Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tá muilneóirí na hÉireann ag tosnughadh fé dheireadh ar rud éigint do dhéanamh 'n-a leith féin. Go deimhin ba mhithid dóibh sin. D'fhanadar fada go leór fé scáth an dorchadais i measc na nDubh- Pháirtidhthe, gan fios ag éinne cia'r bh'iad nó cá rabhadar n-a gcomhnuidhe. Tá ceaptha aca anois teacht amach as an bpluais 'n-a rabhadar le fada 'n-a gcodladh agus fios a n-ainmneach & a n-áitreabh & fios an ghnó do bhíonn ar siubhal aca do thabhairt dúinn go léir. Níor mhór linn an méid sin uatha & tuilleadh leis dá mb'áil leó é thabhairt dúinn. Do léigheas i bpáipéar an lá fé dheireadh litir do scríobh duine aca. Tá cuideachta curtha ar bun aca. Ní'l ins an gCuideachtain seo acht muilneóirí Éireann & tá súil agam go mbainid siad súd go léir léi, ar mhaithe leó féin. Fuaireamar roinnt eólais i dtaobh muilneóireacht ó scríbhneóir na litreach úd. Caithfidh muilneóirí na hÉireann dul go tíorthaibh eile ag iarraidh cruithneacht; ní'l cruithneacht na tíre seo láidir a dóthain. B'éidir ná fuil an ceart agam ach is dóigh liom gurab é an biadh is fearr raghadh le hÉireannach 'ná an bhiadh d'fhásann i nÉirinn féin. An talamh ba cheart bheith fé chruithneacht tá sé ag beathughadh & ag ramhrughadh buláin is mairt i gcóir Shasanna. Is dócha ná fuil leigheas againn air sin go fóill go háirithe. Caithfear an chruithneacht d'fhagháil i dtíorthaibh eachtrainn, & is maith do mhuilneóir na hÉireann fiacha an aistir do réir an tonna bheith níos saoire uirthe-se 'ná ar phlúr. Fágann soin buntáiste beag ag muilneóir na hÉireann, seachas na muilneóirí i dtíorthaibh eile. Tá buntáiste eile ar thaobh an Éireannaigh leis. Féadfaidh sé níos mó 'ná éan-tsaghas cruithneachta amháin do mheascadh i gcóir plúr do dhéanamh. Dáltha an mhuilneóra Áimeiriocánaigh caithfidh sé bheith sásta leis an gcruithneacht d'fhásann i nAimeirice. Is é an scéal céadna é ag muilneóiribh na dtíortha eile. Ní féidir leó acht an t-éan-tsaghas cruithneachta d'úsáid. Acht deirtear linn nach féidir an plúr d'fhagháil chomh maith as soin & is féidir d'fhagháil as an gcruithneacht measctha. Ceannuighid muilneóirí na hÉireann a gcuid cruithneachta ins gach éan-tír 'n-a bhfuil sí ar fagháil. Annsoin meascaid tré n-a chéile iad, & do réir mar innstear dúinn, ní'l éan-phlúr ar fagháil is fearr ná plúr na hÉireann. Tá buntáiste fé leith le fagháil ag feirmeóiribh na hÉireann, acht an plúr Gaedhealach do cheannach. Fágtar fuigheallach i ndiaidh an phlúir ins na muileann. “Bran” agus “palart” do thugtar ar na rudaíbh seo — ba mhaith liom fios do bheith agam an bhfuil focail fé leith ortha san nGaedhilg. Tá sean-taithighe ag feirmeóiribh na hÉireann ortha so araon, & tá a fhios aca leis cad iad na tréithe atá ionnta chum stuic do bheathughadh no muca do ramhrughadh. Tá a fhios aca leis go bhfuil an dá earra so an-dhaor, go bhfuil “an donas le daoirse” ortha. Cad n-a thaobh go bhfuilid chomh daor soin ar fad? Tá, go gcaithfimíd-ne bheith sásta leis an méid so dheintear i muilnibh na hÉireann. Tá sé ró-chostas- amhail iad do thabhairt isteach ó thíorthaibh eile, mar táid ró-thoirteamhail — an bran go háirithe. An fhaid do bheidh an ceannach ortha annso féadfaidh ár muilneóiribh an phinginn is aoirde d'fhagháil ortha, nídh nach locht ar na muilneóiribh. Ní bheidh de'n bhran ná de'n phalart aca acht do réir an méid phlúir do dheinid ins na muilnibh. Tá soin ag dul i laighead le mórán bliadhanta, mar ceannuigheann ár bhfeirmeóirí plúr Aimeiriocánach, toisc é bheith beagán níos saoire &, do réir mar airighmíd, beagán níos measa. Díreach do réir mar do chuaidh an méid plúir do-ghníthí i n-ár muilnibh i laighead, chuaidh an méid bran & palart go raibh fagháil ortha i laigead mar an gcéadna, & ó bhí an ceannach céadna ortha, chuaidh a gcostas i n-áirde. Fúinn féin is eadh tá léigheas an ghalair sin. Ní'l le déanamh againn acht an plúr Gaedhealach do cheannach.
Ba ghearr annsoin go mbéadh ar ndóthain de'n bhran is de'n phalart ar fagháil. Bhéadh breis díobh ar lámhaibh na muilneóirí, & i ndeireadh na treise is amhlaidh bheidís ag baint na gcos dá chéile ag iarraidh iad do dhíol saor. Ba mhór an áis d'fhear bhocht an dá earra so d'fhagháil ar airgead oireamhnach. Bhí cuirm cheóil i nInnis an oidhche fé dheireadh, & do réir mar airighim, ba mhaith an chuirm í. Bhí sluaighte ann ó gach éan-áird. Thángadar ann ó Churrach Chaitlín, ó Chuinnche, ó Chnocán na Lainncide, ó'n Ruadhán, ó Caisleán an Chláir, & ó'n dTulaigh. Bhí an halla lán de dhaoinibh “ó mhullach go lár,” acht do réir dheallraimh b'iad muinntir na tuaithe ba mhó bhí ann. I dtaobh mhuinntire an bhaile féin, ní raibh an- chuid díobh — & go háirithe na Seóiníní — le feicsint ann. Go deimhin is beag dream eile atá ann acht Seóiníní, & ní raibh puinn ionntaoibh asta ag na Gaedhilgeóiríbh. Bhí Eoghan Laoide, Cláirseóir, ann, & ochtar rinnceóirí Luimnigh. Airighim gur thaithn goithí an ochtair seo le n-a raibh láithreach. Bhí Séamus Clainndiolúin ann leis, & mar is gnáthach leis, chuir sé ag gol 's ag gáiridhe iad do réir mar ba mhaith leis féin. Bhí cór Dhonnchadh Nónó láithreach ann mar an gcéadna & nídh nach iongnadh bhí gach éinne sásta leó. Roinnt laethe- anta 'n-a dhiaidh so bhí cuirm cheóil eile aca ar Chnocán na Lainncide. Níor fhéadadar leath a ndóthain slighe d'fhagháil i dtigh na scoile ann. Táimíd ag teacht chum cinn go maith i gConntae an Chláir & tá súil agam ná lagóghaidh ar a misneach. Comáinidís leó ag claoidhe na Seóiníní. Is mithid dúinn a thaispeánt dóibh cad is féidir linn do dhéanamh. Taispeánaimís dóibh é. Cuirimís an Ghaedhealtacht i n-umhail dóibh ar ais nó ar éigin. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services