Cúrsaidhe an tSaoghail
Tá muilneóirí na hÉireann ag tosnughadh fé
dheireadh ar rud éigint do dhéanamh 'n-a leith féin.
Go deimhin ba mhithid dóibh sin. D'fhanadar fada go
leór fé scáth an dorchadais i measc na nDubh-
Pháirtidhthe, gan fios ag éinne cia'r bh'iad nó cá
rabhadar n-a gcomhnuidhe.
Tá ceaptha aca anois teacht amach as an bpluais
'n-a rabhadar le fada 'n-a gcodladh agus fios a
n-ainmneach & a n-áitreabh & fios an ghnó do bhíonn ar
siubhal aca do thabhairt dúinn go léir. Níor mhór linn
an méid sin uatha & tuilleadh leis dá mb'áil leó é
thabhairt dúinn.
Do léigheas i bpáipéar an lá fé dheireadh litir do
scríobh duine aca. Tá cuideachta curtha ar bun aca.
Ní'l ins an gCuideachtain seo acht muilneóirí Éireann
& tá súil agam go mbainid siad súd go léir léi, ar
mhaithe leó féin. Fuaireamar roinnt eólais i dtaobh
muilneóireacht ó scríbhneóir na litreach úd. Caithfidh
muilneóirí na hÉireann dul go tíorthaibh eile ag
iarraidh cruithneacht; ní'l cruithneacht na tíre seo
láidir a dóthain. B'éidir ná fuil an ceart agam ach
is dóigh liom gurab é an biadh is fearr raghadh le
hÉireannach 'ná an bhiadh d'fhásann i nÉirinn féin. An
talamh ba cheart bheith fé chruithneacht tá sé ag
beathughadh & ag ramhrughadh buláin is mairt i gcóir
Shasanna.
Is dócha ná fuil leigheas againn air sin go fóill go
háirithe. Caithfear an chruithneacht d'fhagháil i
dtíorthaibh eachtrainn, & is maith do mhuilneóir na
hÉireann fiacha an aistir do réir an tonna bheith níos
saoire uirthe-se 'ná ar phlúr. Fágann soin buntáiste
beag ag muilneóir na hÉireann, seachas na muilneóirí
i dtíorthaibh eile.
Tá buntáiste eile ar thaobh an Éireannaigh leis.
Féadfaidh sé níos mó 'ná éan-tsaghas cruithneachta
amháin do mheascadh i gcóir plúr do dhéanamh. Dáltha
an mhuilneóra Áimeiriocánaigh caithfidh sé bheith sásta
leis an gcruithneacht d'fhásann i nAimeirice. Is é an
scéal céadna é ag muilneóiribh na dtíortha eile. Ní
féidir leó acht an t-éan-tsaghas cruithneachta d'úsáid.
Acht deirtear linn nach féidir an plúr d'fhagháil chomh
maith as soin & is féidir d'fhagháil as an gcruithneacht
measctha. Ceannuighid muilneóirí na hÉireann a
gcuid cruithneachta ins gach éan-tír 'n-a bhfuil sí ar
fagháil. Annsoin meascaid tré n-a chéile iad, & do
réir mar innstear dúinn, ní'l éan-phlúr ar fagháil is
fearr ná plúr na hÉireann.
Tá buntáiste fé leith le fagháil ag feirmeóiribh na
hÉireann, acht an plúr Gaedhealach do cheannach.
Fágtar fuigheallach i ndiaidh an phlúir ins na muileann.
“Bran” agus “palart” do thugtar ar na rudaíbh
seo — ba mhaith liom fios do bheith agam an bhfuil focail
fé leith ortha san nGaedhilg. Tá sean-taithighe ag
feirmeóiribh na hÉireann ortha so araon, & tá a fhios
aca leis cad iad na tréithe atá ionnta chum stuic do
bheathughadh no muca do ramhrughadh. Tá a fhios aca
leis go bhfuil an dá earra so an-dhaor, go bhfuil “an
donas le daoirse” ortha. Cad n-a thaobh go bhfuilid
chomh daor soin ar fad?
