Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis na Mumhan
Title
Feis na Mumhan
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Seacht-mhí 6, 1902 Feis na Mumhan Do bhuaigh feis so na Mumhan ar gach a ndeachaidh roimpi fós. D'éirigh an croidhe Gaedhealach atá insan gcúigeadh, bhíodhg sé le meidhir & le fuinneamh. Ó Phortláirge go conndae an Chláir do chruinnigheadar isteach go Corcaigh i n-imtheacht laetheannta na feise & bhí áthas & sástuigheacht ar gach éinneach fa fheabhas & bhí an Ghaedhilg aige féin, nó aici féin, & ag gach éinneach eile. Deir siad nach raibh an fheis seo chomh maith, ar mhodh, le ceann na bliadhna i n-uraidh, agus deirtear leis, go bhfuil an t-uathbhás seóiníní i gcathair Chorcaighe, acht bíodh soin mar sin nó ná bíodh, tá an teanga Ghaedhilge & spiorad na Gaedhealtachta ag neartughadh & ag dul un treise i gcúigeadh Mumhan. Ó Chláir na hOibre (do bhí go léir i nGaedhilg) go dtí an Oráideacht, ó “An Spríd” go dtí canamhaint na bpáisdí, bhí cosamhlacht go rabhthas ag dul 'un cinn. Chítear dhúinn gur maith a rinne lucht Stiúrtha na Feise é agus an clár do chur go hiomlán i nGaedhilg. Do- chífeá daoine ag sméarthacht thríd, nuair a bhí gabhadh aca leis, & iad ag fiarfughadh céard é seo, & céard é siúd. Tá cathughadh mór i ndiaidh an Bhéarla imeasg na nGaedhilgeóirí féin, & nuair atá beirt nó triúr aca ag cainnt le na chéile & a leithéid seo do chlár aca ní smaoineogh siad ar chomhrádh do dhéanamh i mBéarla. D'arduigh Clár na hOibre an inntinn ar fad ó Ghalldacht. Acht sé “An Spríd” an rud do b'fhearr a bhí ann, & má sé dar linn gurab iad Fuireann a Imeartha ó Mhuigh Chromdha do chuir an feabhas air. Badh bheag an mhaith gach ar chuir an tAthair Peadar i mbéal an táilliúra — cuir i gcás — muna mbéadh an táilliúr ábalta ar an sult a chur ann é féin. Má chailleann an táilliúr a cheird le táilliúreacht go deó, tá ceird aige má théigheann sé ar an árdán i gcleasaidheacht dramanna. Bhí sé ina chláiríneach ins “An Sprid,” & thairis sin féin bhí beart deacair le n-imirt aige. Nuair a fágadh ag an roilig é, & tháinig “An Sprid” air, mar shíl sé, thainig sgannradh an tsaoghail láimhe air. Bhí sé tamall ag cainnt, & é ag creathadh le heagla, acht ar iompódh thairis dó nuair a chuir “Domhnaill Mór” turaic lena mhaide ann, chonnaic sé nach raibh ann acht na comhursanna & ar an toirt boise leig sé air féin nach raibh sé acht ag léigeann sgannradh air, & nach sgannradh bhí i n-éan chor air acht gleacaidheacht. Ní raibh duine ar do'n fhuireann nach ndeachaidh tré n-a chuid féin do'n drama go clisde nádúrdha, & is dóigh linn dhá dtéighdís ar fud na hÉireann leis “An Sprid,” go mb'fhearra-de iad féin & an Ghaedhilg é. Tá súil againn go mbéidh an chéad drama eile do sgríobhas an tAthair Peadar sáthach fada le áirneáin na hoidhche bhaint as. Is rud úr-nua é an Sgoruidheacht i dtigh “Thórna”, & rud maith leis. Is sean-ghnás é na daoine a chur ar an árdán i 'na n-aonar, ag gabháil fhuinn, ag cainnt, agus ag ringce, acht is fearr mar so é — mar bhí an Sgoruidheacht so. Ní hé gach éan duine a mbíonn taithighthe aige ar labhairt le bhailiughadh daoine ar a aghaidh féin, acht is beag duine riamh nach ndeachaidh ar cuairt i dtigh an comhursan & d'fhéadfadh sé labhairt annsin “gan mhairg gan chíoch,” gan chúiseamhlacht. Do chuir teach “Thórna” an chuairt i gcuimhne dhóibh, agus shílfeá go raibh Aithriseóireacht mar cheird ag an mbuachaill do thug an aithris ar an bpucaire Seaghán Buidhe. Níl baoghal nach gcloisfear uaidh-sean fós, má mhaireann sé. Do bhí óig-bhean mhaiseach ann as Dún Garbháin, Nóra Nic Fhlannchadha, agus bhí guth an amhráin thar bharr aici. Ní neamh-chosmhail a guth le guth Mhairghéad Ní hAnnagáin. Cé go raibh a lán Béarla 'ghá labhairt ó am go ham, ba mhaith an chosamhlacht é go mba náireach le duine í labhairt. Bhí sgata páisdí ag imirt lena chéile i gcúinne an halla nuair a bhí an Fheis thart lá, & is Gaedhilg a bhíodar a labhairt. Ní raibh duine ar bith ag cur chúca ná uatha, & bhíodar annsin ag cainnt uatha féin, & ag imirt i muinighin a gcroidhe. Muna ndéan- fadh Feis na Mumhan dada eile acht an spiorad do chuir na páisdí sin ag cainnt Ghaedhilge do mhúsgailt bheadh cúis áthais ag lucht a stiúrtha. Go méaduighidh Dia a gcúis áthais an t-am so arís.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services