An Litiordhacht Nua Gaedhilge
(Ar Leanamhaint)
Cad ar a dtráchtfaidh an litiordhacht nua? Ní fios
dom. Ní thig liom an cheist seo do réidhtiughadh. Ní
féidir dúinn dhul ar ais ar na sean-sgéaltaibh. Ní'l
gar dúinn trácht ar Choin Chulainn nó ar Fhionn Mac
Cumhaill, nó ar Dheirdre nó ar Ghráinne. Bhí a lá féin
aca siúd, & ní féidir iad d'aithbheódhadh. Ní féidir linn
na sídhe d'aithbheódhadh acht a hoiread, agus ní'l cuma
orainn go gcuirfear litiordhacht cráibhtheachta chum
tosuigh. Tá ceist na cinidheachta le socrughadh go
fóill — 'sé sin, an cheist atá idir muinntir Shasanna
& sinne — & is dóighthe go sgríobhfar mórán Gaedhilge
ar an cheist sin, & tá stair na hÉireann le nochtughadh
againn fós. Cuir i gcás go mbéidh daoine againn a
bhfuil ionnta litiordhacht do cheapadh is do chumadh,
gheobhaidh siad neithe le trácht air. Sul a dtig le
daoinibh litiordhacht do cheapadh & do chumadh caithfidh
siad smaointe árda meanmneacha do cheapadh, agus
is éigean dóibh múinteachas agus árd-léighinn do bheith
aca; & b'fhéidir gurb' í an obair is tabhachtaighe atá
gluaiseacht na Gaedhilge ag déanamh dúinn 'san am
atá i láthair ann go bhfuil sí ag tabhairt orainn
smaoineadh ar oideachas & ar fhoghluim. Tá ar n-aos
óg ag filleadh ar fhoghluim agus ar litiordhacht, & is é
an chéad uair chrom siad ar léighinn ar feadh céad
bliadhain. Nuair a bhéas an léighinn againn agus fonn
litiordhacht, ní baoghal dúinn nach n-éireóchaidh sgríobh-
nóirí árd-aigeantacha intleachta meanmnacha, & deis
an pheanna aca, chum litiordhacht shlachtmhar do cheapadh
'sa' Ghaedhilg.
Tá tuairim agam nach mbéidh mórán filidheachta
againn ar feadh tamaill 'san litiordhacht nua, & féad-
aim a rádh nach bhfuil brón ar bith orm fá dtaobh de'n
méid seo. 'Sí an fhilidheacht is mó do ceapadh 'san
Ghaedhilg 'san ochtmhadh aois déag & suas go dtí gur
stadadh ag cur amach sgríbhinní Gaedhilge 'san
naomhadh aois déag, agus ní misde a rádh gur ceapadh
barraidheacht filidheachta. Ba dheas an fhilidheacht í gan
amhras do réir ceóil & fuama. Ba dhoiligh í a shárughadh
ins na neithe seo, acht ba shuarach bheaga-mhaitheasach na
smaointe bhí 'san bhfilidheacht, an chuid is mó dhi. Chuir
an fhilidheacht úd cosg ar phrós Gaedhilge, mar nach
raibh meas ag daoinibh ar rud ar bith nach raibh ceaptha
i bhfilidheacht bhinn-bhriathrach 'mhaiseamhail. Rud eile
fós, is é mo thuairim gur loiteadh & gur leónadh an
teangadh Ghaedhilge féin tré an bhfilidheacht úd.
D'athruigh na filidhe fuaim na bhfocail is dóigh liom, & a
litrigheacht leis, mar gheall go bhfóirfeadh siad níos
fearr dóibh i gcomh-fhuaim & i dtomhais a gcuid rann-
uidheacht. D'análuigh siad na consonaighthe i modh go
mbéadh na focla níos slíocaidh le himtheacht le ceól.
Thug siad fuama nuadha do na guthannaibh i modh go
dtiocfadh siad le chéile níos fearr i gcomh-fhuaim, &
chaith siad déine an ghotha siar ar earballaibh na
bhfocal i modh go mbadh deise iad i ndeireadh na lín-
tibh filidheachta. Is amhlaidh fós gur cheap siad na
céadta buadh-fhocal ar shín siad amach ins na líntibh le
fuaim & fothrom, acht go minic le beagán céille.
(Ní críoch)
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11