead na Gaedhilge.



Chífear, do réir an chunntais a tháinig ó Bhórd an
Oideachais fa na sgoileanna, & an t-airgead do shaoth-
ruigh na máighistrí ar mhúnadh na Gaedhilge, go bhfuair
235 sgoil os cionn £2,000 ar an obair i n-imtheacht
na bliadhna i nuraidh. Níor frioth an t-am soin sgéala
ar bith fá'na sgoileanna a bhí ag múnadh Gaedhilge mar
chuid d'oideachas choitcheann na bpáisdí, acht fa
Bhealtaine seo chuaidh thorainn tá a fhios go raibh 1,300
sgoil san tír inar mhúineadh an teanga. Cuir i gcás
annsin gur bhain 1,000 sgoil airgead as an obair seo
i mbliadhna, d'fhágfadh sin suas & anuas le £10,000 do
theacht isteach ag máighistribh sgoile i dteannta a
dtuarastal eile. Anois fa láthair [no]{nó} fa cheann míosa
eile is dóigh go mbeidh chomh maith le 2,000 sgoil ann
ina múinfear an Ghaedhilg, acht is deacair a rádh cé
mhéad ceann aca-sa a ghnóthghas airgead as na
páisdíbh. Is féidir an rud atá againn, ar chuma ar
bith, a chóimhreamh. Siad máighistrí na Gaillimhe is mó a
bhain airgead as an ngnó. £500 acht punnt a fuaireadar
as, cé nach raibh aca ann acht 65 sgoil. 47 sgoil a bhí
i gCorcaigh ag saothrughadh aisti & bhaineadar-san £450
amach & bhain 40 sgoil i gCiarraidhe go láidir os cionn
cheithre chéad punnt amach. Ní fiú cainnt, as gach a
bhfuair máighistrí Chonndae Dhúin na nGall, ná máighis-
trí Chonndae Mhuigheó, acht nuair a déanfar amach clár
na bliadhna so ní bheidh siad ar deireadh. Tá an sgéal
céadna le n-aithris fa Chonndae an Chláir, mar 'sna
trí áit seo tá togha na haire dhá thabhairt do'n teangaidh
san sgoil le ráithe nó dhó.



Féach anois ar na sgoileannaibh féin go bhfeicidh tú
goidé mar tá an sgéal. Do réir an chláir seo ní raibh
páisde ina sgoil ag Dáithí Ua Ceallacháin i nÁrainn
nach bhfuair sé airgead as acht 7; & sin é Tomás Mac
Cormaic i Rosmuc nach bhfuair íocaidheacht acht ar
cheathar as 109 páisde ina sgoil féin. Tá an oiread
Gaedhilge i Rosmuc, gach uile phioc, agus tá i bhFearann
an Choirce i nÁrainn, & d'fhéadfadh Mac Uí Chormaic
cheithre fichid punnt ar chuma ar bith a shaothrughadh ar
an teanagaidh dhá ndéanaidh sé mar rinne Dáithí Ua
Ceallacháin. Níl a fhios againn an Gaedhilgeóir é
fear Rosmuc, acht ní raibh focal ag an bhfear eile
nuair a tháinig sé go hÁrainn ar dtús agus is mór an
chreideamhaint a thuilleas sé. Is fearr an aghaidh
creideamhaint máighistir sgoile a mhúinfeas Gaedhilg
do cheathar is cheithre fichid páisde as an gcéad 'ná an
té a mhúinfeas í do cheathar is cheithre fichid as trí
chéad nó as cheithre chéad.



Tá aon bhealach amháin eile ann do mheabhruigh fear
dhúinn an lá cheana leis an gcúis a dhéanamh níos
comthroime arís. Deir sé go bhfuil an oiread go
leith maitheasa do'n teangaidh i leanbh a bheith ag
foghluim Gaedhilge na dara bliadhna ar sgoil leis an
leanbh a bhéas ag foghluim an chéad bhliadhain. Deir sé
fós gur fiú a thrí oiread measa a thabhairt do'n
pháisde bheas ag foghluim an tríomhadh bliadhain seachas
an páisde a bheas ag foghluim ar feadh na céad bliadhna.
Roinnfeadh an fear so na marcanna mar so: — Do
na páisdibh atá ag foghluim an chéad bhliadhain thiubhradh
sé marc, do pháisdíbh na dara bliadhna marc go leith,
agus do pháisdibh na treas bliadhna thiubhradh sé trí
marcanna. Sin é an roinnt ceart le tabhairt ar na
marcannaibh, & dá roinnfidhe mar sin iad badh goire
do chomhthroimeacht é ná mar tá an sgéal anois.



Go raibh a dheich oiread airgid le fagháil ag na
máighistribh sgoile i mbliadhna, & a dheich oiread sin
arís an bhliadhain dá chionn sin. Cuir i gcás gur beag
a dhéanfadh cuid mhaith aca, marach an t-airgead
ní mór linn dóibh gach a ndéanfaidh siad as. Rud eile
fós, níor dhochar dhá ndéanfadh na múinteóirí a
ndícheall báis & beathadh ar son na teangadh, &
annsin bheidís 'ghá dhéanamh ar a son féin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services