Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis Chiarraidhe
Title
Feis Chiarraidhe
Author(s)
Ó Ciabháin, Seaghán,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Feis Chiarraidhe I dtaobh na feise a bhí i gCiarraidhe an mhí seo ghabh thorainn, ní raibh aga againn puinn a sgríobhadh mar gheall uirri i nGaedhilg sa “Chlaidheamh Soluis” acht amháin beagán an tseachtmhain seo imthigh thorainn. Chun an chirt féin a thabhairt dos gach éinne, ní fhéad- faidhe a rádh ná go raibh sí go dian-mhaith. Bhí an dúthaigh féin d'iomadhthóiribh ann & an chuid is mó aca istigh ar gach aon tsaghas rud' bhí sa' chlár againn. Bhí na trí hálla air siubhal aca ó ná haon a chlog 'sa lá go dtí leath huair taréis a sé tráthnóna agus gach duine a' déanamh a dhíchill domhan bheith críochnuighthe i n-am gcomhair an chuirm-cheóil isd oidhche. Thógfadh sé i n-iomad aimsire uaim cur síos a dhéanamh ar na daoinibh seo bhuaigh na duaiseanna. Is dóigh liom ná bacfadh mé é leis mar bhí sé curtha síos i mBéarla cheana. Bhíos féin ag éisteacht leis na hamh- ráinibh na hóráideacha agus na sgéalta fiannaidheachta & go deimhin féin is go dearbhtha dhuit bhíodar go hana- mhaith. Dá bhfeicfeá na daoine críonna a' dul suas chum amhráin a thabhairt uatha agus faobhar an domhain fútha ar eagla go mbeidís deireannach, badh dóigh leat na beadh putóg i n-ao'chor ionnat acht croidhe ar rad. Mo léan chráidhte! is aca atá an Ghaedhilg go binn is go blasda; dá bhfeicfeá na súile air dearg-lasadh istigh 'na gceann, chuireadh sé áthas id' chroidhe. Nuair atá a leithéidí sin againn tá an cnámh uachtarach de Chonnradh na Gaedhilge linn gan amhras, saoghal fada chucha. Anois a' trácht thar na rinnceóirí. Bhíodar-san leis go maith is go ceart, acht 'mháin bhí easba taithighe orra acht ni bhéidh siad mar sin an chéad uair eile le cong- namh Dé. Maidir leis na páisdíbh ní raibh cur síos orra bhíodar chomh maith soin, chun gach aon nidh. Tá na Mná Riaghalta & na bhráithrí ar aigneadh obair mhaith a dhéanamh feasda & sidí an rud tá uainn. Bhí cuir-cheóil againn an oidhche úd & ní raibh aon nidh mar é i dTráigh-Laoi le cuimhne na ndaoine is sine sa' bhaile. Bhí an halla ró-bheag ar fad do'n mhéid daoine bhí d'iarraigh slighe fhagháilt istigh ann & chaitheadar dul abhaile arís. Bhí na rinnceóirí ó Luimneach ann & an t-imeartas úd cumhaghtha ag an Athair Pádraig Ua Duinnín go nglaoidhtí “an Tobar Draidheachta” air. Ní'l aon bhaoghal ná gur fhéad gach éinne an t-imeartas a leanamhuint go hana-fhuirisd fiú amháin na daoine ná raibh aon Ghaedhilg i n-ao'chor aca. Dá bhféadfaidís fuireacht go dtí an oidhche 'na dhiaidh bhéadh an tigh nó an halla lán arís. Is mór a' truaigh gan mórán againn mar an Athair Pádraig Ua Duinín, & an tAthair Peadair Ua Laoghaire & a thuilleadh ná fuil cuimhne agam ar a n-ainmneachaibh anois, acht is é mo thuairim go mbeidh siad againn sara fada. Tá súil nach fada uaim an t-am go mbéidh aga againn an bhuidhean úd d'fheicsint arís i dTráigh-Laoi go bhfágaidh Dia a saoghal agus a sláinte aca agus aige an té a chuir air bun iad. Bhí na rinnceóirí ó Luimneach go rí-mhaith, nidh nach iongnadh. Ní raibh a leithéidí i dTráigh-Laoi le mórán bliadhanta & is dóigh liom go mbéadh fonn mór ar na daoinibh iad fheicsin ann arís i gcionn tamaill. Go mbuaighidh Dia leo pé áit a raghaidh siad. Seaghán Ó Ciabháin
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services