Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Connradh na Gaedhilge Lúnnduin

Title
Connradh na Gaedhilge Lúnnduin
Author(s)
Breathnach, Mícheál,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Connradh na Gaedhilge Lúnnduin



Bhí Seilg bhreágh shultmhar thaithneamhach againn annso
go Coill Mhór Epping Dia Domhnaigh, an seachtmhadh lá
do'n mhí seo. Bhí an lá go háluinn ar fad agus chomh
sásamhail 's d'fhéadfadh aon'ne iarraidh. Bhí gairm-
sgoile curtha amach le seachtmhain roimhe sin na Gaedhil
go léir a bheith bailighthe i dteannta a chéile ag
Stáisiún mór Libherpúl dhá fhichead nóiméad thar éis
an dó, le sguabadh go Chingford ar an gcarbad
teintreach, agus as sin le triall isteach thrí Choill
Mhóir Epping le lá aoibhinn a chaitheamh le sinnce
áluinn greann 's ceól ar thulcháin' éarach, gleanntaibh
feárach, agus cumair ghlasa mhíne na coille. Ní raibh
uatha acht an tuairisg, agus mar sin is neamh-
fhoighdneach a bhíomar ag feitheamh leis an Domhnach ar
feadh na seachtmhaine. Is iomdha Paidir agus Cré a
dúbhradh go dúthrachtach ag iarraidh ar Dhia deagh-lá a
thabhairt do na Gaedhilibh, agus — míle altughadh leis
Féin! — níor dhearmad Sé ár n-athchuinge, mar ar
éirighe amach dúinn ar maidin nach bródamhail
croidheamhail a bhíomar nuair a chonnaicmíd le lúthgháir
go raibh an smúit sgaipthe, an spéir go breágh glan, &
an ghrian ag lonnrughadh go soillseach os cionn
“Chathair Mhóir an Phréacháin” — sgéal gur corr-uair a
bhíos sé le rádh ag deóraidhe Gaedhealach 'sa' gcathair
seo. Is áthasach croidheamhail a trialladar ó gach
ceanntar do'n chathair, agus ag an áit a bhí ceapuighthe
dúinn 'seadh do bhíomar cruinnighthe in aon phlód mór
amháin an t-am a bhí ceaptha. Sin é an áit 'na raibh
na Gaedhil dhílse le feiceál go meangamhail fáilteach
— idir bhuachaillibh & cailínibh. Bhí sólás i ngach croidhe
agus cosamhlacht suaircis ar gach gnúis Ghaedhealaigh
do réir mar bhíodar ag líonadh isteach 'sa' tréan.
Bhí 'n-ár measg ag an Seilg an t-Athair Ua Duinnín,
Tomás Ua Conceannain, an Timthire, Donnchadh Ó
Mangáin ó Chonndae na Gaillimhe, agus an bheirt bhan
uasal, Máire agus Eibhlín Ní Mháille ó'n gConndae
céadna. Ar ndóigh go deimhin ní bréag go raibh áthas
ar na Sealgairibh go léir aithne 'gus eólas a chur orra.
Bhí gar go dhá chéad i láthair, a bhfurmhór na mbuachaillibh
suairceacha & na gcailínibh sgiamhacha spéireamhail. Bhí
Fionán Mac Coluim mar Árd-Thaoiseach agus mar
threóruidhe cliste sgafánta don fuireann go léir
thrí bhealaighibh aimhreasacha na coille. Bhí rinncí againn
i ngleanntáinín mín féarach sul mar bhí an tae ag
teasdáil a thug mórán suilte agus croidhe dhúinn, agus
dearbhthuighim chomh fada & theidheas mo bhreitheamhnas i
rinncibh Gaedhealacha gur breágh taithneamhach agus gur
luthmhar éadtrom deas mar dhamhsaidh siad an cúrsa
an lá úd. Bhí an Réidhteach, Oide Rinnce, 'sa láthair
ghá sgrúdadh go grinn fad 's bhíodar ag rinnce, agus
ba chosamhail go raibh sé lán tsásta le na chuid
sgoláiribh. Thar éis cúpla bodhta maith rinnce d'imthigh
linn arís, agus ní dheárnamar sgith ná stad gur
shroicheamar an “Stad” 'sa' gcoill — áit ólta an tae
& áit na caismirte. Bhí an seómra mór fada líonta
go béal an dorais le Gaedhealaibh, & goile maith aca
go léir thar éis sealgaireacht an lae. Ní raibh deabhadh
ná deithneas orainn nó gur chuirmíd coisg leis an tart
agus leis an ocras. Rinneamar ar an “Stad” arís
a bhí i bhfad uainn, agus ní i ngar dúinn. D'fhanamar
annsain ag rinnce, ag gabháil fhuinn, ag cómhradh, &c.,
nó go raibh deireadh 'gus deóin an lae ag teacht. Bhí
ceól go fairsing againn ann ó bhuachaill aibidh ceólmhar
atá go cliste ar an bhfídeóig agus ar an bheidhil. Thug
an tAthair Ua Duinnín agus Tomás Ua Conceanainn
oráideacha dúinn i nGaedhilge le tuitim ceó na
hoidhche, agus thar éis sin d'imthighmíd ar ár gcois-
céim, agus leanmuid an ród go díreach go méidhreach
groidhe nó gur shroicheamar port na tréanach arís.
Bhuailmíd isteach 'sa tréan gan mhoill, gach duine
sásta le aisdear an lae chomh maith 's dá mbeadh
fiadh allta no torc marbhuighthe aige. Bhí greann
go leór againn deirim libh, amhráin, ceólta, agus
siamsa ag teacht ar ais dúinn nó gur sroichea-
mar ceart lár na cathrach. D'fhágmuid “Slán agus
beannacht” ag a chéile annsain go ceann tamaillín
eile, agus chuaidh gach duine a bhealach féin abhaile ag
machtnamh go geanamhail ar fheabhas 's caitheamh an lae,
agus ag guidhe Dé mórán laethannta sóghmhara mar é
a bheith fós aige féin agus ag Sliocht na nGaedhil go
léir ar thalamh glas na Féinne.



Mícheál Breathnach.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services