Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Báire an Mhangaire
Title
Báire an Mhangaire
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Báire an Mhangaire Ní dóich liom go bhfuil éin-nidh níos taithneamhaighe le snámhaidhe 'ná preabadh isteach i ndoimhneas na fairrge ar bhiorr a chinn is é féin do ropadh síos mar a mbíonn na bricíní ag damhas. Suas arís go bárr leat ar lórg anáile, is amach leat fá'n bhfairrge ar do chliathán, ar do dhroim, is ar do chliabh; amach leat do lámh dheas ag gearradh an uisge mar do bheadh soch báid, is an láimh chlé ag taosgadh an uisge thart ar chruth rotha. Cad do chím ar an bport soin thiar? Dar so is súd! tá bodach mí-bhéasach éigin 'na shuidhe ar mo chuid éadaigh. Ar m'anam! a bhioránaigh, go mbain- fead-sa an tsail-chnis as do shuasán chomh luath is do bhuailfead mo shála ar an dtalamh dtirm. Ní maith liom bruigheann, adeirim liom féin, acht, ó cuireadh orm, ní leigfead le héinne a leithéid sin do bheart. “Preab id' shuidhe,” arsa mise, ar dearg-bhuile, ag déanadh ar an bhfear. “Luighe na bhfód ort! nach bhfuil an ball so fairsing go leór agat chum suidhe- acháin d'fhagháil seachas suidhistín do dhéanamah dom' chuid-se balcaisidhe?” “Ní gábhadh dhuit an fhearg,” ar seisean go mín. “Ní fheaca duine ná daonnaidhe timcheall an bhaill seo; acht fá dheireadh chonnac rud éigin 'gá umalasg féin amuich annsain, is fá mar do bheadh lamhanán ag snámh isteach fá'm dhéin.” Do gheal mo chroidhe chum an mhangaire nuair do chualas an Ghaedhilg, mar nach raibh coinne agam léi annsúd, & ní mó 'ná bhí aige-sean. “Buailim mar so gach aon bliadhain i ndeireadh an Lughnasa,” ars an mangaire, is é a'm' chuimilt le tuáille garbh. “Bíonn súil agam go bhfeicfinn an báire arís. Ní chreidfeá é, an eadh? Ní mó 'ná chreid- finn-se é tamall dom' shaoghal. Féach an bogha-sín theas cois Oileáin Mhanainn is an ceann eile úd thuaidh ag Tóchar na bhFomórach. Is annamh do chífeá dhá bhogha-sín mar sin ar aghaidh a chéile amach. Is suarach nach bhfuil siad ó phort go port. Is mar sin do bhíd siad nuair do bhíonn an Fhéinn is an Chraoibh Ruadh ag imirt bháire le chéile, & is mar sin do bhíodar tá dá fhichead bliadhain ó shoin an taca so bliadhain, nuair do bháthadh an “John Bying” dia theas d'Oileán Mhanainn. Bhuail an gála sin i n-iar ndeas, is a leithéid do ghála níor bhuail riamh sin, mar d'éirigh sé go hobann fá mar do phléasgfadh an fhairrge, is bhí na tonntacha ag liúghraigh timcheall orainn is ós ár gcionn. Do chómhraic an t-árthach bocht leó go calma, gidh go gcloisfeá iad ag cogaint a hadhmaid is ag raobadh a cuid seoil; acht fá dheireadh do léim tonn liath-ghorm isteach orainn is a craos ar dearg-leathadh aici, is do shlug sí siar sios i n-a bholg an t-árthach is a raibh ar bórd.” “Slán mar a n-innistear é!” arsa mise. “Acht cogar i leith — cionnus ataoi-se annso?” “Sin é díreach é,” ar an mangaire. “Bhíos lá is oidhche 'sa' duibheigéan, is mo dhá chois leathta agam ar chrann seóil, is caitheadh aníos ar an bport soin fad'
chosaibh me i ndeireadh na dála. An dóich leat go mairfinn muna mbeadh gur thug duine éigin cabhair dom. Bhíos beag nach múchta fá uisge nuair do rug Mananán mac Lir ar chéascinn orm, & dubhairt liom gur theastuigheas uatha. Dubhairt sé go raibh an báire ar siubhal ó Oileán Mhanainn go Tóchar na bhFomórach, is ríghthe is uaisle Éireann ag féachaint ar an iomáint — Fionn mac Cúmhaill ar an mbogha thuaidh is Conn- chubhair mac Neasa ar an mbogha theas, is Cormac mac Airt is Colmcille ag déanamh cirt. 'Sé an gnó bhí aige dhíom-sa 'ná an liathróid do ghoid amach ó chosaibh Oscair is Choinchulainn nuair do bhíodh an dá laoch úd ag guailneáil a chéile ós cionn na liathróide sin, agus an cleas céadna do dhéanadh le Diarmaid Donn is Conall Ceárnach, agus Goll mac Mórna is Laoghaire Buadhthach. Ní fheiceadh na gaisgidhigh úd pioc dhíom-sa nuair d'éaluighinn isteach fá na gcosaibh, is dubhairt Mananán liom nach raibh aon bháire riamh aca níos feárr 'ná an báire úd toisg mo chleasa. Do rachainn i nguais mo bháidhte arís le súil a leithéid do bháire d'fheicsint. “Conán Maol.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services