Historical Irish Corpus
1600 - 1926

As a nua

Title
As a nua
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Mícheál Breathnach
An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Seacht-mhí 20, 1902



As a nua.



Ó thárla na laetheanna saoire caithte anois ag na
Croabhachaibh ní mór tosughadh eile do dhéanamh as a
nua ar shaothar na bliadhna so chugainn, & má leagtar
amach an obair mar is ceart béidh toradh an tséasúir
seo romhainn níos tairbhighe ná toradh an tséasúir seo
caithte againn. Rinneadh an-chuimse oibre ar son na
Gaedhilge i n-uraidh, acht tá cuimse thar barr ann nár
baineadh chor ar bith fós leis, & tá cuimse eile ann do
chinn orainn a dhéanamh. Ní éan-rud is fearr le duine
a chur ar an eólas le dhul amudha, & dá bhrígh sin tá
craobhacha níos beachtaighthe & níos ionnusaighe anois ná
bhíodar fós, & ní misde a rádh go mbéidh bláth maith
bliadhna ag cuid aca an t-am so arís.



Tá dhá shlighe ann inar féidir cúis na teangan a
chur ar aghaidh, & is iad so iad: (a) an teanga a
shaothrughadh insan gcraoibh féin, agus (b) cur fá
ndeara do dhaoinibh taobh amuigh do'n chraoibh cumaoin
éigin a chur uirri nuair a bhéas sé ina gcumas. Éan-
chraobh nach ndéanfaidh gach a bhféadfaidh sí ar an dá
bhealach so níl mórán leasa innti, go deimhin níl éan
raison d'etre aici, i n-éan chor.



Céard tá le déanamh ag craoibh ar a son féin?
Tá, an teanga do mhúnadh, & a fhoghluim, feiseanna
d'oibriughadh, comhrádh d'fhagháil uair nó fá dhó san
mbliadhain ó chainnteóir éigin do réir mar bhéas sé
feileamhnach dhóibh, dramanna nó cuirmeacha ceoil do
chur ar bun, & airgead do dhéanamh asta, seanchas na
hÉireann do mhúnadh, & caitheamh a chur i n-earraibh na
tíre nuair is féidir leó é. Ní féidir le gach uile
chraoibh gach uile nídh aca so a dhéanamh — cuir i gcás
an drama, ní hí gach éan-chraobh a bhféadfadh drama
do láimhsiughadh; acht níl craobh ar bith nach bhféadfadh
amhráin a mhúnadh, & cuirmín ceóil a bheith aici anois
& arís.



Céard d'fhéadfadh craobh a dhéanamh taobh amuigh
dhi féin? Sin slighe ar a ndéarna craobhacha a lán
oibre i n-imtheacht na bliadhna i n-uraidh. Chuireadar
Coisdí Ceanntair ar bun, chuireadar fá ndeara do
pháipéiribh nuaidheachta toradh a thabhairt a chainnt fá
dtaobh do'n Ghaedhilg, chuireadar fá ndeara an teanga
a mhúineadh insna sgoltaibh, chuireadar d'fhiachaibh ar lucht
na mBord bPuiblidhe annso is annsúd Gaedhilgeóirí
a thoghadh nuair a theastuigh daoine uatha, agus nuair a
dhéanfadh Gaedhilgeóirí an gnó chomh maith le Béarlóiribh.
Dhíbrigheadar fás an náire a bhí ar dhaoinibh a dtug a
ngnó dhóibh labhairt leis an bpobal a gcuid cainnte a
dhéanamh i nGaedhilg nuair a bhí an teanga soin oireamh-
nach, & nuair a d'fhéadadar. Rinneadar a lán neithe
eile ina dteanntaibh sin, acht má fheachtar siar anois
caithfear a admháil nach bhfuilmíd níos mó ná tosnuighthe
ar an obair. Má leagann craobh clár oibre amach dhi
féin — clár maith mór fada fairsing — is dócha dhi
toradh bheithar a cuid saothair i ndeireadh na bliadhna
ná má bhíonn sí ag fuireach le gach uile nidh a thógáil
suas do réir mar thiocfas sí trasna air.



Tá éan rud amháin nár cheart dearmad a dhéanamh
air, agus sé sin gur leis na Gaedhilgeóirí an tír seo ó
cheart, agus ó nádúr, & gur b' iad a bhéas i n-uachtar
i ndeireadh na dála. Is cóir a bheith geilleamhnach do
Bhéarlóiribh muna bhfuil leigheas aca ar a gcás, acht tá
cuid díobh a bhfuil leigheas aca ar an sgéal go maith,
agus níor mhisde bior-saigheadadh a chur ionnta-san go
minic.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services