Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mac Maolgaoithe & an Ghaedhilg
Title
Mac Maolgaoithe & an Ghaedhilg
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Ocht-mhí 25, 1902 Mac Maolgaoithe & an Ghaedhilg Ní chuirimid an oiread suime i bhfiadhnaise ná i mbaramhail Mhic Mhaolgaoithe i dtaobh na Gaedhilge & chuireas daoine i gcoitchinne. Ní feicthear dhúinn gur fear é a bhfuil éan-bheann ar an teangaidh aige, go sunradhach san teangaidh mar labharthar fá láthair í, ná san teangaidh mar rud le haithbheodhchan ar fuaid na hÉireann. Bíonn sórt gean i gcomhnuidhe ag sgoláire ar an gceist dá bhfuil sé tugtha, acht bheadh sé i n-aghaidh nádúir ag Mac Maolgaoithe a bheith ar a mhalairt acht namhadach do chúis ina bhfuil suim ag mór-chuid do mhuinntir na tíre. Do réir mar deir seisean fá dtaoibh do'n Ghaedhilg láithreach níl éan-rud ceart; ní thigeann an sgríbhneóir seo leis an sgríbhneóir úd i litriughadh na teangan; tugann an fear so ainm gramadach ar an mbriathar so, & tugann an fear thall ainm eile gramadach ar an bhfocal céadna; tá leagan ag fear ar fhocal, & tá leagan eile ag fear eile air; & le sgéal gearr a dhéanamh dhe, tá gach uile nidhe ina chirr-thuathaill. Ní labhrann, adeir Mac Maolgaoithe, níos mó ná 800,000 duine an Ghaedhilg i nÉirinn, agus dár ndóigh ní ceart teanga na ndaoine a thabhairt ar éan-teangaidh acht ceann a labharthar go fóir-leathan san tír sin. Anois, má thugamaoid áird ar bith ar bhréithribh an fhir seo, admhuighmid go bhfuil cuid dá ndeir sé ceart, go bhfuil tuilleadh dá ndeir sé leath- cheart, & go bhfuil tuilleadh fós dá ndeir sé atá go mí-cheart. Acht ní hé sin an sgéal i n-éan-chor, agus dá mbeadh iomlán an chirt féin aige ní chuirfeadh sé mórán bróin orainn (& ní fheacamar goidé an obair do rinne sé féin ar son na teangan). Seo é an chaoi bhfuil an sgéal. Do thug Éireannaigh an teanga ó bhás go beathaidh le naoi mbliadhna; tá siad agá saothrughadh anois ar bhealach go mbéidh sí láidir go maith san tír sé fá cheann naoi mbliadhna eile; tá corra cainnte & focla nua, nó sean-fhocla (b'fearr a thabhairt orra) ag teacht i gceann a chéile; tá cainnteóirí ag cur aithne ar chanamhnaibh a chéile, & ag foghluim ó n-a chéile; tá sgríbhneóirí ar lorg an bhealaigh chirt san méid nach bhfuil socruighthe do'n litriughadh, & gheabhaidh siad é ó thárla iad toilteanach ar a bheith sásta leis an tslighe is coitcheannta. Tá an teanga ag dul 'un cinn, agus nach cuma dhúinne céard déarfas Mac Maolgaoithe ná Mac Maolbháistigh fúithi. Bíodh sé ag cainnt, acht bímís-ne ag obair; ná cuirimís éan araoid air chomh fada is tá a mhalairt do ghnó le déanamh againn féin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services