Cúrsaidhe an tSaoghail
Is deacair do dhuine amuigh fé 'n dtuaith cur síos ar
ghnáth-chúrsaibh an tsaoghail nuair ná bíonn fagháil ar
an bpáipéar laetheamhail do léigheamh aige. Sin é mo
dhálta-sa an taca so, agus ó's í seo aimsir na
Nodlag go háirithe tá súil agam ná beidhfear ró-dhian
orm, má thárluigheann go mbeam builleadh beag
chum deiridh an tseachtmhain seo.
Is dóigh liom gur labhras, an tseachtmhain seo ghaibh
tharainn, ar an mbualadh bas agus an fothrom árd is
gnáthach ag muinntir áirithe nuair bheidh ag tosnughadh
ar chraoibh de Chonnradh na Gaedhilge nó buidhean
foghluma do chur ar bun. Dubhart gurab 'in é nós na
nGaedheal i gcomhnuidhe. Níor mhór dúinn an nós soin
do sheachaint feasta. Níor mhór dhúinn féachaint
romhainn beagán, agus gan taobhadh le fear na bláth-
chainnte.
Ní hag teacht i gcoinnibh cainnte atáim ar éan-chor,
acht is dóigh liom gur gnáthach breis chainnte againn &
gan gníomhartha dá réir le feicsint. Is dóigh liom
mar an gcéadna nach iad na Gaedhilgeóirí is mó atá
cionntach san droch-nós so. Is iad na Béarlóirí,
gan rath ortha, nó iad so gur dóigh leo go bhfuil Béarla
thar barr aca is mó do dheineann bolgán béice díobh
féin. Chuirfidís allaoire ar dhuine uaireanta, le n-a
gcuid ráiméise gan bhrigh gan tairbhe. Narab fhada
uainn an lá go mbeidh cúis na Gaedhilge scartha leó
féin & a gcuid glóir gan éifeacht go háirithe. Is ró-
fhada atáimíd ag cur suas le mór-chúis mhuinntire an
Bhláith-Bhéarla & is mithid dúinn gabháilt do chosaibh
ann.
Ar an dtaobh eile tugaim fé ndeara ar mhuinntir
na Gaedhilge chomh luath is tosnuighid ar obair do
dhéanmamh go leanaid uirthi ar lán a ndíchill. Go
deimhin, is é an locht is mó do b'éidir d'fhagháil ortha
ná tugaidh cunntas in-éan-chor dúinn ar a mbíonn dá
dhéanamh aca. Luighid isteach ar obheir, faghaid leabhair,
bíd ag léightheóireacht agus ag aithris ar na hughdair
acht is i gan fhios do'n tsaoghal é. Ba dhóigh le duine
ortha gurab amhlaidh bheadh náire ortha dá gcloisfeadh
éinne leathsmuigh dá bparóiste féin scéala uatha.
Ar shon gurab iad na muca ciúine d'itheann an
triosc, is deimhin gur mór an misneach do chuirfidhe
orainn go léir acht tuairiscí d'fhagháil [gac]{gach} seachtmhain
ó sna craobhachaibh ar fuid na Gaedhealtachta. Ní
thuigid muinntir na Gaedhealtachta é acht is mór an
t-adhbhair áthais dóibh seo atá ag obair i lár na
Galldachta fios d'fhagháil chomh minic & is féidir é, ar
chúrsaibh na Gaedhilge ins na ceanntaraibh Gaedhealacha.
Cuirimís i gcás mar atáthar ag obair ar an Maoilín.
Roinnt bliadhanta ó shoin do cuireadh craobh de'n
Chonnradh ar bun san tsráid is comhgaraighe do'n
Mhaoilín. Bhí an-fhothrom & bualadh bas & liughraidh aca
mar gheall air. Bhí gach éinne ceaptha ar a dhicheall do
dhéanamh chum an Ghaedhilg d'fhoghluim. Bheadh an
paróiste go léir Gaedhealach aca i gcionn bliadhna.
