Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha na Gaedhilge
Title
Beatha na Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Seacht-mhí 27, 1902 Beatha na Gaedhilge Támaoid ag déanamh go mear, tapa ar aimsir na hoibre anois — aimsir na Gaedhilge do mhúnadh agus d'fhoghluim. Tá gach éan chraobh dáiríribh ar fuaid na tíre go léir ag leagaint amach gléas oibre, gléas foghluma dóibh féin le haghaidh an gheimhridh seo chugainn, nó muna bhfuilid badh cheart dóibh do bheith. Rinneadh an nídh céadna i n-uraidh agus déanfar amhlaidh an bhliadhain seo chugainn arís. Agus, a léaghthóirí, cad chuige? Cad chuige foghluim na Gaedhilge, nó éan teanga eile, acht an Ghaedhilg go sonnradhach, an Ghaedhilg go speisialta. Dar ndóigh ní chum í chur i bhfolach i gcúl ar n-inchinne do rinneamar í d'fhoghluim. Gan amhras ní headh acht le haghaidh í labhairt. Sin é bun bárr & críoch na hoibre ar fad agus na bíodh éan díchéille, éan dul amudha ar domhan orainn 'na thaobh. Badh chóir go mbadh leór dúinn do bheith ag mealladh daoine eile agus gan do bheith 'ghár mealladh féin. Beatha na Gaedhilge í labhairt, agus muna labhar- far í cionas is féidir í chongbháil beó? Muna ndéanfar é bhus cuimhin linn, acht an ndéantar? Ní dhéantar, agus gidh gur leasg linn do luadh tá Gaedhilgeóirí cliste céimeamhla go leór cionntach san nídh seo chomh maith le cách. Nach dona agus nach bocht an cás é go gcaithfimíd féin é sin d'admháil? B'éidir go ndéarfadh duine go labhraidh na Gaedhig- eoirí Gaedhilg lena chéile i gcomhnuidhe acht deirimídne leis ná labhraid & nach annamh dúinn beirt Gaedhilg- eoirí maithe d'fheicsint agus iad ag stealladh Béarla go tiugh ar a chéile agus gur feasach dóibh ná fuil radharc níos sgannallaigh ná níos díchéillidhe 'ná é ar dhruim talmhan. Mar sin de cionas a bhfaghmaois é d'iarraidh ar dhaoinibh eile í labhairt, sé sin daoine ná bhéadh éan mhórán spéise aca innti? Dearfaidís gur ag magadh fútha & fúinn féin do bhéidhmís & bhéadh an ceart aca. Beatha na Gaedhilge í labhairt agus dá luaithe tugamaoid é sin fá deara i ndáiríribh seadh is fearr dúinn féin agus do'n Ghaedhilg é.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services