Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgoileanna Gaedhealacha

Title
Sgoileanna Gaedhealacha
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Lá Samhna, 1902



Sgoileanna Gaedhealacha



Is iongantach an bhrígh atá san duine, dá mbeadh
a fhios aige é. Thóg an tAthair Mac Aindriais
suas cúis na teangan, & ní raibh sé sásta ar a dhul
leath-slighe ag á múineadh ina sgoileannaibh, chuaidh sé
an tslighe ar fad. Fuair sé Gaedhilgeóirí le cur ag
múineadh na teangan do na páisdíbh, & níor fháguigh sé
áirde do ghlún do pháisde ina sgoil nar chuir sé ag
foghluim na teangadh, & ag á foghluim, mar is cóir
teanga d' fhoghluim — ó chainnteóiribh. Agus anois,
istigh i gceartlár Bhaile Átha Cliath na nGall agus na
nGaedheal, tá páisdí na sgoile i Sráid Eoin i n-ann an
Ghaedhilg a labhairt chomh fríochanta & comh blasda & dá
mba ar mhaol an tsléibhe is Gaedhealaighe i nÉirinn do
thógfaidhe iad.



Tá an peann i n-áth le bheith caithte againn ag
sgríobhadh ar na stiúrthóiribh do iarr deis, cúpla
bliadhain ó shoin, ar Bhord an Oideachais an teangadh a
mhúnadh ina sgoileannaibh. Fuaireadar an deis a bhí
uatha, agus annsin shílfeá gur aithmhéal a bhí orra gur
iarradar é. Má seadh nó munab eadh, ní dhearna a
leath éan úsáid de taréis é fhagháil. Is cosmhail gur
cheapadar gur eiteach a gheobhaidís, & go mbeadh an
milleán annsin aca le cur ar an bhfear thall. Dar
go deimhin agus go dearbhtha is náireach linn a bheith go
síorruidhe ag tagairt do'n sgéal so, acht nuair
fheicimid an fhaillighe atá siad a dhéanamh san teang-
aidh taréis na gealltamais a thugadar, agus nuair
fheicimid go bhféadfaidis an oiread a dhéanamh & do
rinne an tAthair Mac Aindriais san áit nach raibh
focal amháin Gaedhilge dá mbeadh duine déanta
d'fhoighid ní fhéadfadh sé éisteacht leis. Tá an
aimsear ag á caitheamh, tá na páisdí ag fás, tá an
Béarla ag fás & ag neartughadh leó, agus tá ár dteanga
féin ag imtheacht & ag síor-imtheacht mar bheadh cubhar
na habhann. Agus cé hiad atá 'gá díbirt? Anuas
fá mhullach stiúrthóirí na sgol atá a gcion féin do'n
mhilleán. Siad ár ndaoine féin iad, rugadh & tógadh
iad inár measg, ní thar sáile thángadar chugainn,
& ní ó chloich ná ó chrann a shíolruigheadar, acht
is iad na daoine céadna iad a thiubhras comhairle ar
leasa dhúinn ar uairibh, daoinibh a thuilleas meas agus
omós ó'n bpobal ar bhealaighibh eile.



Deir an tuarasgbháil seo go bhfuil na naoidheanáin
féin ina gcainnteóiribh maithe Gaedhilge. Ceapann
daoine nach féidir le naoidheanáin an Ghaedhilg a
fhoghluim, acht tá a mbréagnughadh 'san gcunntas so,
dá mbadh rud é go leigfeadh a chiall d'éinneach iad a
chreidsint.



Ní misde a bheith ag tnúthán le múinteóiribh ó na
sgoileannaibh seo a chur amach fá'n tuaith fá cheann
cúpla bliadhain eile, leis an teangaidh a mhúineadh i
sna ceanntaraibh Gaedealacha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services