Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Teallach nó an Sgoil
Title
An Teallach nó an Sgoil
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Mí Nodlag 13, 1902 AN TEALLACH NÓ AN SGOIL Tugtar an oiread aire anois do'n Ghaedhilg san sgoil, gur baoghalach go ndeanfar faillighe ar thaoibh eile do'n cheist .i. céard a déantar ar an teallach ar son na teangadh. Dar linn nach bhfuil comórtas ar bith idir an sgoil & an teallach, nó an baile, leis an nGaedhilg do mhúnadh. Is iomdha duine nár chuir cos taobh istigh do dhoras sgoile fós riamh acht níor fháguigh sin gan teangaidh é. Agus más linn an Ghaedhilg do choimhéad beo i dteach ar bith ina bhfuil sí fá láthair tá sé air againn an cheist sin d'ionnsuidhe gan mhoill. Seo sgéal a chruthóchas — má tá cruthughadh ag teas- táil — nach mór dhúinn deabhadh a dhéanamh nó ní bheidh againn ar ball acht caonach. I sráid-bhaile thíos i gconn- dae Mhuigheó bhí Gaedhilgeóir ag teasdeal le goirid, & tháinig sé isteach i dteach le cumhan-tráth an hoidhche. Chonnaic sé gur labhair an t-athair & an mháthair, agus an chlann ba sine — sé sin an chuid aca a bhí ó fhichid bliadhain suas — Gaedhilg. Thuig an clann eile í, iad- san a bhí idir deich mbliadhna & fiche bliadhain, acht ní raibh focal ná smid amháin ag na páisdibh do b'óige .i. iad-san do bhí ó dheich mbliadhna anuas. Sin sgéal náireach, dá mbeadh maith 'ghá chásughadh. Is scanall tar barr é tar éis naoi mbliadhna ag obair. Cé'n mhaith dhúinn bunáilte chúig céad craobh do'n Chonnradh bheith againn, cé'n mhaith dhúinn a bheith ag cur leabhra & páipéir amach, cé 'n mhaith dúinn méitheal timthirí bheith ar an mbóthar againn, cé an chabhair dhúinn a bheith ag déanamh rí-rá & gleó & torann má tá na Gaedhilgeóirí seo ag déanamh Béarlóirí dá gclainn chomh tiugh nó i bhfad níos tiughtha ná mar tá na Gaedhilgeóirí ag teacht chugainn. Ní dhéanfaidh an sgoil Gaedhilge- óirí dhúinn, acht ní bheidh an teallach (an baile) mar sin, má thosuigheann na tuismidhe é. Níor mhisde dhúinn a dhul i mbannaidhe go gcoimhirfeá ar mhéarachaibh láimhe leat gach a bhfuil do Ghaedhilgeóirí do bharr sgol againn, & má chéileann an t-athair & an mháthair — mór-mhór an mháthair — an teanga ar a gclainn mar tá siad a dhéanamh san tsráid-bhaile sin i gConndae Mhuigheo, & ar bhailtibh & sráid-bhailtibh nach hé, tógfaidh sé gar d'fhichid bliadhain d'fhear-is-barr orainn i nGaedhilg a chur ar bun thar mar thógfadh sé dá mbeidís linn. Is ceist ar leith í an sgoil. Téigheadh páisdí ar sgoil nó ná téigheadh ní bhéidh siad gan cainnt. Tá na tuismidhe ag tabhairt cluas bhodhar dhúinn, agus dá mb'éigin a dhul dóibh as éadan, ó dhuine go duine, caithfear a dhéanamh & an teanga a choinneál beó.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services