Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Litiordhacht Nua Gaedhilge (Ar Leanamhaint)
Title
An Litiordhacht Nua Gaedhilge (Ar Leanamhaint)
Author(s)
MacGinley, P.T.,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Litiordhacht Nua Gaedhilge (Ar Leanamhaint) 'San nua-litiordhacht ní bhéidh mór-chuid filidheachta againn, ar an adhbhar nach gcuirfear an oiread suim 'san bhfilidheacht, agus fós nach mbéidh daoine ann ar feadh seal-aimsire bhéas i n-ann filidheacht do sgríobh- adh. Ní féidir le daoinibh filidheacht creideamhail do cheapadh munab fhuil an teanga go líomhtha aca, & ní bhéidh an teangadh go líomhtha ag duine ar bith acht an té labhras í ó aois a óige. Tá daoine ann, ámh, a deireas nach dtig le duine prós nó filidheacht do sgríobhadh i gceart muna bhfuil an teanga aige “ó nádúir,” acht ní aontuighim leis an méid seo ar chor ar bith. Tá go leór daoine ann anois a sgríobhas an Ghaedhilg go snasta nár labhair an teanga i n-aimsir a n-óige agus fós nach labharfadh go ró-réidh í go fóill. Agus cad fáth go dtig leó a sgríbhint? Tá go bhfuil sompla na sean-sgríbhinn rompa & go dtig leó an sompla sin a leanamhaint, má's mian leó é, cuir i gcás nach cainnteóirí “nádúrtha” iad féin. Ní'lim dá rádh nach bhfuil lochta & rian an ghalldachais ar chuid de na sgríbhinní nuadha atá ag teacht amach ar na haimsearaibh seo; acht ní'l locht orra nár bh'fhéidir a leigheas tré sompla na sean-sgríbhinní gan buidheachas do chanamhantacht. Tá fhios agam go bhfuil mé ag sgríobhadh neithe ann- so nach dtiocfaidh le mórán a chídhmíd sgríobhtha fá dtaoibh de an rudaibh céadna, acht sgríobhaim mo bharramhail féin gan cead d'aon duine. Má tá me ar
cearr, ná aontuighidh liom. Acht ná tabhraighidh bhur mbreathamhnas gan breathnughadh ar an chás. Tá cuid d'ár sgríobhnóirí Gaedhealach chomh cinnte sin go bhfuil an ceart aca féin — agus sgríobhann siad chomh dian is chomh dorrdha sin ag dearbhadh a sgéil dúinn — nach mbíonn sé de mheisneach againn ár mbarramhail féin a thabhairt ar chor ar bith. Dubhairt duine éigin fá dtaoibh de'n sgríobhnóir mór gallda úd Tomás Mac Amhalgaidh, “gur mhairg leis nach raibh sé féin chomh cinnte um rud ar bith a's bhí Mac Mic Amhalghaidh um an uile nidh.” Tá Gaedhilgeóirí ann 'san am atá i láth- air atá níos lugha amhrais orra 'ná bhí ar Thomás Mac Amhalghaidh féin. Ní olc an locht í ar dhaoinibh ag a bhfuil gaisgidheacht le déanamh agus cath le tabhairt uatha; acht is tré spíonadh & sgrúdughadh agus géar- mhachtnughadh a rachfas an litiordacht nua i bhfeabhas.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services