Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feis Uladh

Title
Feis Uladh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Mí Nodlag 20, 1902



FEIS ULADH



Is iomdha rud do bhí ag Feis Bhéilfeirsde le áthas
a chur ar Ghaedhilgeóiribh na cathrach soin, le misneach a
thabhairt dóibh & le muinighin a chur ina gcroidhthibh, acht
dá mbeadh an oiread & an oiread & oiread eile
neithe ann le misneach a thabhairt dóibh bheadh gnó leó
go léir. Cathair odhar iseadh í Béalfeirsde, cathair a
bheas gallda nuair a bheas an chuid eile do'n tír go
léir Gaedhealach. Tá daoine annsúd a bháidhfeadh an
Gaedheal & a theanga seacht bhfeadh fa thóin an phoill is
doimhne sa bhfairrge, dhá bhféadaidís é. Acht bhí dá
réir sin, ar ndaoine féin ann ag an bhfeis, & ní baoghal
do'n Ghaedhealtacht comh fada 'sis beó iad. Sé an
Cairdinéal uasal crann taca na teangadh i gcúige
Uladh. Níl sé sásta le labhairt ar a son nuair nach
gcuirfeadh sin mí-chomhgar air, ná níl sé sásta, nuair
a labhrann sé, gan smior & brígh a bheith ina chuid
cainnte.



Acht bhí daoine nach hé ann a bhfuil a gcroidhe san
obair aca. Ní forusta aithne do chur orra go léir
nuair nach bhféadfar a thabhairt orra acht cuairtín
ghearr, acht bhí muinntir Chaisleáin a' Mhuilinn go
láidir ann, & foireann maith ó Dhúin na nGall (go raibh
maith ag Mac Uí Ghallchubhair — mar is fear é atá ag
déanamh an oiread ar son na teangadh ina cheanntar
féin & do rinne an Doctúir Ua Loinghsigh i mBaile
Mhúirne). Bhí an oiread do phráinn ag Mac Uí
Bharrchoille (as Lios na gCearrbhach) as a dhalta Aimí
Feiris nuair a ghnóthuigh sí duais & dá mbronntaidhe
dúthaigh air, acht is fear é a sheasas ar an gcúlráidh nó
go mbeidh rud le déanamh. Duine eile do'n chineál
céadna iseadh é Mac Uí Loideáin, an Rúnaire, & chomh
fad' is bhí sé féin & “Conán Maol” i dteannta a
chéile ní raibh baoghal ar an bhfeis.



Acht is é fír na maitheasa & le dílseacht atá gnó
aca so & ag na míltibh eile dá sórt i gcúige Uladh.
Tá cáirde aca — go bhfóiridh Dia orainn — & bhí cruin-
niughadh aca so i n-áit eile, oidhche na feise. Labhradar
ag an gcruinniughadh so ar sincere sympathy éigin a
bhí aca do lucht na feise. Dá mb'fhíor an sgéal soin,
is go teach na feise do thiocfaidís an oidhche úd. “Ní
chothuighid na bréithre na bráithre,” & b'fhiúntaighe dhóibh
a bheith 'na dtost fa'n sympathy ná cam-leithsgeál a
thabhairt nach gcreidfeadh éinne. Má bhíonn capall i
bpoll móna & i gcontabhairt a bháidhte is beag an luath
go dtarraingeoghaidh bréithre bladhmainn aníos é.



Maidir leis na Gaill, ní mórán atá siad ag cur as
dúinn. Is cneasta iad ná na cáirde arís & dá bhrígh
sin is fusa réidhteach leo. Ní bheidh súil leo ag feis
ná ag cuirm ceóil, & cuirfear an Ghaedhilg ar bun dá
n-aimhdheóin.



Fágann sin gur mór an obair atá roimh Chúige Uladh
fós fá dtaobh do'n Ghaedhilg, & tá sé air aca go léir a
ndícheall báis & beatha a dhéanamh feasta, mar tá
déanta ag cuid mhaith aca go nuige seo, le lámh i
n-uachtar d'fhagháil ar an mBéarla. Ba mhaith an
buille ar aghaidh chuige sin í an fheis seo, acht ní raibh
innti acht mar bheadh solas coinntle i gcomórtas le
solas na gréine la hais mar tá le déanamh fós i
gCúige Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services