Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Litiordhacht Nua Gaedhilge
Title
An Litiordhacht Nua Gaedhilge
Author(s)
MacGinley, P.T.,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Litiordhacht Nua Gaedhilge Ní'l mé ar tí trácht libh ar an mbeagán sgríbhinn nua do cuireadh amach go deirionnach ins an nGaedh- ilg, mar ní mheasaim gur fiú litiordhacht do thabhairt orra. Ní'lmíd ullamh chum litiordhachta do chumadh go fóill. Ní'l na sgríbhneóirí Gaedhilge acht ag cur suas faobhair fós — ag cur deise nó gléasa ar a gcuid peann, mar adéirfeá. Tá an litiordhacht nua le teacht fós, agus ins an bpáipéar so cuirfead romhaibh beagán smaointe ar an snas agus an cumas bhéas ar an litiordhacht nuadh Gaedhilge, dar liom-sa, tráth thiocfas sí. Goidé an cospóir bhéas aici? — nó goidé ná neith tar a dtráchtfa sí? An prós nó filidheacht is mó gheobhas sinn ó na sgríobhneóirí nuadh? Goidé an rian lorgfaidh siad? — nó goidé an sompla leanfaidh siad? Goidé an cineál fáis bhéas againn nuair thois- eóchas an t-ath-fhás 'ar-fhíribh? Is bríoghmhar & is ciallmhar na ceisteanna iad so, má thig linn iad d'fhuasgailt, agus is ceisteanna iad gurab cheart do gach Gaedhilgeóir & go sonnradhach do gach sgríobhnóir Gaedhilge do chur ar féin, agus a dhith- chioll do dhéanamh le freagra comhthrom do thabhairt orra ó n-a stuaim féin sul ghabhann sé i gcionn sgríobhnóireachta. Tá dhá chineál sompla ar féidir le sgríobhnóir Gaedhilge — nó go dearbhtha sgríobhnóir ar bith nach é — leanmhaint, 'sé sin sompla na sgríbhinní & sompla na canamhna. Anois, tá daoine ann indiu adeir linn gur cheart dúinn leanmhaint go dlúth do chainnt na ndaoine i gcoitchinne, & nach bhfuil modh eile ann le fíor-Ghaedhilg do sgríobhadh acht do réir canamhna na ndúithche nGaedhealach; & gur cheart dúinn an teanga do litriughadh & do chur síos réir mar labharthar í; & ní'l acht táir agus tarcuisne ag na daoinibh seo ar “Gaedhilg na leabhar,” mar bhaisdid ar Ghaedhilg a leanas sean-nós na sgríbhinní Gaedhilge. Is féidir mórán do rádh ag taobhadh leis an tuairim seo; acht fós tá mórán le rádh i n-aghaidh na tuairime fosda. Is fíor an sgéal é go gcaithfidh sgríbhinní litiordhachta leanmhaint i ndeas do chanamhaint na sluaigh, óir ní thuigfear iad leis an tsluaigh. Tá locht mór le fagh- bháil againn ar sean-sgríbhinnibh na hÉireann ar an adhbhar so: Chuir na báird agus fós sgríobhnóirí eile isteach mórán focal & mórán cor-cainnte i n-a gcuid sgríbhinní nár thuig na daoine i gcoitchinne, & d'fholuigh sin a gcuid sgríbhinní ó'n gcoitchionntacht. Bhéimis ag dul amugha go mór dá leanfamaois an droch-shompla úd agus litiordhacht do chumadh nach dtuigfeadh lucht labhartha na Gaedhilge i gcoitchinne. Tráth ghéillim do'n mhéid sin, ní admhuighim gur cheart do sgríobhnóir canmhaint nó urlabhradh na bpobal do leanmhaint ar fad gan áird a thabhairt ar sean-sgríbhinnibh Gaedhealacha; agus, tar a bharr sin, dearbhuighim nach dtig le duine ar bith Gaedhilg slacht- mhar do sgríobhadh muna