Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Litiordhacht Nua Gaedhilge

Title
An Litiordhacht Nua Gaedhilge
Author(s)
MacGinley, P.T.,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Litiordhacht Nua Gaedhilge



Ní'l mé ar tí trácht libh ar an mbeagán sgríbhinn
nua do cuireadh amach go deirionnach ins an nGaedh-
ilg, mar ní mheasaim gur fiú litiordhacht do thabhairt
orra. Ní'lmíd ullamh chum litiordhachta do chumadh go
fóill. Ní'l na sgríbhneóirí Gaedhilge acht ag cur suas
faobhair fós — ag cur deise nó gléasa ar a gcuid
peann, mar adéirfeá. Tá an litiordhacht nua le
teacht fós, agus ins an bpáipéar so cuirfead romhaibh
beagán smaointe ar an snas agus an cumas bhéas ar
an litiordhacht nuadh Gaedhilge, dar liom-sa, tráth
thiocfas sí. Goidé an cospóir bhéas aici? — nó goidé
ná neith tar a dtráchtfa sí? An prós nó filidheacht
is mó gheobhas sinn ó na sgríobhneóirí nuadh? Goidé an
rian lorgfaidh siad? — nó goidé an sompla leanfaidh
siad? Goidé an cineál fáis bhéas againn nuair thois-
eóchas an t-ath-fhás 'ar-fhíribh?



Is bríoghmhar & is ciallmhar na ceisteanna iad so,
má thig linn iad d'fhuasgailt, agus is ceisteanna iad
gurab cheart do gach Gaedhilgeóir & go sonnradhach do
gach sgríobhnóir Gaedhilge do chur ar féin, agus a dhith-
chioll do dhéanamh le freagra comhthrom do thabhairt
orra ó n-a stuaim féin sul ghabhann sé i gcionn
sgríobhnóireachta.



Tá dhá chineál sompla ar féidir le sgríobhnóir
Gaedhilge — nó go dearbhtha sgríobhnóir ar bith nach é —
leanmhaint, 'sé sin sompla na sgríbhinní & sompla na
canamhna. Anois, tá daoine ann indiu adeir linn
gur cheart dúinn leanmhaint go dlúth do chainnt na
ndaoine i gcoitchinne, & nach bhfuil modh eile ann le
fíor-Ghaedhilg do sgríobhadh acht do réir canamhna na
ndúithche nGaedhealach; & gur cheart dúinn an teanga
do litriughadh & do chur síos réir mar labharthar í; &
ní'l acht táir agus tarcuisne ag na daoinibh seo ar
“Gaedhilg na leabhar,” mar bhaisdid ar Ghaedhilg a
leanas sean-nós na sgríbhinní Gaedhilge. Is féidir
mórán do rádh ag taobhadh leis an tuairim seo; acht
fós tá mórán le rádh i n-aghaidh na tuairime fosda. Is
fíor an sgéal é go gcaithfidh sgríbhinní litiordhachta
leanmhaint i ndeas do chanamhaint na sluaigh, óir ní
thuigfear iad leis an tsluaigh. Tá locht mór le fagh-
bháil againn ar sean-sgríbhinnibh na hÉireann ar an
adhbhar so: Chuir na báird agus fós sgríobhnóirí eile
isteach mórán focal & mórán cor-cainnte i n-a gcuid
sgríbhinní nár thuig na daoine i gcoitchinne, & d'fholuigh
sin a gcuid sgríbhinní ó'n gcoitchionntacht. Bhéimis ag
dul amugha go mór dá leanfamaois an droch-shompla
úd agus litiordhacht do chumadh nach dtuigfeadh lucht
labhartha na Gaedhilge i gcoitchinne.



