Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgoileanna Gaedhealacha
Title
Sgoileanna Gaedhealacha
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Lá Samhna, 1902 Sgoileanna Gaedhealacha Is iongantach an bhrígh atá san duine, dá mbeadh a fhios aige é. Thóg an tAthair Mac Aindriais suas cúis na teangan, & ní raibh sé sásta ar a dhul leath-slighe ag á múineadh ina sgoileannaibh, chuaidh sé an tslighe ar fad. Fuair sé Gaedhilgeóirí le cur ag múineadh na teangan do na páisdíbh, & níor fháguigh sé áirde do ghlún do pháisde ina sgoil nar chuir sé ag foghluim na teangadh, & ag á foghluim, mar is cóir teanga d' fhoghluim — ó chainnteóiribh. Agus anois, istigh i gceartlár Bhaile Átha Cliath na nGall agus na nGaedheal, tá páisdí na sgoile i Sráid Eoin i n-ann an Ghaedhilg a labhairt chomh fríochanta & comh blasda & dá mba ar mhaol an tsléibhe is Gaedhealaighe i nÉirinn do thógfaidhe iad. Tá an peann i n-áth le bheith caithte againn ag sgríobhadh ar na stiúrthóiribh do iarr deis, cúpla bliadhain ó shoin, ar Bhord an Oideachais an teangadh a mhúnadh ina sgoileannaibh. Fuaireadar an deis a bhí uatha, agus annsin shílfeá gur aithmhéal a bhí orra gur iarradar é. Má seadh nó munab eadh, ní dhearna a leath éan úsáid de taréis é fhagháil. Is cosmhail gur cheapadar gur eiteach a gheobhaidís, & go mbeadh an milleán annsin aca le cur ar an bhfear thall. Dar go deimhin agus go dearbhtha is náireach linn a bheith go síorruidhe ag tagairt do'n sgéal so, acht nuair fheicimid an fhaillighe atá siad a dhéanamh san teang- aidh taréis na gealltamais a thugadar, agus nuair fheicimid go bhféadfaidis an oiread a dhéanamh & do rinne an tAthair Mac Aindriais san áit nach raibh focal amháin Gaedhilge dá mbeadh duine déanta d'fhoighid ní fhéadfadh sé éisteacht leis. Tá an aimsear ag á caitheamh, tá na páisdí ag fás, tá an Béarla ag fás & ag neartughadh leó, agus tá ár dteanga féin ag imtheacht & ag síor-imtheacht mar bheadh cubhar na habhann. Agus cé hiad atá 'gá díbirt? Anuas fá mhullach stiúrthóirí na sgol atá a gcion féin do'n mhilleán. Siad ár ndaoine féin iad, rugadh & tógadh iad inár measg, ní thar sáile thángadar chugainn, & ní ó chloich ná ó chrann a shíolruigheadar, acht is iad na daoine céadna iad a thiubhras comhairle ar leasa dhúinn ar uairibh, daoinibh a thuilleas meas agus omós ó'n bpobal ar bhealaighibh eile. Deir an tuarasgbháil seo go bhfuil na naoidheanáin féin ina gcainnteóiribh maithe Gaedhilge. Ceapann daoine nach féidir le naoidheanáin an Ghaedhilg a fhoghluim, acht tá a mbréagnughadh 'san gcunntas so, dá mbadh rud é go leigfeadh a chiall d'éinneach iad a chreidsint. Ní misde a bheith ag tnúthán le múinteóiribh ó na sgoileannaibh seo a chur amach fá'n tuaith fá cheann cúpla bliadhain eile, leis an teangaidh a mhúineadh i sna ceanntaraibh Gaedealacha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services