Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Chreach i gCreachmhaoil

Title
An Chreach i gCreachmhaoil
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Mí Nodlag 27, 1902



AN CHREACH I gCREACHMHAOIL



Tháinig sgéala ó Rúnaire na craoibhe i gCreachmhaoil
go bhfuair an chraobh a bhí san áit sin bás. Níl i
gCreachmhaoil acht áit bheag — sráid-bhaile beag san
taobh thoir ndeas do Chonndae na Gaillimhe. Tá an
Ghaedhilg ag na sean daoinibh timcheall na háite úd
fós, tá sean daoine ann a bhfuil lán leabhair do
sgéalaidheacht & d'fhilidheacht aca — mar is annsúd a
fuair an Reachtúire bocht bás — acht níl smid dhi ag na
páisdibh acht cibé cé an slapaireacht bheag atá siad
fhagháil i gcorr sgoil annso is annsúd. Do réir mar
theigheas tú soir ó chuan na Gaillimhe go Sionainn tá
an teanga ag imtheacht, nó imthighthe cheana, agus is le
leath-chéad bliadhain anuas a d'imthigh sí.



Bhí cupla cruinniughadh nó trí ann le goirid, agus
cosamhlacht an-bheó ar fad ar an [bhí] gceanntar. Ní
raibh an chraobh riamh go láidir ann acht mar sin féin ní
maith an rud é go bhfuair sí bás. Ní bheadh an sgéal
chomh dona acht gur idir lucht an Bhéarla thoir & lucht
na Gaedhilge thiar atá an ceanntar. Sin é go díreach
an ceanntar a chaithfear a' neartughadh, & níor mhór do
thimthire cuairt a thabhairt air. Síleann na daoine seo,
go bhfóiridh Dia orra, nach bhfuil a dteanga féin sáthach
galánta. Ní náire ar fad atá orra í labhairt, acht tá
an cleachtadh ar an mBéarla fáisgighthe chomh daingean
sin isteach ina gcroidhthibh, & greim chomh láidir sin aige
orra go gcaithfear gach uile bheart a fhéachaint leo le
cur fa ndeara do na haithreacha & do na máithreacha
an Ghaedhilg a labhairt le na gcloinn.



Táthar ag tairisgint duaiseanna anois do na páis-
díbh is mó a labhras í i rith bliadhna. Mholamar cleas
eile do mhuinntir Feise Chonndae Mhuigheo, .i. duais-
eanna a thabhairt do na páisdibh a d'fhoghluimeóchaidh
amhráin ó na sean daoinibh. Dá mb'fhéidir na duais-
eanna soin a chur ar bun sna sgoileannaibh, dar
linn go mbadh leas tar barr é. Is maith an rud
daoine a chomhairleachan Gaedhilg a labhairt agus
gur mór an náire gan í labhairt, & cainnt do'n tsórt
soin, acht ní théigheann si i bhfad. Tá daoine ann anois
& níor mhór leo airgead d'fhagháil as ucht i labhairt.
Sin í an chaoi a bhfuil an sgéal & ní fuláir é leasughadh,
& é leasughadh go haibhéil freisin, nó beidh níos mó ná
aon Chreach Mhaoil amháin againn sul bheas bliadhain
eile tharainn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services