Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caipín an Amadáin

Title
Caipín an Amadáin
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Seacht-mhí 13, 1902



Caipín an Amadáin



Nílimid ar éan-intinn le “A Donegal Pedagogue”
amach is amach, insan litir a sgríobh sé ar an Siadhalach
& ar an Dochartach — na máighistrí sgoile a thug aghaidh
ar an Timthire lena dhíbirt amach as an tír le amharc
éan-tsúile nó le rolla caipín amadáin. Nach deas
feileamhnach an t-ainm atá ar an ngléas do thóghadar
lena dhíbirt — rolla caipín amadáin! Acht nuair deir
“A Donegal Pedagogue” nach cóir a bheith ag caitheamh
cainnte leó, ní thigimid leis san méid sin. Ceapann
an cúpla so go ndearnadh éagcóir orra, & má rinneadh
badh cheart dóibh sásamh d'fhagháil; mura ndearnadh is
iad-san atá as bealach. Sgríobh Mac Uí Shiadhail litir
chugainn tamall ó shoin ag gearán ar an Timthire fá
rádh is go dtiocfadh sé isteach chun a sgoile-sean ag
cur tuairisge fá dtaoibh do'n Ghaedhilg. Chualamar ó
shoin go bhfuair an Siadhalach cungnamh ó shagart áirithe
an litir sin a chur le chéile, acht níl fhios againn an fíor
bréag an méid sin. Ar nós ar bith ní bhéarfadh an
máighistir sgoile seo puinn eólais do'n Timthire fá'n
nGaedhilg ina sgoil. D'innis an Timthire an sgéal
insan bpáipéar, & annsin bhíodhg an Siadhalach, & thosuigh
sé ar ghiúin clamhsáin, mar dhéanfadh phrimpiolán, & ag
imtheacht ó áit go háit, mar bheadh ceannaidhe mála
ag cuartughadh a chodach, ar lorg máighistrí sgoile a
chuideóchaidh leis le gubán a chur ar Thomás Ua Con-
cheanainn. Sin é an chaoi bhfuil an sgéal soin.



Anois ní hé amháin go bhfuil sé do cheart ag an
Timthire tuairisg d'fhagháil ar an nGaedhilg ó mhaighis-
tiribh sgoile, acht tá sé d'oibliogáid air a dhéanamh, &
níor eitigh leath-doiséine máighistrí sgoile é fá'n
eólas soin go nuige seo. Is dóigh linne go bhfuil an
Diadhalach so ag leigeann leis féin rud beag le chois
an iomarca, & nár mhisde dá Stiúrthóir breathnughadh
'na dhiaidh, & fios d'fhagháil uaidh an mian leis an
Ghaedhilg a mhúnadh i gceart ina sgoil nó muna mian.
Tá stáid na teangadh ró-láidir anois le go nglac-
faidhe le seafóid ó sheóinínibh, ná ó dhaoinibh a bhfuil
cúram orra oideachas a thabhairt d'aos óg na
hÉireann. Má chuir an fear so spreamhas & pus ar
féin fá rádh is go gcuirfidhe ceist air fá dtaoibh do
mhúnadh na Gaedhilge do pháisdibh a sgoile, is mithid
do'n Stiúrthóir, dar linn, gan an t-oideachas bréige
do leigeann níos fuide ar aghaidh. An bhféadfaidhe a
leithéid do sgéal d'chloistin ó thír ar bith eile ar
dhruim an domhain & bhí ag an Timthire fá'n bpáisde
nach raibh fhios aige cad é “a drop of rain,” acht do
thuig go sár-mhaith cé an bhrígh le “braon fear-
thainne”? Sé an náire shaoghalta é go mbéadh a leithéid
do sgéal i nÉirinn féin, & tá súil againn nach leigfidh
an Stiúrthóir a cheann níos fuide le oideachas do'n
tsórt soin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services