Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Báire an Mhangaire

Title
Báire an Mhangaire
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Báire an Mhangaire



Ní dóich liom go bhfuil éin-nidh níos taithneamhaighe
le snámhaidhe 'ná preabadh isteach i ndoimhneas na
fairrge ar bhiorr a chinn is é féin do ropadh síos mar
a mbíonn na bricíní ag damhas. Suas arís go bárr
leat ar lórg anáile, is amach leat fá'n bhfairrge ar
do chliathán, ar do dhroim, is ar do chliabh; amach leat
do lámh dheas ag gearradh an uisge mar do bheadh soch
báid, is an láimh chlé ag taosgadh an uisge thart ar
chruth rotha. Cad do chím ar an bport soin thiar? Dar
so is súd! tá bodach mí-bhéasach éigin 'na shuidhe ar
mo chuid éadaigh. Ar m'anam! a bhioránaigh, go mbain-
fead-sa an tsail-chnis as do shuasán chomh luath is do
bhuailfead mo shála ar an dtalamh dtirm.



Ní maith liom bruigheann, adeirim liom féin, acht, ó
cuireadh orm, ní leigfead le héinne a leithéid sin do
bheart.



“Preab id' shuidhe,” arsa mise, ar dearg-bhuile, ag
déanadh ar an bhfear. “Luighe na bhfód ort! nach
bhfuil an ball so fairsing go leór agat chum suidhe-
acháin d'fhagháil seachas suidhistín do dhéanamah dom'
chuid-se balcaisidhe?”



“Ní gábhadh dhuit an fhearg,” ar seisean go mín.
“Ní fheaca duine ná daonnaidhe timcheall an bhaill
seo; acht fá dheireadh chonnac rud éigin 'gá umalasg
féin amuich annsain, is fá mar do bheadh lamhanán ag
snámh isteach fá'm dhéin.”



Do gheal mo chroidhe chum an mhangaire nuair do
chualas an Ghaedhilg, mar nach raibh coinne agam léi
annsúd, & ní mó 'ná bhí aige-sean.



“Buailim mar so gach aon bliadhain i ndeireadh an
Lughnasa,” ars an mangaire, is é a'm' chuimilt le
tuáille garbh. “Bíonn súil agam go bhfeicfinn an
báire arís. Ní chreidfeá é, an eadh? Ní mó 'ná chreid-
finn-se é tamall dom' shaoghal. Féach an bogha-sín
theas cois Oileáin Mhanainn is an ceann eile úd thuaidh
ag Tóchar na bhFomórach. Is annamh do chífeá dhá
bhogha-sín mar sin ar aghaidh a chéile amach. Is suarach
nach bhfuil siad ó phort go port. Is mar sin do bhíd
siad nuair do bhíonn an Fhéinn is an Chraoibh Ruadh ag
imirt bháire le chéile, & is mar sin do bhíodar tá dá
fhichead bliadhain ó shoin an taca so bliadhain, nuair
do bháthadh an “John Bying” dia theas d'Oileán
Mhanainn. Bhuail an gála sin i n-iar ndeas, is a
leithéid do ghála níor bhuail riamh sin, mar d'éirigh sé
go hobann fá mar do phléasgfadh an fhairrge, is bhí na
tonntacha ag liúghraigh timcheall orainn is ós ár
gcionn. Do chómhraic an t-árthach bocht leó go calma,
gidh go gcloisfeá iad ag cogaint a hadhmaid is ag
raobadh a cuid seoil; acht fá dheireadh do léim tonn
liath-ghorm isteach orainn is a craos ar dearg-leathadh
aici, is do shlug sí siar sios i n-a bholg an t-árthach is
a raibh ar bórd.”



“Slán mar a n-innistear é!” arsa mise. “Acht
cogar i leith — cionnus ataoi-se annso?”



“Sin é díreach é,” ar an mangaire. “Bhíos lá is
oidhche 'sa' duibheigéan, is mo dhá chois leathta agam ar
chrann seóil, is caitheadh aníos ar an bport soin fad'


L. 479


chosaibh me i ndeireadh na dála. An dóich leat go
mairfinn muna mbeadh gur thug duine éigin cabhair
dom. Bhíos beag nach múchta fá uisge nuair do rug
Mananán mac Lir ar chéascinn orm, & dubhairt liom
gur theastuigheas uatha. Dubhairt sé go raibh an báire
ar siubhal ó Oileán Mhanainn go Tóchar na bhFomórach,
is ríghthe is uaisle Éireann ag féachaint ar an iomáint
— Fionn mac Cúmhaill ar an mbogha thuaidh is Conn-
chubhair mac Neasa ar an mbogha theas, is Cormac mac
Airt is Colmcille ag déanamh cirt. 'Sé an gnó bhí
aige dhíom-sa 'ná an liathróid do ghoid amach ó
chosaibh Oscair is Choinchulainn nuair do bhíodh an dá
laoch úd ag guailneáil a chéile ós cionn na liathróide
sin, agus an cleas céadna do dhéanadh le Diarmaid
Donn is Conall Ceárnach, agus Goll mac Mórna is
Laoghaire Buadhthach. Ní fheiceadh na gaisgidhigh úd
pioc dhíom-sa nuair d'éaluighinn isteach fá na gcosaibh,
is dubhairt Mananán liom nach raibh aon bháire riamh
aca níos feárr 'ná an báire úd toisg mo chleasa. Do
rachainn i nguais mo bháidhte arís le súil a leithéid do
bháire d'fheicsint.



“Conán Maol.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services