Tráth ghéillim do'n mhéid sin, ní admhuighim gur
cheart do sgríobhnóir canmhaint nó urlabhradh na
bpobal do leanmhaint ar fad gan áird a thabhairt ar
sean-sgríbhinnibh Gaedhealacha; agus, tar a bharr sin,
dearbhuighim nach dtig le duine ar bith Gaedhilg slacht-
mhar do sgríobhadh muna bhfuil eólas aige ar bholg
maith de na sean-sgríbhinní & a nósa agus a gcora-
cainnte do leanmhaint. Tá Gaedhilg an lae indiu
'san riocht, mar gheall ar an gcruadh-chás as a dtáinig
sí, nach canamhaint amháin atá innti, acht il-iomad
canamhna. Tá fó-chanamhaint fé leith, nach mór, i ngach
paráisde Gaedhealach ar fud na tíre; &, dá lámhfadh
sinn urlabhradh na sluaigh do thógbháil mar shompla i
n-ár gcuid sgríbhinní, bhéadh na sgríbhinní níos do-
thuigsinte 'ná an Ghaedhilg is sine atá i n-ár láimh-
sgríbhinníbh. Tuilleadh fós, bhéadh gach uile chineál gné
litrighthe ag teastáil uainn, mar tá sónuighthe eág-
samhla ar na foclaibh céadna i mórán d'áitibh.



Chan as mo stuaim féin deirim an méid seo, óir tá
geall agam ar an rud a luaidhim ins na sgríbhinníbh
cuirtear amach le cuid de sgríobhnóiribh na haimsire
seo.



Taobh amuich do'n dithbhridheacht 'sa' chanamhaint
Gaedhilge mar labhartar í, deirim libh fosda go bhfuil
an uile chanamhaint 'sa' tír truaillighthe go mór le
foclaibh Gallda agus le coraibh cainnte neamh-dhuth-
chasacha; &, muna gcuirtear leasughadh ar an truaill-
iughadh úd ó shompla sean-sgríbhinní na hÉireann, ní
fios damh-sa cá'n áit a gheobhas sinn leigheas air. Ní
fíor le rádh go mbuaineann an truailliughadh seo le
Gaedhilg Uladh amháin, nó le Gaedhilg Chonnacht amháin,
nó le Gaedhilg Mumhan amháin, mar tá a locht féin ar
gach chanamhaint i nÉirinn, &, munab fhuil locht éigin ar
chanamhaint aca, tá a mhalairt de locht uirri. Ar an
adhbhar so, tá mé i n-aghaidh na canamhantachta, & aon-
tuighim le “hIrisleabhar na Gaedhilge” mar a dtug-
ann sé rabhadh do dhaoinibh gan leanmhaint ró-dhlúth
do'n chanamhaint.



Tá taobh eile ar an sgéal dar ndóighe, agus ní thig
linn nós na sean-sgríbhinní leanmhaint go hiomlán
acht a hoiread. Tá beárna mór i n-ár litiordhacht, go
sonnradhach i n-ár sgríbhinní prós, ó thárla gur bheag
an méid prós ar sgríobhadh le céad go leith bliadhain
go dtí le fíor-dheirionnach. Ar an adhbhar sin, tá ár
litiordhacht próis seanda, & is iomdha rud atá innti
nac bhfuil so-thuigsinte 'sa' lá indiu. Go dearbhtha
tá na sean-sgríbhinní ar fad níos simplidhe agus níos
so-léighte go minic 'ná na sgríbhinní meadhon-aois-
eacha. Is minic bhí iongantas orm ar léigheadh sean-
sgríbhinní dham nuair gheibhim na cora cainnte agus na
modha ráidhte céadna ionnta atá i n-úsáid imeasg na
ndaoine go dtí an lá indiu. Badh chóir do gach
sgríobhnóir Gaedhilge feidhm chiallmhar do dhéanamh
do na sgríbhinní atá againn — ag so an gort as
a dtiocfaidh an nua-fhás litiordhachta Gaedhilge. Dá
mbeimís gan iad, dá mba' threibh Indiach sinn, nár
sgríobhadh síos a teanga go seadh, níor bhfuláir dúinn
toiseacht go húr-nua, & litiordhacht do cheapadh ar nós
canamhna na ndaoine; acht, ó thárla go bhfuil sean-
litiordhachta againn chomh sean is chomh snasta is chomh
slachtmhar le litiordhacht ar bith 'san Eoróip, ná bímís
chomh baoth is go ndéanamaois dearmad dí.



(Ní críoch)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services