Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Chreach i gCreachmhaoil
Title
An Chreach i gCreachmhaoil
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Mí Nodlag 27, 1902 AN CHREACH I gCREACHMHAOIL Tháinig sgéala ó Rúnaire na craoibhe i gCreachmhaoil go bhfuair an chraobh a bhí san áit sin bás. Níl i gCreachmhaoil acht áit bheag — sráid-bhaile beag san taobh thoir ndeas do Chonndae na Gaillimhe. Tá an Ghaedhilg ag na sean daoinibh timcheall na háite úd fós, tá sean daoine ann a bhfuil lán leabhair do sgéalaidheacht & d'fhilidheacht aca — mar is annsúd a fuair an Reachtúire bocht bás — acht níl smid dhi ag na páisdibh acht cibé cé an slapaireacht bheag atá siad fhagháil i gcorr sgoil annso is annsúd. Do réir mar theigheas tú soir ó chuan na Gaillimhe go Sionainn tá an teanga ag imtheacht, nó imthighthe cheana, agus is le leath-chéad bliadhain anuas a d'imthigh sí. Bhí cupla cruinniughadh nó trí ann le goirid, agus cosamhlacht an-bheó ar fad ar an [bhí] gceanntar. Ní raibh an chraobh riamh go láidir ann acht mar sin féin ní maith an rud é go bhfuair sí bás. Ní bheadh an sgéal chomh dona acht gur idir lucht an Bhéarla thoir & lucht na Gaedhilge thiar atá an ceanntar. Sin é go díreach an ceanntar a chaithfear a' neartughadh, & níor mhór do thimthire cuairt a thabhairt air. Síleann na daoine seo, go bhfóiridh Dia orra, nach bhfuil a dteanga féin sáthach galánta. Ní náire ar fad atá orra í labhairt, acht tá an cleachtadh ar an mBéarla fáisgighthe chomh daingean sin isteach ina gcroidhthibh, & greim chomh láidir sin aige orra go gcaithfear gach uile bheart a fhéachaint leo le cur fa ndeara do na haithreacha & do na máithreacha an Ghaedhilg a labhairt le na gcloinn. Táthar ag tairisgint duaiseanna anois do na páis- díbh is mó a labhras í i rith bliadhna. Mholamar cleas eile do mhuinntir Feise Chonndae Mhuigheo, .i. duais- eanna a thabhairt do na páisdibh a d'fhoghluimeóchaidh amhráin ó na sean daoinibh. Dá mb'fhéidir na duais- eanna soin a chur ar bun sna sgoileannaibh, dar linn go mbadh leas tar barr é. Is maith an rud daoine a chomhairleachan Gaedhilg a labhairt agus gur mór an náire gan í labhairt, & cainnt do'n tsórt soin, acht ní théigheann si i bhfad. Tá daoine ann anois & níor mhór leo airgead d'fhagháil as ucht i labhairt. Sin í an chaoi a bhfuil an sgéal & ní fuláir é leasughadh, & é leasughadh go haibhéil freisin, nó beidh níos mó ná aon Chreach Mhaoil amháin againn sul bheas bliadhain eile tharainn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services