Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Iománuigheacht i gConndae Phortláirge

Title
Iománuigheacht i gConndae Phortláirge
Author(s)
Ua Míodhcháin, Liam,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Iománuigheacht i gConndae Phortláirge.



Seachtmhain go Domhnach so ghabh thorainn bhí an-bháire
iománuigheacht idir mhuinntir Dhomhn-Gharbháin & mhuinn-
tir Chluain-fhiadh i nDar-uath, timcheall leath-slighe idir
Dhomhn-Gharbháin & Cill-Mhac Thomáisín. Bhí mór-chuid
daoine bailighthe ann, is fada roimhe sin ó lámhuigheadh
an camán ins an taobh san de'n dúthaigh. Dá dheasgadh
san níor bh'é an iongnadh gur thángadar ann 'na
sluaidhtibh idir bheag 's mhór, óg 's aosta. Timcheall
leath nuair tar éis a trí thosnuigheadar ag bailiughadh
isteach, & i gceann leath huaire bhí an pháirc breac go
leór & is rí-dheas a bhí sé leagtha amach i gcómhair an
chomhraic. Níor bh'fhada dhúinn ag feitheamh nuair a
tháinig na fir amach, cóirighthe go canta agus is iad a
fhéach go cruaidh, liomhtha, bríoghmhar, bhí muinntir na
tuaithe i bhfad níos truime & níos toirteamhla 'ná
muinntir an Bhaile-mhóir, acht ní rabhadar chomh luathmhar
ná chomh glic ar fad. Thimcheall leath-huair tar éis a
ceathair bhí gach a' rud ullamh chum tosnughadh. Ba é
Mac Ní Bhreathnuigh ó Phortláirge bhí mar mholtóir
orra, & tar éis roinnt beag comhairle a thabhairt dóibh
thug sé teine dho'n sop agus annsan a thosnuigh an
gleó. Ar fead an chéad leath-huair ba dheacair a
rádh cia aca taobh a gheóbadh an lámh uachtarach mar ní
túisge bhíodh an liathróid i mbeárna an bhaoghail ag
taobh ná curtaidhe i ndiaidh a gcúil arís iad & b'éigin
dóibh filleadh go mear & a mbeárna féin a chosaint.
Geallaim duit ná raibh mórán uain aca ar a n-anáil a
tharraint. Tar éis iompódh dhóibh ba é an cleas
céadna é, ní túisge bhíodh sí thoir ná bhíodh sí thiar aris
acht sá' deireadh thiar thall chuir muinntir na tuaithe
bháire orra agus mar an raibh liúirigh agus léimnigh
ar fuaid na páirce ní lá fós é. Annsan is eadh
luigheadar isteach chum na hoibre í ndá ríribh,
a dhóigh le duine go sguabfaidís na cinn de'n ag
chéile, bhí a leithéid sin do fhaobhar fútha, mheasfá gur
cuireadh an dara anam in gach aon mhac máthar aca,
acht theip ar mhuinntir Dhomhn-Gharbháin teacht suas leó.
Ar shon nás thugadar an lá leó níor bh'fhiú trumpa
gan teanga an méid a bhí eatorra. Is minic riamh a
airigheas, “An té mbíonn an rath ar maidin air bíonn
sé um thráthnóna air,” 's is deallramhach gur ar an
dream eile a thuit sé an mhaidean so. Tar éis sgur
dóibh bhí gach taobh sásta go leór le'n mhargadh, go
deimhin is go dearbhtha ní bhfuigheadh a mhalairt do sgéal
a bheith aca, mar ní raibh an oiread is “thugais t-éitheach”
eatorra ó thosach go deireadh. Is soth liom a rádh
nach as gach aon áit a gheóbhfaoi an teistiméireacht so.


L. 439


Do réir tuairisge, is ag dul i ndonacht atá an sgéal
ó bhliadhain go bliadhain, & mar an rud é go gcuirfear
faoi chois an sparnaighil 's an t-achrann is baoghalach
nó sleamhanóchaidh na cluichí Gallda isteach i gan fhios
dúinn, agus dála an Bhéarla má shocruigheann siad
'nár measg béidh obair a ndíbirt. Is maith liom a
innsint daoibh go bhfuiltear ag déanamh iarracht
láidir anois ar fuaid na Conndae seo chun iománuigh-
eacht a aithbheodhughadh arís, ar shon nach bhfuil siad
ró-chliste fós, nídh nach iongnadh, mar nach bhfuil taithighe
a ndóthain aca ar an obair; tá súil agam sul i bhfad
go dtabharfaidh siad cunntas maith uatha féin. Pé'r
sa domhan de 'tá aon lucht amháin le fagháil agam ar
chruinniughadh an Domhnaigh úd, sé sin an luighead
Gaedhilge a airigheas dá labhairt ann, & ní le aineólas
uirri é, mar chomh fada le'm thuairim ní raibh dá-fhichid
duine sa choimh-thionól ná raibh sí 'na phluic aige go
blasta, acht is dócha nár cuireadh i n-umhail dóibh fós
go raibh sí ag teacht i bhfaisoin arís. Bhí an báire
Gaedhealach go leór dúinn, pé 'n-Éirinn é, dá mbéimís
a daoth leis, acht ní rabhamair, mar a bhí annsúd
againn “Fear na méaracháin,” lucht “Trick of the
loop” & lucht triceanna nach iad. Is dóigh liom
an lá ba threise riamh ar Aonach Bheárna na Gaoithe
nach mbeadh mórán breis aige ar an lá so, maidir
le gleó de'n tsórt so, deir siad gur iomdha saghas
duine á iomchur ag an talamh, agus is fíor é leis.
Caithfidh gach aoinne a chéird féin a leanamhaint chun
maireachtain a fhagháil ar an saoghal so, sin í a gcéird-
sean, & ní mór liom dóibh í. Pé aca maith nó olc iad
badh mhaith liom go leór laetheanta mar é a fheicsint ar
fuaid na tíre, acht ní le báidh le fear-na-méaracán ná
an chuid eile dá threibh é.



'Liam Ua Míodhcháin

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services