Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Iománuigheacht i gConndae Phortláirge
Title
Iománuigheacht i gConndae Phortláirge
Author(s)
Ua Míodhcháin, Liam,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Iománuigheacht i gConndae Phortláirge. Seachtmhain go Domhnach so ghabh thorainn bhí an-bháire iománuigheacht idir mhuinntir Dhomhn-Gharbháin & mhuinn- tir Chluain-fhiadh i nDar-uath, timcheall leath-slighe idir Dhomhn-Gharbháin & Cill-Mhac Thomáisín. Bhí mór-chuid daoine bailighthe ann, is fada roimhe sin ó lámhuigheadh an camán ins an taobh san de'n dúthaigh. Dá dheasgadh san níor bh'é an iongnadh gur thángadar ann 'na sluaidhtibh idir bheag 's mhór, óg 's aosta. Timcheall leath nuair tar éis a trí thosnuigheadar ag bailiughadh isteach, & i gceann leath huaire bhí an pháirc breac go leór & is rí-dheas a bhí sé leagtha amach i gcómhair an chomhraic. Níor bh'fhada dhúinn ag feitheamh nuair a tháinig na fir amach, cóirighthe go canta agus is iad a fhéach go cruaidh, liomhtha, bríoghmhar, bhí muinntir na tuaithe i bhfad níos truime & níos toirteamhla 'ná muinntir an Bhaile-mhóir, acht ní rabhadar chomh luathmhar ná chomh glic ar fad. Thimcheall leath-huair tar éis a ceathair bhí gach a' rud ullamh chum tosnughadh. Ba é Mac Ní Bhreathnuigh ó Phortláirge bhí mar mholtóir orra, & tar éis roinnt beag comhairle a thabhairt dóibh thug sé teine dho'n sop agus annsan a thosnuigh an gleó. Ar fead an chéad leath-huair ba dheacair a rádh cia aca taobh a gheóbadh an lámh uachtarach mar ní túisge bhíodh an liathróid i mbeárna an bhaoghail ag taobh ná curtaidhe i ndiaidh a gcúil arís iad & b'éigin dóibh filleadh go mear & a mbeárna féin a chosaint. Geallaim duit ná raibh mórán uain aca ar a n-anáil a tharraint. Tar éis iompódh dhóibh ba é an cleas céadna é, ní túisge bhíodh sí thoir ná bhíodh sí thiar aris acht sá' deireadh thiar thall chuir muinntir na tuaithe bháire orra agus mar an raibh liúirigh agus léimnigh ar fuaid na páirce ní lá fós é. Annsan is eadh luigheadar isteach chum na hoibre í ndá ríribh, a dhóigh le duine go sguabfaidís na cinn de'n ag chéile, bhí a leithéid sin do fhaobhar fútha, mheasfá gur cuireadh an dara anam in gach aon mhac máthar aca, acht theip ar mhuinntir Dhomhn-Gharbháin teacht suas leó. Ar shon nás thugadar an lá leó níor bh'fhiú trumpa gan teanga an méid a bhí eatorra. Is minic riamh a airigheas, “An té mbíonn an rath ar maidin air bíonn sé um thráthnóna air,” 's is deallramhach gur ar an dream eile a thuit sé an mhaidean so. Tar éis sgur dóibh bhí gach taobh sásta go leór le'n mhargadh, go deimhin is go dearbhtha ní bhfuigheadh a mhalairt do sgéal a bheith aca, mar ní raibh an oiread is “thugais t-éitheach” eatorra ó thosach go deireadh. Is soth liom a rádh nach as gach aon áit a gheóbhfaoi an teistiméireacht so.
Do réir tuairisge, is ag dul i ndonacht atá an sgéal ó bhliadhain go bliadhain, & mar an rud é go gcuirfear faoi chois an sparnaighil 's an t-achrann is baoghalach nó sleamhanóchaidh na cluichí Gallda isteach i gan fhios dúinn, agus dála an Bhéarla má shocruigheann siad 'nár measg béidh obair a ndíbirt. Is maith liom a innsint daoibh go bhfuiltear ag déanamh iarracht láidir anois ar fuaid na Conndae seo chun iománuigh- eacht a aithbheodhughadh arís, ar shon nach bhfuil siad ró-chliste fós, nídh nach iongnadh, mar nach bhfuil taithighe a ndóthain aca ar an obair; tá súil agam sul i bhfad go dtabharfaidh siad cunntas maith uatha féin. Pé'r sa domhan de 'tá aon lucht amháin le fagháil agam ar chruinniughadh an Domhnaigh úd, sé sin an luighead Gaedhilge a airigheas dá labhairt ann, & ní le aineólas uirri é, mar chomh fada le'm thuairim ní raibh dá-fhichid duine sa choimh-thionól ná raibh sí 'na phluic aige go blasta, acht is dócha nár cuireadh i n-umhail dóibh fós go raibh sí ag teacht i bhfaisoin arís. Bhí an báire Gaedhealach go leór dúinn, pé 'n-Éirinn é, dá mbéimís a daoth leis, acht ní rabhamair, mar a bhí annsúd againn “Fear na méaracháin,” lucht “Trick of the loop” & lucht triceanna nach iad. Is dóigh liom an lá ba threise riamh ar Aonach Bheárna na Gaoithe nach mbeadh mórán breis aige ar an lá so, maidir le gleó de'n tsórt so, deir siad gur iomdha saghas duine á iomchur ag an talamh, agus is fíor é leis. Caithfidh gach aoinne a chéird féin a leanamhaint chun maireachtain a fhagháil ar an saoghal so, sin í a gcéird- sean, & ní mór liom dóibh í. Pé aca maith nó olc iad badh mhaith liom go leór laetheanta mar é a fheicsint ar fuaid na tíre, acht ní le báidh le fear-na-méaracán ná an chuid eile dá threibh é. 'Liam Ua Míodhcháin
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services