Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Litiordhacht Nua Gaedhilge (Ar Leanamhaint)
Title
An Litiordhacht Nua Gaedhilge (Ar Leanamhaint)
Author(s)
MacGinley, P.T.,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Litiordhacht Nua Gaedhilge (Ar Leanamhaint) Cad ar a dtráchtfaidh an litiordhacht nua? Ní fios dom. Ní thig liom an cheist seo do réidhtiughadh. Ní féidir dúinn dhul ar ais ar na sean-sgéaltaibh. Ní'l gar dúinn trácht ar Choin Chulainn nó ar Fhionn Mac Cumhaill, nó ar Dheirdre nó ar Ghráinne. Bhí a lá féin aca siúd, & ní féidir iad d'aithbheódhadh. Ní féidir linn na sídhe d'aithbheódhadh acht a hoiread, agus ní'l cuma orainn go gcuirfear litiordhacht cráibhtheachta chum tosuigh. Tá ceist na cinidheachta le socrughadh go fóill — 'sé sin, an cheist atá idir muinntir Shasanna & sinne — & is dóighthe go sgríobhfar mórán Gaedhilge ar an cheist sin, & tá stair na hÉireann le nochtughadh againn fós. Cuir i gcás go mbéidh daoine againn a bhfuil ionnta litiordhacht do cheapadh is do chumadh, gheobhaidh siad neithe le trácht air. Sul a dtig le daoinibh litiordhacht do cheapadh & do chumadh caithfidh siad smaointe árda meanmneacha do cheapadh, agus is éigean dóibh múinteachas agus árd-léighinn do bheith aca; & b'fhéidir gurb' í an obair is tabhachtaighe atá gluaiseacht na Gaedhilge ag déanamh dúinn 'san am atá i láthair ann go bhfuil sí ag tabhairt orainn smaoineadh ar oideachas & ar fhoghluim. Tá ar n-aos óg ag filleadh ar fhoghluim agus ar litiordhacht, & is é an chéad uair chrom siad ar léighinn ar feadh céad bliadhain. Nuair a bhéas an léighinn againn agus fonn litiordhacht, ní baoghal dúinn nach n-éireóchaidh sgríobh- nóirí árd-aigeantacha intleachta meanmnacha, & deis an pheanna aca, chum litiordhacht shlachtmhar do cheapadh 'sa' Ghaedhilg. Tá tuairim agam nach mbéidh mórán filidheachta againn ar feadh tamaill 'san litiordhacht nua, & féad- aim a rádh nach bhfuil brón ar bith orm fá dtaobh de'n méid seo. 'Sí an fhilidheacht is mó do ceapadh 'san Ghaedhilg 'san ochtmhadh aois déag & suas go dtí gur stadadh ag cur amach sgríbhinní Gaedhilge 'san naomhadh aois déag, agus ní misde a rádh gur ceapadh barraidheacht filidheachta. Ba dheas an fhilidheacht í gan amhras do réir ceóil & fuama. Ba dhoiligh í a shárughadh ins na neithe seo, acht ba shuarach bheaga-mhaitheasach na smaointe bhí 'san bhfilidheacht, an chuid is mó dhi. Chuir an fhilidheacht úd cosg ar phrós Gaedhilge, mar nach raibh meas ag daoinibh ar rud ar bith nach raibh ceaptha i bhfilidheacht bhinn-bhriathrach 'mhaiseamhail. Rud eile fós, is é mo thuairim gur loiteadh & gur leónadh an teangadh Ghaedhilge féin tré an bhfilidheacht úd. D'athruigh na filidhe fuaim na bhfocail is dóigh liom, & a litrigheacht leis, mar gheall go bhfóirfeadh siad níos fearr dóibh i gcomh-fhuaim & i dtomhais a gcuid rann- uidheacht. D'análuigh siad na consonaighthe i modh go mbéadh na focla níos slíocaidh le himtheacht le ceól. Thug siad fuama nuadha do na guthannaibh i modh go dtiocfadh siad le chéile níos fearr i gcomh-fhuaim, & chaith siad déine an ghotha siar ar earballaibh na bhfocal i modh go mbadh deise iad i ndeireadh na lín- tibh filidheachta. Is amhlaidh fós gur cheap siad na céadta buadh-fhocal ar shín siad amach ins na líntibh le fuaim & fothrom, acht go minic le beagán céille. (Ní críoch)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services