An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Ocht-mhí 04, 1902
An tAthair Ua Gramhnaigh
Ní deacair a mheas gur cruaidh ar fhíor-Ghaedheal an
t-ainm sin thuas do luadh ná do chloisint gan tocht 'na
sgórnach & gan deór do shíleadh. Nuair do smaoin-
imíd ar obair an Athar Eoghan ar son muinntire na
tíre seo, ar an iarracht mhór dhuthrachtach do rinne sé
ar Ghaedhealaibh do dhéanamh níos Gaedhealaighe agus
dh'árdughadh suas as an dorchadas i n-a rabhadar, mar
do thoirbhir sé a shláinte & a bheatha ar altóir na
Gaedhilge, & annsin mar a fuair sé bás mhairtírigh ar
an taobh eile de'n domhan thiar i bhfad ó n-a mhuinntir,
ó n-a cháirdibh gaoil, & ó'n tír sin dár thug sé grádh
dian duthrachdach iomlán a chroidhe, déarfaimíd gan
gó gur truagh an sgéal é. Agus in' fhochair sin & eile é
bheith sínte fá'n bhfód go faon lág tláth, na mílte míle
i gcéin ó thír a ghrádha & a dhúthchais. Acht ní fada do
bheith sin amhlaidh, le congnamh Dé agus Muire. Mar
a dubhairt an tAthair D. Ó Donnabháin ist oidhche Dhé
Luain, ar shon go raibh sé chomh séimh le leanbh bhí sé
chomh dian le leomhan i gcúis na Gaedhilge. Badh fear
é bhí oireamhnach thar barr do'n obair mhór a leag
sé amach do féin. Budh chara fíor-dhílis é, agus
bhí sórt éigin slighe aige a dháiríreacht agus a
dhúthracht féin do chur n-a luighe ar gach
éinne a tháinig ina ghoire nó ina ghaor. Badh thréan
éifeachtach iad a thréithe & badh chuma leis deacracht
dá chruaidh i gcúis na teangan. Níor mhaith leis puiblidh-
eacht acht badh dhian an t-oibrightheóir é, & rinne sé níos
mó obair ar son a thíre ná éinneach eile b'éidir
dá chomh-aimsir. Agus is léir anois go bhfuil obair a
bheatha ag teacht chum toraidh, agus go bhfuil fonn ar
Gaedhealaibh do bheith Gaedhealach arís. Mar a dubhairt
an tAthair Diarmaid tá éan dream amháin gur féidir
dóibh congna thréan cosantach do thabhairt don obair
seo dá mbadh mhaith leó é agus sin iad bainisteóirí na
sgoileanna, na sagairt.
Acht, mo dhíth! ní thuigid i gceart an galar atá ag
goill ar an duthaigh seo, ní léir dóibh an treighid atá
ag suatha agus ag deóladh spioraid & anam agus fola
na tíre, agus nach náireach an sgéal é iad so gur
ceart dóibh do bheith na dtreóiruighthibh ar na daoinibh
bochta chum iad a chur ar bhealach a leasa, do bheith níos
measa 'ná cách.
Déanfa leictiúr an Athar Dhiarmaid maitheas mór
do chúis na Gaedhilge ar cheana acht dubhairt sé
gur ar son Craobhacha Baile-Átha-Cliath go speisialta
seadh thug sé an leictiúr, chum iad do bhrosdughadh &
do spreagadh & níos mó brigh & goin do chur ionnta.
Gan amhras ar bith níl éan rud ar domhan is fearr do
thaithneóchadh le croidhe & le hinntinn an té sin atá
sínte fá'n leic thar lear i gcéin 'ná Craobhacha Baile-
Átha-Cliath do bheith ag obair go dlúth duthrachtach i
dteannta a chéile ar son na Cúise sin dár thoirbhir sé
a shláinte agus a bheatha féin di.
Labharfa sé leo mar ghuth as an uaigh, dá rádh leó:
“San aondacht tá buaidh; le chéile, le chéile, a Ghaedhil!
Misneach! Tógaidh suas bhur dtír. Cruinnigh gach
iarsma d'bhur n-athardha; sin é bhur gcisde; as sin is
dual daoibh bheith Gaedhealach & seasamh suas mar
Ghaedhil ós comhair cineadha eile an domhain.”
Sin é dar linn mar labharfadh spioraid an choigcriche
bhoicht atá 'na luighe i n-uaigh uaigneach in Los Angeles
le muinntir a ghraidhn chroidhe.