Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis Locha Garmáin
Title
Feis Locha Garmáin
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Ocht-mhí 18, 1902 Feis Locha Garmáin Is deacair é thuigsint, acht ní dóigh linn gur cuireadh feis ar bun i n-éan áit eile i nÉirinn go dtí seo do bhí níos feárr 'ná an fheis do bhí ar siubhal i nInis- corthaigh Dia Domhnaigh & Dia Luain seo caithte againn. Ní'l focal Gaedhilge dá labhairt i gConndae Loca Garmáin le fad aimsire, acht, ár a shon soin féin, is léir go bhfuil an chroidhe 'san áit cheart ag muinntir na conndae sin, mar badh dhual dóibh, &, ar an adhbhar sin, go mbéidh sé níos forusta an conndae sin do dhéanamh Gaedhealach, 'ná mar do bhí sé é dhéanamh Gallda. Tá na cnuic is na gleannta ina mór-dtim- cheall ag labhairt leó ó lá go lá & agá chur i gcuimhne dóibh gur dual dóibh an croidhe bheith Gaedhealach ionnta; &, má bhíonn an croidhe mar soin aca, cad ina thaobh nach mbeadh an teangadh chomh maith leis. Do chlis an sgríbhneóireacht i mBéarla orra. Is maith an sgéal é sin, & is cosamhlacht é nach ar an mBéarla atá áird, acht ar an teangaidh Ghaedhilge. Ní'l éan sgríbhneóir Béarla 'san gConndae, is dóigh, a bhfuil éan tsuim i nGaedhilg aige, & ní'l éan tóir ag lucht na Gaedhilge ar sgríobhadh i mBéarla. Do bhí os cionn míle comórtasaí istigh ar na duais- eannaibh go léir, bhíodar ann as gach éan-chéard do'n Chonndae, mar tá siad ag borradh suas in gach uile áit. Is iad na páisdí is fearr a choinnigh suas onóir na teangadh, acht ní fada go mbéidh siad-san ina bhfearaibh & ina mnáibh, & go mbéidh cúram an tsaoghail orra, & má bhíonn an teanga aca anois ní baoghal nach mbéidh sí aca an uair sin. Náisiúntacht i nOideachas na hÉireann Is láidir éifeachtach an comhrádh é seo do thug an Dochtúir Ua hIceadha ar Oideachas na hÉireann. Is teann atá lucht an Oideachais ag labhairt is gach éan-áit ina bhfuil siad, má's fíor dóibh féin tá siad ag déanamh an rud' is fearr ar son Oideachas na hÉireann, acht cé go bhfuil siad ag déanamh beagán — mór-mhór anois le goirid, & do bhrígh gur cuireadh fa ndeara dóibh é — is fada uatha Oideachas Gaedhealach a thabhairt uatha. Cé an chaoi a bhfuil an sgéal ag na páisdibh, ag sgolaibh an aos óig? Tá sé dona go leór fós; cé nach bhfuil an sgéal chomh holc & bhí sé. Tá na Stiúrthóirí ag déanamh faillighe ina ngnó, & nuair a chas fear leó é an lá cheana tá siad ar a thóir ó shoin. Is dóigh go mbéidh siad ar thóir an Dochtúra Ua hIceadha freisin. Bídís. Tá cuid aca atá ag déanamh a ngnó gan mhairg gan faillighe, & tá tuilleadh aca nach bhfuil suim puintín bioráin aca cé an chaoi a n-itheoghaidh Oideachas na tíre. Tá sgoileanna an Oideachais Meadhonaighe níos measa ná soin, & bhain lucht na n-Oll-sgol an barr díobh ar fad.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services