Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Do chum onóra an Bhéarla
Title
Do chum onóra an Bhéarla
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Ocht-mhí 11, 1902 Do chum onóra an Bhéarla Is fada sinn ar siubhal anois leis an nGaedhilg, is iomdha focal mór trom Gaedhilge agus Béarla do labhradh agus do sgríobhadh fá dtaoibh di, is iomdha masladh a tugadh agus a fríoth mar gheall uirri, chuir sí daoine as a sláinte, agus tuilleadh ag tabhairt an fhéir, agus anois (nuair badh cheart do dhuine a rádh) fá dheireadh thiar thall céard tá dhá bharr ag an teangaidh? Nílmid fós acht ina tús, ina tosach, ag saothrughadh ar an gciumhais amuigh dhi, ag priocaireacht aisti. Tá an iomarca daoine ar fad, insa gConnradh, an iomarca Béarlóirí, daoine, atá ró-thabhartha do labhairt i mBéarla. Ní hé sin amháin, acht tá beagán le cois an iomarca ann atá chomh Sasanach fós agus bhíodar riamh, daoine adeir nach bhfuil uain aca an teanga d'fhoghluim, acht a bhfuil uain aca páipéir Bhéarla na seachtmhaine anall as Lunndain do léigheadh — an M.A.P. agus an ghrifisg sin. Rinneamar náimhde do Bhéarlóiribh i ngéill leis an sgéal so do luadh cheana, agus tá siad ar ár losg anois, acht bíodh aca. Eadrainn féin, ní labhartar an oiread Gaedhilge ag craobhachaibh agus ag cruinnighthibh agus badh cheart a labhairt. Is cosmhuil go mbíonn daoine sásta le ceathair nó cúig do ráidhtibh i nGaedhilg, agus le iompodh do bhoise tá siad casta ar an mBéarla arís. B'é an sgéal céadna, nó sgéal níos measa, ag an Árd Fheis é. Ceapadh go mbadh goirde bhéadh an obair ar bun le na déanamh i mBéarla, agus go mbadh cruinne bhéadh sí déanta amhlaidh, acht i n-ainm Dé agus Mhuire agus Mhichil Árdaingil cé an uair a thosnófar ar ghnó do dhéanamh tré Ghaedhilg muna ndéantar iarracht uair éigin? agus cé thosnóchas ná thiubhras sompla do'n phobal an teanga a spreagadh os árd ina ngnó muna ndéanaidh Connradh na Gaedhilge é? Cé an mhaith dhúinne bheith ag iarraidh ar dhaoinibh eile Gaedhilg a labhairt muna labhruighmid féin í? Níl ciall na réasún ann, agus tá a shliocht air, níl éan-áird orainn muna ndéanamuid an rud a chomhairlighmíd. Tá an Béarla ag fagháil na honóra, agus toradh mór ar chainnt na mBéarlóirí. Tá an oiread riaghalughadh, i stiúradh, agus gligearnacht cainnte ar siubhal i mBéarla i gConnradh na Gaedhilge agus gur baoghalach go dtachtfar an teanga leis an mBéarla céadna. Muna bhfuil ag Dia, táchtfar. Níl éan-Ghaedhilgeóir ann chomh luath- chainnteach ná a bhfuil an oiread le rádh aca, agus tá ag na Béarlóiribh, agus má mhaireann dóibh is gearr nach mbéidh focal ann acht Béarla. Is deacair an rud, b'éidir, gnó a dhéanamh i nGaedhilg; acht, má tá sé riachtanach, nach fearr tosnughadh air i n-am 'ná i n-an- tráth?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services