Tá, go gcaithfimíd-ne bheith sásta leis an méid so
dheintear i muilnibh na hÉireann. Tá sé ró-chostas-
amhail iad do thabhairt isteach ó thíorthaibh eile, mar
táid ró-thoirteamhail — an bran go háirithe. An fhaid
do bheidh an ceannach ortha annso féadfaidh ár
muilneóiribh an phinginn is aoirde d'fhagháil ortha, nídh
nach locht ar na muilneóiribh. Ní bheidh de'n bhran
ná de'n phalart aca acht do réir an méid phlúir do
dheinid ins na muilnibh. Tá soin ag dul i laighead le
mórán bliadhanta, mar ceannuigheann ár bhfeirmeóirí
plúr Aimeiriocánach, toisc é bheith beagán níos saoire
&, do réir mar airighmíd, beagán níos measa. Díreach
do réir mar do chuaidh an méid plúir do-ghníthí i n-ár
muilnibh i laighead, chuaidh an méid bran & palart
go raibh fagháil ortha i laigead mar an gcéadna, & ó bhí
an ceannach céadna ortha, chuaidh a gcostas i n-áirde.
Fúinn féin is eadh tá léigheas an ghalair sin. Ní'l le
déanamh againn acht an plúr Gaedhealach do cheannach.
Ba ghearr annsoin go mbéadh ar ndóthain de'n bhran is
de'n phalart ar fagháil. Bhéadh breis díobh ar lámhaibh
na muilneóirí, & i ndeireadh na treise is amhlaidh
bheidís ag baint na gcos dá chéile ag iarraidh iad
do dhíol saor. Ba mhór an áis d'fhear bhocht an dá
earra so d'fhagháil ar airgead oireamhnach.
Bhí cuirm cheóil i nInnis an oidhche fé dheireadh, & do
réir mar airighim, ba mhaith an chuirm í. Bhí sluaighte
ann ó gach éan-áird. Thángadar ann ó Churrach
Chaitlín, ó Chuinnche, ó Chnocán na Lainncide, ó'n
Ruadhán, ó Caisleán an Chláir, & ó'n dTulaigh. Bhí an
halla lán de dhaoinibh “ó mhullach go lár,” acht do
réir dheallraimh b'iad muinntir na tuaithe ba mhó bhí
ann. I dtaobh mhuinntire an bhaile féin, ní raibh an-
chuid díobh — & go háirithe na Seóiníní — le feicsint ann.
Go deimhin is beag dream eile atá ann acht Seóiníní,
& ní raibh puinn ionntaoibh asta ag na Gaedhilgeóiríbh.
Bhí Eoghan Laoide, Cláirseóir, ann, & ochtar rinnceóirí
Luimnigh. Airighim gur thaithn goithí an ochtair seo le
n-a raibh láithreach. Bhí Séamus Clainndiolúin ann
leis, & mar is gnáthach leis, chuir sé ag gol 's ag
gáiridhe iad do réir mar ba mhaith leis féin. Bhí cór
Dhonnchadh Nónó láithreach ann mar an gcéadna & nídh
nach iongnadh bhí gach éinne sásta leó. Roinnt laethe-
anta 'n-a dhiaidh so bhí cuirm cheóil eile aca ar Chnocán
na Lainncide. Níor fhéadadar leath a ndóthain slighe
d'fhagháil i dtigh na scoile ann. Táimíd ag teacht
chum cinn go maith i gConntae an Chláir & tá súil
agam ná lagóghaidh ar a misneach. Comáinidís leó ag
claoidhe na Seóiníní. Is mithid dúinn a thaispeánt
dóibh cad is féidir linn do dhéanamh. Taispeánaimís
dóibh é. Cuirimís an Ghaedhealtacht i n-umhail dóibh ar
ais nó ar éigin.
Tórna
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11