Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
As a nua
Title
As a nua
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Mícheál Breathnach An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Seacht-mhí 20, 1902 As a nua. Ó thárla na laetheanna saoire caithte anois ag na Croabhachaibh ní mór tosughadh eile do dhéanamh as a nua ar shaothar na bliadhna so chugainn, & má leagtar amach an obair mar is ceart béidh toradh an tséasúir seo romhainn níos tairbhighe ná toradh an tséasúir seo caithte againn. Rinneadh an-chuimse oibre ar son na Gaedhilge i n-uraidh, acht tá cuimse thar barr ann nár baineadh chor ar bith fós leis, & tá cuimse eile ann do chinn orainn a dhéanamh. Ní éan-rud is fearr le duine a chur ar an eólas le dhul amudha, & dá bhrígh sin tá craobhacha níos beachtaighthe & níos ionnusaighe anois ná bhíodar fós, & ní misde a rádh go mbéidh bláth maith bliadhna ag cuid aca an t-am so arís. Tá dhá shlighe ann inar féidir cúis na teangan a chur ar aghaidh, & is iad so iad: (a) an teanga a shaothrughadh insan gcraoibh féin, agus (b) cur fá ndeara do dhaoinibh taobh amuigh do'n chraoibh cumaoin éigin a chur uirri nuair a bhéas sé ina gcumas. Éan- chraobh nach ndéanfaidh gach a bhféadfaidh sí ar an dá bhealach so níl mórán leasa innti, go deimhin níl éan raison d'etre aici, i n-éan chor. Céard tá le déanamh ag craoibh ar a son féin? Tá, an teanga do mhúnadh, & a fhoghluim, feiseanna d'oibriughadh, comhrádh d'fhagháil uair nó fá dhó san mbliadhain ó chainnteóir éigin do réir mar bhéas sé feileamhnach dhóibh, dramanna nó cuirmeacha ceoil do chur ar bun, & airgead do dhéanamh asta, seanchas na hÉireann do mhúnadh, & caitheamh a chur i n-earraibh na tíre nuair is féidir leó é. Ní féidir le gach uile chraoibh gach uile nídh aca so a dhéanamh — cuir i gcás an drama, ní hí gach éan-chraobh a bhféadfadh drama do láimhsiughadh; acht níl craobh ar bith nach bhféadfadh amhráin a mhúnadh, & cuirmín ceóil a bheith aici anois & arís. Céard d'fhéadfadh craobh a dhéanamh taobh amuigh dhi féin? Sin slighe ar a ndéarna craobhacha a lán oibre i n-imtheacht na bliadhna i n-uraidh. Chuireadar Coisdí Ceanntair ar bun, chuireadar fá ndeara do pháipéiribh nuaidheachta toradh a thabhairt a chainnt fá dtaobh do'n Ghaedhilg, chuireadar fá ndeara an teanga a mhúineadh insna sgoltaibh, chuireadar d'fhiachaibh ar lucht na mBord bPuiblidhe annso is annsúd Gaedhilgeóirí a thoghadh nuair a theastuigh daoine uatha, agus nuair a dhéanfadh Gaedhilgeóirí an gnó chomh maith le Béarlóiribh. Dhíbrigheadar fás an náire a bhí ar dhaoinibh a dtug a ngnó dhóibh labhairt leis an bpobal a gcuid cainnte a dhéanamh i nGaedhilg nuair a bhí an teanga soin oireamh- nach, & nuair a d'fhéadadar. Rinneadar a lán neithe eile ina dteanntaibh sin, acht má fheachtar siar anois caithfear a admháil nach bhfuilmíd níos mó ná tosnuighthe ar an obair. Má leagann craobh clár oibre amach dhi féin — clár maith mór fada fairsing — is dócha dhi toradh bheithar a cuid saothair i ndeireadh na bliadhna ná má bhíonn sí ag fuireach le gach uile nidh a thógáil suas do réir mar thiocfas sí trasna air. Tá éan rud amháin nár cheart dearmad a dhéanamh air, agus sé sin gur leis na Gaedhilgeóirí an tír seo ó cheart, agus ó nádúr, & gur b' iad a bhéas i n-uachtar i ndeireadh na dála. Is cóir a bheith geilleamhnach do Bhéarlóiribh muna bhfuil leigheas aca ar a gcás, acht tá cuid díobh a bhfuil leigheas aca ar an sgéal go maith, agus níor mhisde bior-saigheadadh a chur ionnta-san go minic.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services