bhfuil eólas aige ar bholg maith de na sean-sgríbhinní & a nósa agus a gcora- cainnte do leanmhaint. Tá Gaedhilg an lae indiu 'san riocht, mar gheall ar an gcruadh-chás as a dtáinig sí, nach canamhaint amháin atá innti, acht il-iomad canamhna. Tá fó-chanamhaint fé leith, nach mór, i ngach paráisde Gaedhealach ar fud na tíre; &, dá lámhfadh sinn urlabhradh na sluaigh do thógbháil mar shompla i n-ár gcuid sgríbhinní, bhéadh na sgríbhinní níos do- thuigsinte 'ná an Ghaedhilg is sine atá i n-ár láimh- sgríbhinníbh. Tuilleadh fós, bhéadh gach uile chineál gné litrighthe ag teastáil uainn, mar tá sónuighthe eág- samhla ar na foclaibh céadna i mórán d'áitibh. Chan as mo stuaim féin deirim an méid seo, óir tá geall agam ar an rud a luaidhim ins na sgríbhinníbh cuirtear amach le cuid de sgríobhnóiribh na haimsire seo. Taobh amuich do'n dithbhridheacht 'sa' chanamhaint Gaedhilge mar labhartar í, deirim libh fosda go bhfuil an uile chanamhaint 'sa' tír truaillighthe go mór le foclaibh Gallda agus le coraibh cainnte neamh-dhuth- chasacha; &, muna gcuirtear leasughadh ar an truaill- iughadh úd ó shompla sean-sgríbhinní na hÉireann, ní fios damh-sa cá'n áit a gheobhas sinn leigheas air. Ní fíor le rádh go mbuaineann an truailliughadh seo le Gaedhilg Uladh amháin, nó le Gaedhilg Chonnacht amháin, nó le Gaedhilg Mumhan amháin, mar tá a locht féin ar gach chanamhaint i nÉirinn, &, munab fhuil locht éigin ar chanamhaint aca, tá a mhalairt de locht uirri. Ar an adhbhar so, tá mé i n-aghaidh na canamhantachta, & aon- tuighim le “hIrisleabhar na Gaedhilge” mar a dtug- ann sé rabhadh do dhaoinibh gan leanmhaint ró-dhlúth do'n chanamhaint. Tá taobh eile ar an sgéal dar ndóighe, agus ní thig linn nós na sean-sgríbhinní leanmhaint go hiomlán acht a hoiread. Tá beárna mór i n-ár litiordhacht, go sonnradhach i n-ár sgríbhinní prós, ó thárla gur bheag an méid prós ar sgríobhadh le céad go leith bliadhain go dtí le fíor-dheirionnach. Ar an adhbhar sin, tá ár litiordhacht próis seanda, & is iomdha rud atá innti nac bhfuil so-thuigsinte 'sa' lá indiu. Go dearbhtha tá na sean-sgríbhinní ar fad níos simplidhe agus níos so-léighte go minic 'ná na sgríbhinní meadhon-aois- eacha. Is minic bhí iongantas orm ar léigheadh sean- sgríbhinní dham nuair gheibhim na cora cainnte agus na modha ráidhte céadna ionnta atá i n-úsáid imeasg na ndaoine go dtí an lá indiu. Badh chóir do gach sgríobhnóir Gaedhilge feidhm chiallmhar do dhéanamh do na sgríbhinní atá againn — ag so an gort as a dtiocfaidh an nua-fhás litiordhachta Gaedhilge. Dá mbeimís gan iad, dá mba' threibh Indiach sinn, nár sgríobhadh síos a teanga go seadh, níor bhfuláir dúinn toiseacht go húr-nua, & litiordhacht do cheapadh ar nós canamhna na ndaoine; acht, ó thárla go bhfuil sean- litiordhachta againn chomh sean is chomh snasta is chomh slachtmhar le litiordhacht ar bith 'san Eoróip, ná bímís chomh baoth is go ndéanamaois dearmad dí. (Ní críoch)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services