Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mac Maolgaoithe & an Ghaedhilg

Title
Mac Maolgaoithe & an Ghaedhilg
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Ocht-mhí 25, 1902



Mac Maolgaoithe & an Ghaedhilg



Ní chuirimid an oiread suime i bhfiadhnaise ná i
mbaramhail Mhic Mhaolgaoithe i dtaobh na Gaedhilge &
chuireas daoine i gcoitchinne. Ní feicthear dhúinn gur
fear é a bhfuil éan-bheann ar an teangaidh aige, go
sunradhach san teangaidh mar labharthar fá láthair í, ná
san teangaidh mar rud le haithbheodhchan ar
fuaid na hÉireann. Bíonn sórt gean i gcomhnuidhe
ag sgoláire ar an gceist dá bhfuil sé tugtha, acht
bheadh sé i n-aghaidh nádúir ag Mac Maolgaoithe a bheith
ar a mhalairt acht namhadach do chúis ina bhfuil suim
ag mór-chuid do mhuinntir na tíre.



Do réir mar deir seisean fá dtaoibh do'n Ghaedhilg
láithreach níl éan-rud ceart; ní thigeann an
sgríbhneóir seo leis an sgríbhneóir úd i litriughadh
na teangan; tugann an fear so ainm gramadach ar
an mbriathar so, & tugann an fear thall ainm eile
gramadach ar an bhfocal céadna; tá leagan ag
fear ar fhocal, & tá leagan eile ag fear eile air; &
le sgéal gearr a dhéanamh dhe, tá gach uile nidhe ina
chirr-thuathaill. Ní labhrann, adeir Mac Maolgaoithe,
níos mó ná 800,000 duine an Ghaedhilg i nÉirinn, agus
dár ndóigh ní ceart teanga na ndaoine a thabhairt ar
éan-teangaidh acht ceann a labharthar go fóir-leathan
san tír sin.



Anois, má thugamaoid áird ar bith ar bhréithribh
an fhir seo, admhuighmid go bhfuil cuid dá
ndeir sé ceart, go bhfuil tuilleadh dá ndeir sé leath-
cheart, & go bhfuil tuilleadh fós dá ndeir sé atá go
mí-cheart. Acht ní hé sin an sgéal i n-éan-chor, agus
dá mbeadh iomlán an chirt féin aige ní chuirfeadh sé
mórán bróin orainn (& ní fheacamar goidé an obair
do rinne sé féin ar son na teangan).



Seo é an chaoi bhfuil an sgéal. Do thug Éireannaigh
an teanga ó bhás go beathaidh le naoi mbliadhna; tá
siad agá saothrughadh anois ar bhealach go mbéidh sí
láidir go maith san tír sé fá cheann naoi mbliadhna
eile; tá corra cainnte & focla nua, nó sean-fhocla
(b'fearr a thabhairt orra) ag teacht i gceann a chéile;
tá cainnteóirí ag cur aithne ar chanamhnaibh a chéile, &
ag foghluim ó n-a chéile; tá sgríbhneóirí ar lorg an
bhealaigh chirt san méid nach bhfuil socruighthe do'n
litriughadh, & gheabhaidh siad é ó thárla iad toilteanach
ar a bheith sásta leis an tslighe is coitcheannta. Tá
an teanga ag dul 'un cinn, agus nach cuma dhúinne
céard déarfas Mac Maolgaoithe ná Mac Maolbháistigh
fúithi. Bíodh sé ag cainnt, acht bímís-ne ag obair;
ná cuirimís éan araoid air chomh fada is tá a mhalairt
do ghnó le déanamh againn féin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services