Do chuirfidhe an ruaig ar na Seóinínibh. Eadrainn féin
is dóigh liom go raibh mór-chuid de'n treibh chéadna
láithreach ar an gcéad chruinniughadh, & gurab iad na
daoine ba mhó glór & liughraidh & fothrom.
Acht, dálta an scéil, is gearr do sheasaimh an chraobh
so áirithe. Bhí an-chuid daoine ag teacht chuca ar feadh
tamaill. Bhí an bhuidhean ag dul i laighead i ndiaidh
a chéile i gcomhnuidhe go dtí gur bh'éigin cur suas de'n
obair i ndeireadh na dála. Is dóigh liom go bhfuil
ainm na craoibhe seo i leabhar an Bhairéadaigh fós acht
ní'l éan-choinne agam go bhfanfaidh sé i bhfad eile ann.
Tá a duadh faghálta aici. Tá sí i mbéalaibh báis. Tá
na Seóiníní & na Staigíní ag gáiridhe & ag magadh fúithi.
“An té bhíonn síos luightear cos air.”
Bhí beirt nó triúr ámh, 'n-a measc agus b'olc leó
mar chuaidh an bhuidhean i ndísc, agus mar stadadh
de'n obair. Chuireadar a gcomhairle le chéile & as soin
do thárlaidh gur cuireadh buidhean ar bun ar an
Maoilín. Bhíodar lag go leór ar dtúis, acht bhíodar
dáríribh. Níor dheineadar liughraidh ná fothrom acht
dheineadar rud do bhí i bhfad Éireann ní b'fhearr;
dheineadar obair. Níor staonadar riamh ó thosnuigh-
eadar timcheall ráithe ó shoin. Tá a rian ortha. Ní
airightear éan-rud dá labhairt ar an Maoilín anois
acht Gaedhilg. Tá cuid aca, ná raibh eólas na litreach
aca ráithe ó shoin, anois ábalta ar Eoghan Ruadh do
léigheamh.
Ní gábhadh dham a rádh go raibh an Ghaedhilg riamh dá
labhairt ar an Maoilín acht le déidheannaighe ní mór
an taithighe bhíodh dá dhéanamh ag muinntir na háite
uirthi. Tá sléibhte leathstiar de'n Mhaoilín agus badh
mhaith an sás iad chum an Ghaedhilg do choimeád ann.
Acht 'n-a dhiaidh soin is uile bhí an Bhéarla tar éis
greim d'fhagháil ortha. D'óbair go slogfadh sé iad.
Acht chomh luath agus fuaradar bolaidh na Gaedheal-
tachta arís, do chaitheadar an ghlafairneach eile i
n-ainm an riabhaigh, & beidh bláthanna ar an bhfraoch &
ar an aiteann Ghaedhealach an Samhradh so chugainn, ná
facathas a leithéidí ar an Maoilín lé cuimhneamh an
tsean-duine is sine ann.
Acht cad 'n-a thaobh nár airigheamar ó'n Maoilín roimhe
seo? Cad 'n-a thaobh nár chuireadh i n-umhail dúinn go
rabhthas ag obair ann? Tá áiteanna eile ar m'eólas-
sa, i bhfad níos mó & níos Gaedhealaighe b'éidir 'ná
mar atá an Maoilín, 'n-a bhfuiltear ag obair os íseal,
& cad 'n-a thaobh ná fuighmíd scéala uatha anois is
arís. Ní maith liom breis ghlóir dhíomhaoin, go háirithe
má's ráiméis Bhéarla ó dhuine ná tuigeann an Ghaedhilg
é. Níor mhór d'on Athair Peadar ainm fé leith do
cheapadh do'n treibh úd. Agus ar an dtaobh eile ní
maith liom ró-náireach na Gaedhil atá ag obair.
Tórna