An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Seacht-mhí 27, 1902
Beatha na Gaedhilge
Támaoid ag déanamh go mear, tapa ar aimsir na
hoibre anois — aimsir na Gaedhilge do mhúnadh agus
d'fhoghluim. Tá gach éan chraobh dáiríribh ar fuaid na
tíre go léir ag leagaint amach gléas oibre, gléas
foghluma dóibh féin le haghaidh an gheimhridh seo chugainn,
nó muna bhfuilid badh cheart dóibh do bheith. Rinneadh
an nídh céadna i n-uraidh agus déanfar amhlaidh an
bhliadhain seo chugainn arís. Agus, a léaghthóirí, cad
chuige? Cad chuige foghluim na Gaedhilge, nó éan
teanga eile, acht an Ghaedhilg go sonnradhach, an Ghaedhilg
go speisialta. Dar ndóigh ní chum í chur i bhfolach i gcúl
ar n-inchinne do rinneamar í d'fhoghluim. Gan amhras
ní headh acht le haghaidh í labhairt. Sin é bun bárr &
críoch na hoibre ar fad agus na bíodh éan díchéille,
éan dul amudha ar domhan orainn 'na thaobh. Badh chóir
go mbadh leór dúinn do bheith ag mealladh daoine
eile agus gan do bheith 'ghár mealladh féin.
Beatha na Gaedhilge í labhairt, agus muna labhar-
far í cionas is féidir í chongbháil beó? Muna
ndéanfar é bhus cuimhin linn, acht an ndéantar? Ní
dhéantar, agus gidh gur leasg linn do luadh tá
Gaedhilgeóirí cliste céimeamhla go leór cionntach san
nídh seo chomh maith le cách. Nach dona agus nach bocht
an cás é go gcaithfimíd féin é sin d'admháil?
B'éidir go ndéarfadh duine go labhraidh na Gaedhig-
eoirí Gaedhilg lena chéile i gcomhnuidhe acht deirimídne
leis ná labhraid & nach annamh dúinn beirt Gaedhilg-
eoirí maithe d'fheicsint agus iad ag stealladh Béarla
go tiugh ar a chéile agus gur feasach dóibh ná fuil
radharc níos sgannallaigh ná níos díchéillidhe 'ná é ar
dhruim talmhan. Mar sin de cionas a bhfaghmaois é
d'iarraidh ar dhaoinibh eile í labhairt, sé sin daoine
ná bhéadh éan mhórán spéise aca innti? Dearfaidís
gur ag magadh fútha & fúinn féin do bhéidhmís & bhéadh
an ceart aca. Beatha na Gaedhilge í labhairt agus
dá luaithe tugamaoid é sin fá deara i ndáiríribh seadh
is fearr dúinn féin agus do'n Ghaedhilg é.