Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis Uladh
Title
Feis Uladh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Mí Nodlag 20, 1902 FEIS ULADH Is iomdha rud do bhí ag Feis Bhéilfeirsde le áthas a chur ar Ghaedhilgeóiribh na cathrach soin, le misneach a thabhairt dóibh & le muinighin a chur ina gcroidhthibh, acht dá mbeadh an oiread & an oiread & oiread eile neithe ann le misneach a thabhairt dóibh bheadh gnó leó go léir. Cathair odhar iseadh í Béalfeirsde, cathair a bheas gallda nuair a bheas an chuid eile do'n tír go léir Gaedhealach. Tá daoine annsúd a bháidhfeadh an Gaedheal & a theanga seacht bhfeadh fa thóin an phoill is doimhne sa bhfairrge, dhá bhféadaidís é. Acht bhí dá réir sin, ar ndaoine féin ann ag an bhfeis, & ní baoghal do'n Ghaedhealtacht comh fada 'sis beó iad. Sé an Cairdinéal uasal crann taca na teangadh i gcúige Uladh. Níl sé sásta le labhairt ar a son nuair nach gcuirfeadh sin mí-chomhgar air, ná níl sé sásta, nuair a labhrann sé, gan smior & brígh a bheith ina chuid cainnte. Acht bhí daoine nach hé ann a bhfuil a gcroidhe san obair aca. Ní forusta aithne do chur orra go léir nuair nach bhféadfar a thabhairt orra acht cuairtín ghearr, acht bhí muinntir Chaisleáin a' Mhuilinn go láidir ann, & foireann maith ó Dhúin na nGall (go raibh maith ag Mac Uí Ghallchubhair — mar is fear é atá ag déanamh an oiread ar son na teangadh ina cheanntar féin & do rinne an Doctúir Ua Loinghsigh i mBaile Mhúirne). Bhí an oiread do phráinn ag Mac Uí Bharrchoille (as Lios na gCearrbhach) as a dhalta Aimí Feiris nuair a ghnóthuigh sí duais & dá mbronntaidhe dúthaigh air, acht is fear é a sheasas ar an gcúlráidh nó go mbeidh rud le déanamh. Duine eile do'n chineál céadna iseadh é Mac Uí Loideáin, an Rúnaire, & chomh fad' is bhí sé féin & “Conán Maol” i dteannta a chéile ní raibh baoghal ar an bhfeis. Acht is é fír na maitheasa & le dílseacht atá gnó aca so & ag na míltibh eile dá sórt i gcúige Uladh. Tá cáirde aca — go bhfóiridh Dia orainn — & bhí cruin- niughadh aca so i n-áit eile, oidhche na feise. Labhradar ag an gcruinniughadh so ar sincere sympathy éigin a bhí aca do lucht na feise. Dá mb'fhíor an sgéal soin, is go teach na feise do thiocfaidís an oidhche úd. “Ní chothuighid na bréithre na bráithre,” & b'fhiúntaighe dhóibh a bheith 'na dtost fa'n sympathy ná cam-leithsgeál a thabhairt nach gcreidfeadh éinne. Má bhíonn capall i bpoll móna & i gcontabhairt a bháidhte is beag an luath go dtarraingeoghaidh bréithre bladhmainn aníos é. Maidir leis na Gaill, ní mórán atá siad ag cur as dúinn. Is cneasta iad ná na cáirde arís & dá bhrígh sin is fusa réidhteach leo. Ní bheidh súil leo ag feis ná ag cuirm ceóil, & cuirfear an Ghaedhilg ar bun dá n-aimhdheóin. Fágann sin gur mór an obair atá roimh Chúige Uladh fós fá dtaobh do'n Ghaedhilg, & tá sé air aca go léir a ndícheall báis & beatha a dhéanamh feasta, mar tá déanta ag cuid mhaith aca go nuige seo, le lámh i n-uachtar d'fhagháil ar an mBéarla. Ba mhaith an buille ar aghaidh chuige sin í an fheis seo, acht ní raibh innti acht mar bheadh solas coinntle i gcomórtas le solas na gréine la hais mar tá le déanamh fós i gCúige Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services