Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Litiordhacht Nua Gaedhilge (Ar Leanamhaint)

Title
An Litiordhacht Nua Gaedhilge (Ar Leanamhaint)
Author(s)
MacGinley, P.T.,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Litiordhacht Nua Gaedhilge



(Ar Leanamhaint)



'San nua-litiordhacht ní bhéidh mór-chuid filidheachta
againn, ar an adhbhar nach gcuirfear an oiread suim
'san bhfilidheacht, agus fós nach mbéidh daoine ann ar
feadh seal-aimsire bhéas i n-ann filidheacht do sgríobh-
adh. Ní féidir le daoinibh filidheacht creideamhail do
cheapadh munab fhuil an teanga go líomhtha aca, & ní
bhéidh an teangadh go líomhtha ag duine ar bith acht an
té labhras í ó aois a óige. Tá daoine ann, ámh,
a deireas nach dtig le duine prós nó filidheacht do
sgríobhadh i gceart muna bhfuil an teanga aige “ó
nádúir,” acht ní aontuighim leis an méid seo ar chor
ar bith. Tá go leór daoine ann anois a sgríobhas an
Ghaedhilg go snasta nár labhair an teanga i n-aimsir
a n-óige agus fós nach labharfadh go ró-réidh í go fóill.
Agus cad fáth go dtig leó a sgríbhint? Tá go bhfuil
sompla na sean-sgríbhinn rompa & go dtig leó an
sompla sin a leanamhaint, má's mian leó é, cuir i
gcás nach cainnteóirí “nádúrtha” iad féin. Ní'lim
dá rádh nach bhfuil lochta & rian an ghalldachais ar chuid
de na sgríbhinní nuadha atá ag teacht amach ar na
haimsearaibh seo; acht ní'l locht orra nár bh'fhéidir a
leigheas tré sompla na sean-sgríbhinní gan buidheachas
do chanamhantacht.



Tá fhios agam go bhfuil mé ag sgríobhadh neithe ann-
so nach dtiocfaidh le mórán a chídhmíd sgríobhtha fá
dtaoibh de an rudaibh céadna, acht sgríobhaim mo
bharramhail féin gan cead d'aon duine. Má tá me ar


L. 544


cearr, ná aontuighidh liom. Acht ná tabhraighidh bhur
mbreathamhnas gan breathnughadh ar an chás. Tá cuid
d'ár sgríobhnóirí Gaedhealach chomh cinnte sin go bhfuil
an ceart aca féin — agus sgríobhann siad chomh dian is
chomh dorrdha sin ag dearbhadh a sgéil dúinn — nach
mbíonn sé de mheisneach againn ár mbarramhail féin a
thabhairt ar chor ar bith. Dubhairt duine éigin fá
dtaoibh de'n sgríobhnóir mór gallda úd Tomás Mac
Amhalgaidh, “gur mhairg leis nach raibh sé féin chomh
cinnte um rud ar bith a's bhí Mac Mic Amhalghaidh um
an uile nidh.” Tá Gaedhilgeóirí ann 'san am atá i láth-
air atá níos lugha amhrais orra 'ná bhí ar Thomás Mac
Amhalghaidh féin. Ní olc an locht í ar dhaoinibh ag a
bhfuil gaisgidheacht le déanamh agus cath le tabhairt
uatha; acht is tré spíonadh & sgrúdughadh agus géar-
mhachtnughadh a rachfas an litiordacht nua i bhfeabhas.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services