Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Connradh na Gaedhilge Lúnnduin
Title
Connradh na Gaedhilge Lúnnduin
Author(s)
Breathnach, Mícheál,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Connradh na Gaedhilge Lúnnduin Bhí Seilg bhreágh shultmhar thaithneamhach againn annso go Coill Mhór Epping Dia Domhnaigh, an seachtmhadh lá do'n mhí seo. Bhí an lá go háluinn ar fad agus chomh sásamhail 's d'fhéadfadh aon'ne iarraidh. Bhí gairm- sgoile curtha amach le seachtmhain roimhe sin na Gaedhil go léir a bheith bailighthe i dteannta a chéile ag Stáisiún mór Libherpúl dhá fhichead nóiméad thar éis an dó, le sguabadh go Chingford ar an gcarbad teintreach, agus as sin le triall isteach thrí Choill Mhóir Epping le lá aoibhinn a chaitheamh le sinnce áluinn greann 's ceól ar thulcháin' éarach, gleanntaibh feárach, agus cumair ghlasa mhíne na coille. Ní raibh uatha acht an tuairisg, agus mar sin is neamh- fhoighdneach a bhíomar ag feitheamh leis an Domhnach ar feadh na seachtmhaine. Is iomdha Paidir agus Cré a dúbhradh go dúthrachtach ag iarraidh ar Dhia deagh-lá a thabhairt do na Gaedhilibh, agus — míle altughadh leis Féin! — níor dhearmad Sé ár n-athchuinge, mar ar éirighe amach dúinn ar maidin nach bródamhail croidheamhail a bhíomar nuair a chonnaicmíd le lúthgháir go raibh an smúit sgaipthe, an spéir go breágh glan, & an ghrian ag lonnrughadh go soillseach os cionn “Chathair Mhóir an Phréacháin” — sgéal gur corr-uair a bhíos sé le rádh ag deóraidhe Gaedhealach 'sa' gcathair seo. Is áthasach croidheamhail a trialladar ó gach ceanntar do'n chathair, agus ag an áit a bhí ceapuighthe dúinn 'seadh do bhíomar cruinnighthe in aon phlód mór amháin an t-am a bhí ceaptha. Sin é an áit 'na raibh na Gaedhil dhílse le feiceál go meangamhail fáilteach — idir bhuachaillibh & cailínibh. Bhí sólás i ngach croidhe agus cosamhlacht suaircis ar gach gnúis Ghaedhealaigh do réir mar bhíodar ag líonadh isteach 'sa' tréan. Bhí 'n-ár measg ag an Seilg an t-Athair Ua Duinnín, Tomás Ua Conceannain, an Timthire, Donnchadh Ó Mangáin ó Chonndae na Gaillimhe, agus an bheirt bhan uasal, Máire agus Eibhlín Ní Mháille ó'n gConndae céadna. Ar ndóigh go deimhin ní bréag go raibh áthas ar na Sealgairibh go léir aithne 'gus eólas a chur orra. Bhí gar go dhá chéad i láthair, a bhfurmhór na mbuachaillibh suairceacha & na gcailínibh sgiamhacha spéireamhail. Bhí Fionán Mac Coluim mar Árd-Thaoiseach agus mar threóruidhe cliste sgafánta don fuireann go léir thrí bhealaighibh aimhreasacha na coille. Bhí rinncí againn i ngleanntáinín mín féarach sul mar bhí an tae ag teasdáil a thug mórán suilte agus croidhe dhúinn, agus dearbhthuighim chomh fada & theidheas mo bhreitheamhnas i rinncibh Gaedhealacha gur breágh taithneamhach agus gur luthmhar éadtrom deas mar dhamhsaidh siad an cúrsa an lá úd. Bhí an Réidhteach, Oide Rinnce, 'sa láthair ghá sgrúdadh go grinn fad 's bhíodar ag rinnce, agus ba chosamhail go raibh sé lán tsásta le na chuid sgoláiribh. Thar éis cúpla bodhta maith rinnce d'imthigh linn arís, agus ní dheárnamar sgith ná stad gur shroicheamar an “Stad” 'sa' gcoill — áit ólta an tae & áit na caismirte. Bhí an seómra mór fada líonta go béal an dorais le Gaedhealaibh, & goile maith aca go léir thar éis sealgaireacht an lae. Ní raibh deabhadh ná deithneas orainn nó gur chuirmíd coisg leis an tart agus leis an ocras. Rinneamar ar an “Stad” arís a bhí i bhfad uainn, agus ní i ngar dúinn. D'fhanamar annsain ag rinnce, ag gabháil fhuinn, ag cómhradh, &c., nó go raibh deireadh 'gus deóin an lae ag teacht. Bhí ceól go fairsing againn ann ó bhuachaill aibidh ceólmhar atá go cliste ar an bhfídeóig agus ar an bheidhil. Thug an tAthair Ua Duinnín agus Tomás Ua Conceanainn oráideacha dúinn i nGaedhilge le tuitim ceó na hoidhche, agus thar éis sin d'imthighmíd ar ár gcois- céim, agus leanmuid an ród go díreach go méidhreach groidhe nó gur shroicheamar port na tréanach arís. Bhuailmíd isteach 'sa tréan gan mhoill, gach duine sásta le aisdear an lae chomh maith 's dá mbeadh fiadh allta no torc marbhuighthe aige. Bhí greann go leór againn deirim libh, amhráin, ceólta, agus siamsa ag teacht ar ais dúinn nó gur sroichea- mar ceart lár na cathrach. D'fhágmuid “Slán agus beannacht” ag a chéile annsain go ceann tamaillín eile, agus chuaidh gach duine a bhealach féin abhaile ag machtnamh go geanamhail ar fheabhas 's caitheamh an lae, agus ag guidhe Dé mórán laethannta sóghmhara mar é a bheith fós aige féin agus ag Sliocht na nGaedhil go léir ar thalamh glas na Féinne. Mícheál Breathnach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services