Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Caipín an Amadáin
Title
Caipín an Amadáin
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Seacht-mhí 13, 1902 Caipín an Amadáin Nílimid ar éan-intinn le “A Donegal Pedagogue” amach is amach, insan litir a sgríobh sé ar an Siadhalach & ar an Dochartach — na máighistrí sgoile a thug aghaidh ar an Timthire lena dhíbirt amach as an tír le amharc éan-tsúile nó le rolla caipín amadáin. Nach deas feileamhnach an t-ainm atá ar an ngléas do thóghadar lena dhíbirt — rolla caipín amadáin! Acht nuair deir “A Donegal Pedagogue” nach cóir a bheith ag caitheamh cainnte leó, ní thigimid leis san méid sin. Ceapann an cúpla so go ndearnadh éagcóir orra, & má rinneadh badh cheart dóibh sásamh d'fhagháil; mura ndearnadh is iad-san atá as bealach. Sgríobh Mac Uí Shiadhail litir chugainn tamall ó shoin ag gearán ar an Timthire fá rádh is go dtiocfadh sé isteach chun a sgoile-sean ag cur tuairisge fá dtaoibh do'n Ghaedhilg. Chualamar ó shoin go bhfuair an Siadhalach cungnamh ó shagart áirithe an litir sin a chur le chéile, acht níl fhios againn an fíor bréag an méid sin. Ar nós ar bith ní bhéarfadh an máighistir sgoile seo puinn eólais do'n Timthire fá'n nGaedhilg ina sgoil. D'innis an Timthire an sgéal insan bpáipéar, & annsin bhíodhg an Siadhalach, & thosuigh sé ar ghiúin clamhsáin, mar dhéanfadh phrimpiolán, & ag imtheacht ó áit go háit, mar bheadh ceannaidhe mála ag cuartughadh a chodach, ar lorg máighistrí sgoile a chuideóchaidh leis le gubán a chur ar Thomás Ua Con- cheanainn. Sin é an chaoi bhfuil an sgéal soin. Anois ní hé amháin go bhfuil sé do cheart ag an Timthire tuairisg d'fhagháil ar an nGaedhilg ó mhaighis- tiribh sgoile, acht tá sé d'oibliogáid air a dhéanamh, & níor eitigh leath-doiséine máighistrí sgoile é fá'n eólas soin go nuige seo. Is dóigh linne go bhfuil an Diadhalach so ag leigeann leis féin rud beag le chois an iomarca, & nár mhisde dá Stiúrthóir breathnughadh 'na dhiaidh, & fios d'fhagháil uaidh an mian leis an Ghaedhilg a mhúnadh i gceart ina sgoil nó muna mian. Tá stáid na teangadh ró-láidir anois le go nglac- faidhe le seafóid ó sheóinínibh, ná ó dhaoinibh a bhfuil cúram orra oideachas a thabhairt d'aos óg na hÉireann. Má chuir an fear so spreamhas & pus ar féin fá rádh is go gcuirfidhe ceist air fá dtaoibh do mhúnadh na Gaedhilge do pháisdibh a sgoile, is mithid do'n Stiúrthóir, dar linn, gan an t-oideachas bréige do leigeann níos fuide ar aghaidh. An bhféadfaidhe a leithéid do sgéal d'chloistin ó thír ar bith eile ar dhruim an domhain & bhí ag an Timthire fá'n bpáisde nach raibh fhios aige cad é “a drop of rain,” acht do thuig go sár-mhaith cé an bhrígh le “braon fear- thainne”? Sé an náire shaoghalta é go mbéadh a leithéid do sgéal i nÉirinn féin, & tá súil againn nach leigfidh an Stiúrthóir a cheann níos fuide le oideachas do'n tsórt soin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services