Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Do chum onóra an Bhéarla

Title
Do chum onóra an Bhéarla
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Ocht-mhí 11, 1902



Do chum onóra an Bhéarla



Is fada sinn ar siubhal anois leis an nGaedhilg, is
iomdha focal mór trom Gaedhilge agus Béarla do
labhradh agus do sgríobhadh fá dtaoibh di, is iomdha masladh
a tugadh agus a fríoth mar gheall uirri, chuir sí daoine as
a sláinte, agus tuilleadh ag tabhairt an fhéir, agus anois
(nuair badh cheart do dhuine a rádh) fá dheireadh thiar
thall céard tá dhá bharr ag an teangaidh? Nílmid fós
acht ina tús, ina tosach, ag saothrughadh ar an gciumhais
amuigh dhi, ag priocaireacht aisti.



Tá an iomarca daoine ar fad, insa gConnradh, an
iomarca Béarlóirí, daoine, atá ró-thabhartha do
labhairt i mBéarla. Ní hé sin amháin, acht tá beagán
le cois an iomarca ann atá chomh Sasanach fós agus
bhíodar riamh, daoine adeir nach bhfuil uain aca an
teanga d'fhoghluim, acht a bhfuil uain aca páipéir
Bhéarla na seachtmhaine anall as Lunndain do léigheadh
— an M.A.P. agus an ghrifisg sin. Rinneamar náimhde
do Bhéarlóiribh i ngéill leis an sgéal so do luadh
cheana, agus tá siad ar ár losg anois, acht bíodh aca.



Eadrainn féin, ní labhartar an oiread Gaedhilge ag
craobhachaibh agus ag cruinnighthibh agus badh cheart a labhairt.
Is cosmhuil go mbíonn daoine sásta le ceathair nó
cúig do ráidhtibh i nGaedhilg, agus le iompodh do bhoise tá
siad casta ar an mBéarla arís. B'é an sgéal céadna,
nó sgéal níos measa, ag an Árd Fheis é. Ceapadh go
mbadh goirde bhéadh an obair ar bun le na déanamh i
mBéarla, agus go mbadh cruinne bhéadh sí déanta amhlaidh,
acht i n-ainm Dé agus Mhuire agus Mhichil Árdaingil cé an
uair a thosnófar ar ghnó do dhéanamh tré Ghaedhilg muna
ndéantar iarracht uair éigin? agus cé thosnóchas ná
thiubhras sompla do'n phobal an teanga a spreagadh os
árd ina ngnó muna ndéanaidh Connradh na Gaedhilge
é? Cé an mhaith dhúinne bheith ag iarraidh ar dhaoinibh
eile Gaedhilg a labhairt muna labhruighmid féin í?
Níl ciall na réasún ann, agus tá a shliocht air, níl éan-áird
orainn muna ndéanamuid an rud a chomhairlighmíd.
Tá an Béarla ag fagháil na honóra, agus toradh mór ar
chainnt na mBéarlóirí. Tá an oiread riaghalughadh, i
stiúradh, agus gligearnacht cainnte ar siubhal i mBéarla
i gConnradh na Gaedhilge agus gur baoghalach go dtachtfar
an teanga leis an mBéarla céadna. Muna bhfuil ag
Dia, táchtfar. Níl éan-Ghaedhilgeóir ann chomh luath-
chainnteach ná a bhfuil an oiread le rádh aca, agus tá ag
na Béarlóiribh, agus má mhaireann dóibh is gearr nach
mbéidh focal ann acht Béarla. Is deacair an rud,
b'éidir, gnó a dhéanamh i nGaedhilg; acht, má tá sé
riachtanach, nach fearr tosnughadh air i n-am 'ná i n-an-
tráth?

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services