An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Seacht-mhí 6, 1902
Feis na Mumhan
Do bhuaigh feis so na Mumhan ar gach a ndeachaidh
roimpi fós. D'éirigh an croidhe Gaedhealach atá insan
gcúigeadh, bhíodhg sé le meidhir & le fuinneamh. Ó
Phortláirge go conndae an Chláir do chruinnigheadar
isteach go Corcaigh i n-imtheacht laetheannta na feise
& bhí áthas & sástuigheacht ar gach éinneach fa fheabhas &
bhí an Ghaedhilg aige féin, nó aici féin, & ag gach
éinneach eile. Deir siad nach raibh an fheis seo chomh
maith, ar mhodh, le ceann na bliadhna i n-uraidh, agus
deirtear leis, go bhfuil an t-uathbhás seóiníní i gcathair
Chorcaighe, acht bíodh soin mar sin nó ná bíodh, tá an
teanga Ghaedhilge & spiorad na Gaedhealtachta ag
neartughadh & ag dul un treise i gcúigeadh Mumhan.
Ó Chláir na hOibre (do bhí go léir i nGaedhilg) go dtí
an Oráideacht, ó “An Spríd” go dtí canamhaint na
bpáisdí, bhí cosamhlacht go rabhthas ag dul 'un cinn.
Chítear dhúinn gur maith a rinne lucht Stiúrtha na Feise
é agus an clár do chur go hiomlán i nGaedhilg. Do-
chífeá daoine ag sméarthacht thríd, nuair a bhí gabhadh aca
leis, & iad ag fiarfughadh céard é seo, & céard é siúd.
Tá cathughadh mór i ndiaidh an Bhéarla imeasg na
nGaedhilgeóirí féin, & nuair atá beirt nó triúr aca
ag cainnt le na chéile & a leithéid seo do chlár aca ní
smaoineogh siad ar chomhrádh do dhéanamh i mBéarla.
D'arduigh Clár na hOibre an inntinn ar fad ó
Ghalldacht.
Acht sé “An Spríd” an rud do b'fhearr a bhí ann, &
má sé dar linn gurab iad Fuireann a Imeartha ó Mhuigh
Chromdha do chuir an feabhas air. Badh bheag an mhaith
gach ar chuir an tAthair Peadar i mbéal an táilliúra
— cuir i gcás — muna mbéadh an táilliúr ábalta ar an
sult a chur ann é féin. Má chailleann an táilliúr a
cheird le táilliúreacht go deó, tá ceird aige má
théigheann sé ar an árdán i gcleasaidheacht dramanna.
Bhí sé ina chláiríneach ins “An Sprid,” & thairis sin
féin bhí beart deacair le n-imirt aige. Nuair a
fágadh ag an roilig é, & tháinig “An Sprid” air, mar
shíl sé, thainig sgannradh an tsaoghail láimhe air. Bhí
sé tamall ag cainnt, & é ag creathadh le heagla, acht
ar iompódh thairis dó nuair a chuir “Domhnaill Mór”
turaic lena mhaide ann, chonnaic sé nach raibh ann acht
na comhursanna & ar an toirt boise leig sé air féin
nach raibh sé acht ag léigeann sgannradh air, & nach
sgannradh bhí i n-éan chor air acht gleacaidheacht. Ní
raibh duine ar do'n fhuireann nach ndeachaidh tré n-a chuid
féin do'n drama go clisde nádúrdha, & is dóigh linn
dhá dtéighdís ar fud na hÉireann leis “An Sprid,”
go mb'fhearra-de iad féin & an Ghaedhilg é. Tá súil
againn go mbéidh an chéad drama eile do sgríobhas an
tAthair Peadar sáthach fada le áirneáin na hoidhche
bhaint as.
Is rud úr-nua é an Sgoruidheacht i dtigh “Thórna”, &
rud maith leis. Is sean-ghnás é na daoine a chur ar
an árdán i 'na n-aonar, ag gabháil fhuinn, ag cainnt,
agus ag ringce, acht is fearr mar so é — mar bhí an
Sgoruidheacht so. Ní hé gach éan duine a mbíonn
taithighthe aige ar labhairt le bhailiughadh daoine ar a
aghaidh féin, acht is beag duine riamh nach ndeachaidh ar
cuairt i dtigh an comhursan & d'fhéadfadh sé labhairt
annsin “gan mhairg gan chíoch,” gan chúiseamhlacht. Do
chuir teach “Thórna” an chuairt i gcuimhne dhóibh, agus
shílfeá go raibh Aithriseóireacht mar cheird ag an
mbuachaill do thug an aithris ar an bpucaire Seaghán
Buidhe. Níl baoghal nach gcloisfear uaidh-sean fós,
má mhaireann sé. Do bhí óig-bhean mhaiseach ann as
Dún Garbháin, Nóra Nic Fhlannchadha, agus bhí guth an
amhráin thar bharr aici. Ní neamh-chosmhail a guth le
guth Mhairghéad Ní hAnnagáin.
Cé go raibh a lán Béarla 'ghá labhairt ó am go ham,
ba mhaith an chosamhlacht é go mba náireach le duine í
labhairt. Bhí sgata páisdí ag imirt lena chéile i
gcúinne an halla nuair a bhí an Fheis thart lá, & is
Gaedhilg a bhíodar a labhairt. Ní raibh duine ar bith
ag cur chúca ná uatha, & bhíodar annsin ag cainnt uatha
féin, & ag imirt i muinighin a gcroidhe. Muna ndéan-
fadh Feis na Mumhan dada eile acht an spiorad do
chuir na páisdí sin ag cainnt Ghaedhilge do mhúsgailt
bheadh cúis áthais ag lucht a stiúrtha. Go méaduighidh
Dia a gcúis áthais an t-am so arís.