Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tAthair Ua Gramhnaigh
Title
An tAthair Ua Gramhnaigh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Ocht-mhí 04, 1902 An tAthair Ua Gramhnaigh Ní deacair a mheas gur cruaidh ar fhíor-Ghaedheal an t-ainm sin thuas do luadh ná do chloisint gan tocht 'na sgórnach & gan deór do shíleadh. Nuair do smaoin- imíd ar obair an Athar Eoghan ar son muinntire na tíre seo, ar an iarracht mhór dhuthrachtach do rinne sé ar Ghaedhealaibh do dhéanamh níos Gaedhealaighe agus dh'árdughadh suas as an dorchadas i n-a rabhadar, mar do thoirbhir sé a shláinte & a bheatha ar altóir na Gaedhilge, & annsin mar a fuair sé bás mhairtírigh ar an taobh eile de'n domhan thiar i bhfad ó n-a mhuinntir, ó n-a cháirdibh gaoil, & ó'n tír sin dár thug sé grádh dian duthrachdach iomlán a chroidhe, déarfaimíd gan gó gur truagh an sgéal é. Agus in' fhochair sin & eile é bheith sínte fá'n bhfód go faon lág tláth, na mílte míle i gcéin ó thír a ghrádha & a dhúthchais. Acht ní fada do bheith sin amhlaidh, le congnamh Dé agus Muire. Mar a dubhairt an tAthair D. Ó Donnabháin ist oidhche Dhé Luain, ar shon go raibh sé chomh séimh le leanbh bhí sé chomh dian le leomhan i gcúis na Gaedhilge. Badh fear é bhí oireamhnach thar barr do'n obair mhór a leag sé amach do féin. Budh chara fíor-dhílis é, agus bhí sórt éigin slighe aige a dháiríreacht agus a dhúthracht féin do chur n-a luighe ar gach éinne a tháinig ina ghoire nó ina ghaor. Badh thréan éifeachtach iad a thréithe & badh chuma leis deacracht dá chruaidh i gcúis na teangan. Níor mhaith leis puiblidh- eacht acht badh dhian an t-oibrightheóir é, & rinne sé níos mó obair ar son a thíre ná éinneach eile b'éidir dá chomh-aimsir. Agus is léir anois go bhfuil obair a bheatha ag teacht chum toraidh, agus go bhfuil fonn ar Gaedhealaibh do bheith Gaedhealach arís. Mar a dubhairt an tAthair Diarmaid tá éan dream amháin gur féidir dóibh congna thréan cosantach do thabhairt don obair seo dá mbadh mhaith leó é agus sin iad bainisteóirí na sgoileanna, na sagairt. Acht, mo dhíth! ní thuigid i gceart an galar atá ag goill ar an duthaigh seo, ní léir dóibh an treighid atá ag suatha agus ag deóladh spioraid & anam agus fola na tíre, agus nach náireach an sgéal é iad so gur ceart dóibh do bheith na dtreóiruighthibh ar na daoinibh bochta chum iad a chur ar bhealach a leasa, do bheith níos measa 'ná cách. Déanfa leictiúr an Athar Dhiarmaid maitheas mór do chúis na Gaedhilge ar cheana acht dubhairt sé gur ar son Craobhacha Baile-Átha-Cliath go speisialta seadh thug sé an leictiúr, chum iad do bhrosdughadh & do spreagadh & níos mó brigh & goin do chur ionnta. Gan amhras ar bith níl éan rud ar domhan is fearr do thaithneóchadh le croidhe & le hinntinn an té sin atá sínte fá'n leic thar lear i gcéin 'ná Craobhacha Baile- Átha-Cliath do bheith ag obair go dlúth duthrachtach i dteannta a chéile ar son na Cúise sin dár thoirbhir sé a shláinte agus a bheatha féin di. Labharfa sé leo mar ghuth as an uaigh, dá rádh leó: “San aondacht tá buaidh; le chéile, le chéile, a Ghaedhil! Misneach! Tógaidh suas bhur dtír. Cruinnigh gach iarsma d'bhur n-athardha; sin é bhur gcisde; as sin is dual daoibh bheith Gaedhealach & seasamh suas mar Ghaedhil ós comhair cineadha eile an domhain.” Sin é dar linn mar labharfadh spioraid an choigcriche bhoicht atá 'na luighe i n-uaigh uaigneach in Los Angeles le muinntir a ghraidhn chroidhe.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services