Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Is deacair do dhuine amuigh fé 'n dtuaith cur síos ar ghnáth-chúrsaibh an tsaoghail nuair ná bíonn fagháil ar an bpáipéar laetheamhail do léigheamh aige. Sin é mo dhálta-sa an taca so, agus ó's í seo aimsir na Nodlag go háirithe tá súil agam ná beidhfear ró-dhian orm, má thárluigheann go mbeam builleadh beag chum deiridh an tseachtmhain seo. Is dóigh liom gur labhras, an tseachtmhain seo ghaibh tharainn, ar an mbualadh bas agus an fothrom árd is gnáthach ag muinntir áirithe nuair bheidh ag tosnughadh ar chraoibh de Chonnradh na Gaedhilge nó buidhean foghluma do chur ar bun. Dubhart gurab 'in é nós na nGaedheal i gcomhnuidhe. Níor mhór dúinn an nós soin do sheachaint feasta. Níor mhór dhúinn féachaint romhainn beagán, agus gan taobhadh le fear na bláth- chainnte. Ní hag teacht i gcoinnibh cainnte atáim ar éan-chor, acht is dóigh liom gur gnáthach breis chainnte againn & gan gníomhartha dá réir le feicsint. Is dóigh liom mar an gcéadna nach iad na Gaedhilgeóirí is mó atá cionntach san droch-nós so. Is iad na Béarlóirí, gan rath ortha, nó iad so gur dóigh leo go bhfuil Béarla thar barr aca is mó do dheineann bolgán béice díobh féin. Chuirfidís allaoire ar dhuine uaireanta, le n-a gcuid ráiméise gan bhrigh gan tairbhe. Narab fhada uainn an lá go mbeidh cúis na Gaedhilge scartha leó féin & a gcuid glóir gan éifeacht go háirithe. Is ró- fhada atáimíd ag cur suas le mór-chúis mhuinntire an Bhláith-Bhéarla & is mithid dúinn gabháilt do chosaibh ann. Ar an dtaobh eile tugaim fé ndeara ar mhuinntir na Gaedhilge chomh luath is tosnuighid ar obair do dhéanmamh go leanaid uirthi ar lán a ndíchill. Go deimhin, is é an locht is mó do b'éidir d'fhagháil ortha ná tugaidh cunntas in-éan-chor dúinn ar a mbíonn dá dhéanamh aca. Luighid isteach ar obheir, faghaid leabhair, bíd ag léightheóireacht agus ag aithris ar na hughdair acht is i gan fhios do'n tsaoghal é. Ba dhóigh le duine ortha gurab amhlaidh bheadh náire ortha dá gcloisfeadh éinne leathsmuigh dá bparóiste féin scéala uatha. Ar shon gurab iad na muca ciúine d'itheann an triosc, is deimhin gur mór an misneach do chuirfidhe orainn go léir acht tuairiscí d'fhagháil [gac]{gach} seachtmhain ó sna craobhachaibh ar fuid na Gaedhealtachta. Ní thuigid muinntir na Gaedhealtachta é acht is mór an t-adhbhair áthais dóibh seo atá ag obair i lár na Galldachta fios d'fhagháil chomh minic & is féidir é, ar chúrsaibh na Gaedhilge ins na ceanntaraibh Gaedhealacha. Cuirimís i gcás mar atáthar ag obair ar an Maoilín. Roinnt bliadhanta ó shoin do cuireadh craobh de'n Chonnradh ar bun san tsráid is comhgaraighe do'n Mhaoilín. Bhí an-fhothrom & bualadh bas & liughraidh aca mar gheall air. Bhí gach éinne ceaptha ar a dhicheall do dhéanamh chum an Ghaedhilg d'fhoghluim. Bheadh an paróiste go léir Gaedhealach aca i gcionn bliadhna. Do chuirfidhe an ruaig ar na Seóinínibh. Eadrainn féin is dóigh liom go raibh mór-chuid de'n treibh chéadna láithreach ar an gcéad chruinniughadh, & gurab iad na daoine ba mhó glór & liughraidh & fothrom. Acht, dálta an scéil, is gearr do sheasaimh an chraobh so áirithe. Bhí an-chuid daoine ag teacht chuca ar feadh tamaill. Bhí an bhuidhean ag dul i laighead i ndiaidh a chéile i gcomhnuidhe go dtí gur bh'éigin cur suas de'n obair i ndeireadh na dála. Is dóigh liom go bhfuil ainm na craoibhe seo i leabhar an Bhairéadaigh fós acht ní'l éan-choinne agam go bhfanfaidh sé i bhfad eile ann. Tá a duadh faghálta aici. Tá sí i mbéalaibh báis. Tá na Seóiníní & na Staigíní ag gáiridhe & ag magadh fúithi. “An té bhíonn síos luightear cos air.” Bhí beirt nó triúr ámh, 'n-a measc agus b'olc leó mar chuaidh an bhuidhean i ndísc, agus mar stadadh de'n obair. Chuireadar a gcomhairle le chéile & as soin do thárlaidh gur cuireadh buidhean ar bun ar an Maoilín. Bhíodar lag go leór ar dtúis, acht bhíodar dáríribh. Níor dheineadar liughraidh ná fothrom acht
dheineadar rud do bhí i bhfad Éireann ní b'fhearr; dheineadar obair. Níor staonadar riamh ó thosnuigh- eadar timcheall ráithe ó shoin. Tá a rian ortha. Ní airightear éan-rud dá labhairt ar an Maoilín anois acht Gaedhilg. Tá cuid aca, ná raibh eólas na litreach aca ráithe ó shoin, anois ábalta ar Eoghan Ruadh do léigheamh. Ní gábhadh dham a rádh go raibh an Ghaedhilg riamh dá labhairt ar an Maoilín acht le déidheannaighe ní mór an taithighe bhíodh dá dhéanamh ag muinntir na háite uirthi. Tá sléibhte leathstiar de'n Mhaoilín agus badh mhaith an sás iad chum an Ghaedhilg do choimeád ann. Acht 'n-a dhiaidh soin is uile bhí an Bhéarla tar éis greim d'fhagháil ortha. D'óbair go slogfadh sé iad. Acht chomh luath agus fuaradar bolaidh na Gaedheal- tachta arís, do chaitheadar an ghlafairneach eile i n-ainm an riabhaigh, & beidh bláthanna ar an bhfraoch & ar an aiteann Ghaedhealach an Samhradh so chugainn, ná facathas a leithéidí ar an Maoilín lé cuimhneamh an tsean-duine is sine ann. Acht cad 'n-a thaobh nár airigheamar ó'n Maoilín roimhe seo? Cad 'n-a thaobh nár chuireadh i n-umhail dúinn go rabhthas ag obair ann? Tá áiteanna eile ar m'eólas- sa, i bhfad níos mó & níos Gaedhealaighe b'éidir 'ná mar atá an Maoilín, 'n-a bhfuiltear ag obair os íseal, & cad 'n-a thaobh ná fuighmíd scéala uatha anois is arís. Ní maith liom breis ghlóir dhíomhaoin, go háirithe má's ráiméis Bhéarla ó dhuine ná tuigeann an Ghaedhilg é. Níor mhór d'on Athair Peadar ainm fé leith do cheapadh do'n treibh úd. Agus ar an dtaobh eile ní maith liom ró-náireach na Gaedhil atá ag obair. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services